Faigheann sé aitheantas ó Mhac Giolla Iasachta agus Seán de Bhulbh araon ina leabhair sloinnte, déantar tagairt dá leabhar i gcónaí nuair atáthar ag míniú Gaelachas sloinnte, ach, uaireanta ní shílim go bhfuair an sagart cúnta an t-aitheantas poiblí ceart dá shaothar fíor-thábhachtach ariamh.
An tUrramach Patrick Woulfe (nó Pádraig de Bhulbh, n'fheadar mé ar bhain sé úsáid as a shloinne seanGhall-Gaelach) atá i gceist agam ar ndóigh.
Seo a iontráil i ndaonáireamh 1911 nuair a bhí sé ag obair mar shagart cúnta i gCill Mocheallóg, agus é ag fanacht le hathair O'Shea.
Nach fíor le rá nach mbeadh tuiscint cheart ar bith againn i ndáiríre ar leaganacha dúchasacha ár sloinnte gan obair iontach an fhir seo?
Obair a rinne sé ina am saor .i. a laethanta saoire thar tréimhse fhada (25 mbliana) ag taistil timpeall na tíre (nó thall i Sasana) ag bailiú sloinnte .i. ag cur ceisteanna ar na Gaeil a bhí fós fágtha (in Éirinn agus i Sasana) le tuiscint dúchasach acu ar cé hiad féin agus cén leagan dúchasach a bhí ar a sloinnte "Béarlaithe".
Chuir sé a shaothar le chéile sa leabhar cáiliúil Sloinnte Gaedheal is Gall (1923)
Murach an obair seo ní bheadh Mac Giolla Iasachta in ann a leabhar a chur le chéile, nó, bheadh sé in ann é a chur le chéile ach ní bheadh gach sloinne clúdaithe, go háirithe na muintireacha agus clainne beaga nach bhfuair aon aitheantas ceart ó na hannálaithe, filí nó ollaimh ginealais ariamh.
Go bhfios domh níl aon leabhar beathaisnéise déanta ar an bhfear nó ar a eachtraí timpeall na tíre ag sábháil anam briste an náisiúin Ghaelaigh.
N'fheadar ach an oiread an bhfuil nótaí a shaothar fágtha aige ina dhiaidh, nó cín lae faoi na daoine ar chas sé leo agus na sonraí faoina nGaelachas a thug siad go fial dó?
Ba lámhscríbhinní chomh tábhachtach iad agus saothair na mbráithre .i. Tadhg an tsléibhe agus Cú Choigríche srl, nó clann Mhic Fhir Bhisigh fiú.
Cad a spreag sé chun dul i mbun na hoibre seo gan mholadh gan pháidh?
12 comments:
Mórtas cine agus scoláireachta, is dócha.
Is maith ann a leithéidí.
An bhfuil cóip dá leabhar agat?
Níl, fuair mé cóip ón leabharlann cúpla bhliain ó shin.
Cén fáth?
Nach bhfaca tú an nasc go Leabhair Ghoogle, Dennis? Tá cuid de ansin.
(Níl cóip agamsa ach oiread, ach tá cóip i Leabharlann na gClocha Liatha)
Tá sé ann go cinnte Aonghuis ach tá an chuid is fearr de ar iarraidh .i. an t-eolas faoi na sloinnte.
An bhfuil a fhios agaibh an bhfuil aon chuntais againn dá agallaimh leis na Gaeil
Thug mé súil ar an leabhar ar Leabhair Ghoogle. GRMA.
Ceisteanna iontacha múscailte agat! Is minic a shíl mé féin nach bhfuair an fear seo cothrom na Féinne. In am an leabhar a chur i gcló arís?
i 2007 i SAM a cuireadh an t-eagrán ag Google Books i gcló.
Ní raibh an leabhar sa leabharlann ag am lóin inniu. :(
@ Cailliomachas
An bhfuil aon eolas agatsa a Chailliomachais faoina nótaí nó aon chín lae srl?
In aon fhocal amháin, a Dhubhaltaigh: Níl. Ach tá eolas faoi in Beathaisnéis 3 agus nóta in Beathaisnéis 5 lch 285, a deir gur scríobh Caitríona Ciosóg (aon ghaol?) tráchtas air i 1990. Ní deir sé cén áit.
Go raibh maith agat a Chailliomachais.
Ceapaim go bhfuil sé an-ait go bhfuil muid chomh dhall ar fhear atá chomh thábhachtach don náisiún go cultúrtha
Post a Comment