Dé Máirt, Deireadh Fómhair 13, 2009

M2009.10.10


Na Glasaigh - ar bualadh bob orthu? Sin í an cheist ar an nDruma Mór an tseachtain seo.
Na Glasaigh - ar bualadh bob orthu? Faoi láthair tá an phobalbhreith ag rá go gcreideann cúigear nár bhualadh bob orthu, a chréatúir.
Na Glasaigh - bualadh bob orthu. Má chreideann éinne faoin am seo nach bhfuil dara rogha ag an rialtas ach NAMA (mar atá sé) a chur i bhfeidhm tá bob buailte orthu.

An Pobal - ar bualadh bob orthu? Tá daoine chomh scanraithe roimh an gcúlú seo go bhfuil siad toilteanach aon ní a chuirtear faoina mbráid a slogadh siar. Táthar sa rialtas ag rá; níl dara rogha againn! Seo an t-aon chluiche ar an mbaile! Ní mór dúinn gníomh a dhéanamh a chinnteoidh go mbeadh creidmheas ar fáil sa chóras arís go luath.
An Pobal - bualadh bob orthu. Sílim go bhfaigheann an Pobal a n-eolas faoi cad is ceart is cóir agus ar a leas ó na nuachtáin a léann siad nó na cláracha reatha teilifíse is raidió a bhreathnaíonn siad. Agus mar gheall ar aineolas iriseoirí is tráchtairí sna meáin seo tá an pobal ag smaoineamh mar a smaoiníonn siadsan ar an raidió nó ar an teilifís .i, ní thuigim é seo, níor mhaith liom é a thuiscint, ach tuigim go bhfuil géarghá rud éigin a dhéanamh. Ergo glacfaidh mé le NAMA.

N'fheadar ar labhair Morgan Ó Ceallaigh ar an ábhar seo roimhe, ach seo an chéad uair a chonaic mé alt uaibh maidir le NAMA.
Faraor ní scríobhann Ó Ceallaigh agus a leithéidí do nuachtáin amhail an Sun, Sunday World, News of the World, The Star, Oirish Mail srl srl.

2 comments:

Mise Áine said...

Sé mo thuairim, a Dhubhaltaigh, nach bhfuil a fhios ag aon duine go cinnte céard a tharlóidh, ach go bhfuil a dtuairimí féin acu uile, nach dtiteann isteach le tuairimí a chéile! Do thuairim?

Dubhaltach said...

Tá a fhios go maith cad a tharlóidh, tarlaíonn áisíneachtaí dá leithéid timpeall an domhain i gcónaí chun bainc a shábháil óna ndroch-chinntí agus spéacláireacht.
Níl aon éiginnteacht ann seachas an méid atá an rialtas ag iarraidh a chothú ionas go mbeadh sé níos éasca an beart a bhrú isteach.

Mar sin, luíonn an argóint is mó le cé ba chóir a bheith ag iompar priacal an bhirt? Pobal na hÉireann agus an ghlúin le theacht? nó na Bainc? De ghnáth is iad na bainc a iompraíonn aon chaillteanas.
Nuair a thosaigh an díospóireacht ar an ábhar seo le linn an tsamhraidh bhí timpeall 5 nó 6 moladh dhifriúil ó NAMA mar atá beartaithe ag an Roinn Airgeadais, anois déarfainn go bhfuil beagnach 10 bplean dhifriúil ar fáil don rialtas a chinnteodh nach mbeadh pobal na hÉireann freagrach do pheacaí na mBanc. Agus dá mbeadh an pobal ag teacht i mbannaí ar na bainc go gcinnteodh go bhfuil an pobal in áit an tairbhe is mó a bhaint amach, amach anseo.
Chinnteodh na pleananna eile morálta seo go mbeadh córas baincéireachta folláin, leis.
Nílid sásta éisteacht, óir sna cásanna siúd bheadh sé ar an scairshealbhóir an caillteanas a iompar, agus bheadh gnáthscair sna bainc tugtha don sealbhóir bannaí, nó bheadh gnáthscair ag an bpobal sna bainc.
Cíbe cúis atá acu, nílid sásta cuir isteach ar na scairshealbhóirí, seans maith gur scairshealbhóirí iad féin.

Caithfidh mé a rá gur bhain sé gáire asam an chéad líne san IT ar maidin; "State expects Nama to pay taxpayer €5.5bn profit by 2020"

Ansin, stop an gáire sin, agus rith an fhírinne dom!
Seo tuar an rialtais faoi bhrabús a dhéanfaidh NAMA! Seo mar a fheiceann an Roinn Airgeadais é.
Nílim ag rá go bhfuil aon ní mícheart lena bhfigiúirí ach le rá go mbeadh gá le boilgeog thithíochta ollmhór arís chun an t-aisíoc sin a chinntiú.
Tá an Roinn ag rá go neamhbhalbh anseo go bhfuil gá le boilgeog réadmhaoine, fás i bpraghsanna tithe atá níos mó ná an boilgeog a ndeachaigh muid tríd. Ach tá an cluiche sin thart, ní féidir boilgeog réadmhaoine a atosú.

Tá muid focáilte i gceart más seo an plean is fearr ag an rialtas.

Feicim freisin ó phlean gnó NAMA nach bhfuil sé i gceist ag an Rialtas go n-íocfadh aon fhorbróirí aon ní ar a n-iasachtaí go dtí i ndiaidh 2012!!
Beidh an t-olltoghchán thart faoin am sin.
http://www.finance.gov.ie/documents/pressreleases/bl112.pdf (seachain sin pdf)

Sílim go bhfuil an anailís is fearr ar na figiúirí déanta ag Dr. Constantin Gurdgiev ó CnaT;
"The best scenario I get is a loss of €10.2bn. The worst one yield losses of €19.1bn"
http://trueeconomics.blogspot.com/2009/10/economics-15102009-nama-business-plan.html

Níl sa "€5.5bn profit" sin ón Aire ach bolscaireacht lofa bhréagach.