Déardaoin, Deireadh Fómhair 15, 2009

M2009.10.12

Táim go hiomlán faoi dhraíocht, agus ní féidir liomsa é a mhíniú.
Amhrán do nerds le spéis sa chruinne atá ann sílim, agus os rud é gur nerd mé níl aon neart agam air ach éisteacht leis an amhrán seo thíos arís, agus arís agus arís eile.
Tá sé chomh iontach sin.
Spéisiúil, ómósach, greannmhar, aisteach, sícideileach.
Moladh go deo don cruthaitheoir a chur le chéile é.



Fuaireas é ar an mblag Breatnaise sin a chur Cailliomachas suas ar a bhlag.
Níl an fhís thuas ar You Tube ach ar feadh mí amháin agus tá beagnach milliún amharc air cheana!

Ach mura dtaitníonn sin leat beidh grá agatsa don cheann seo thíos;



Sílim go mbeadh sé go maith mar ghlao clog aláraim, feicfidh mé cad a deir an cailín.

5 comments:

Dennis King said...

Tá áthas orm ar aon nós gur faoi Dhallas atá do dhuine ag búiríl agus ní faoin socialist health plan.

Dubhaltach said...

sea, ach bheadh sin greannmhar freisin, "Tá an socialst health plan ag dul síos a Gharaidh..rááááááá..rááááááá"

Dennis King said...
This comment has been removed by the author.
Dennis King said...

An taispeántas is fearr liomsa i gcúrsaí spóirt ná an Haka a dhéananns na hAll Blacks, atá le feiceáil anseo agus in a lán físeanna eile ar YouTube.

Dubhaltach said...

'Sea, bíonn siad ar fheabhas. An bhfaca tú an t-am a d'imir siad in aghaidh na Mumhan?
http://www.youtube.com/watch?v=JJyhZ0xkhpQ
Rinne na Nua-Shéalannaigh ar an fhoireann é chomh maith.

Déarfainn i gcónaí é, dá mbeadh Haka ag na Gaeil nó aon ní dá leithéid bheadh sé caite uainne le fada an lá.