Dé Luain, Deireadh Fómhair 12, 2009

M2009.10.09

"...Is ciorcal gan tosach gan foirceann é an Tiarna a bhí ann i gcónaí agus a bheas ann i gcónaí agus a rinne na nithe sin go léir"

Beidh gá againn go léir an méid sin thuas a athcheapadh, óir níor chruthaigh Dia an domhan féin! Dar le léamh nua ar an seanthéacs Genesis, a rinne Ollamh Ellen van Wold.

Mar sin is dóigh gur tháinig Dia, chonaic Sé/Sí/Siad domhan le féidearthachtaí! "Is féidir linn rud a dhéanamh leis an áit seo"
Chruthaigh Sé/Sí/Siad sinne, sé sin le rá, ápaí le tuiscint agus cumas intinne níos fearr ná na hápaí eile dár leithéidí ar an domhan a fuair sé. Thug an cumas intinne seo buntáiste thar a bheith áisiúil dúinn agus cabhraigh sé lenár n-éabhlóid go dtí an pointe seo ina bhfuil an domhan á scriosadh againn go leanúnach.

Mar sin ón lá a chruthaigh Dia sinn ba mhic Dé sinn. Bímis inár n-ápaí ag siúl thar mhánna fairsinge na hAfraice ag lorg beatha nó ag feirmeoireacht ar chósta Mhaigh Eo Thuaidh, nó ag tógáil na bPirimidí, nó ag cur cogaidh, nó ag adhradh na gréine srl srl. mic Dé gach mac máthar againn.
Ón lá a chruthaíodh muid ba le Dia sinn. Deirtear linn go bhfuil grá aige dúinn, thar aon ní eile san Uile, agus tá spás sna flaithis romhainn i gcónaí.
Creideann muid go bhfuil ár seacht sinsear siar ann ag fanacht linn.
Ach má tá neamh ann an bhfuil gach "dhuine" ann ó chruthaigh Dia sinn?
Ón duine luath go dtí anois.

An bhfuil Ardi agus a muintir ann? Tá a fuil ionam, tá a fuil ionainn go léir, táim ag smaoineamh faoi na ceisteanna seo anois toisc gur mhair cúpla duine luath mar Ardi agus a clann.
Cruthaigh Dia Ardi, ina (n)(h)íomhá féin, más fíor an chéad líne ó Genesis. Mar sin ba chóir go mbeadh spás ann sna flaithis di agus a sinsir, leis.
Nó an ea mar a mhínigh mac Calprainn do mhac Fhinn nuair a tháinig sé ar ais i ndiaidh na Féinne .i. táid go léir, a shíolraigh roimh is i ndiaidh Chríost, á ndó in ifreann toisc nár Chríostaithe iad?

Beag an baol má tá aon choinsias ar bith ag Dia.
Ní leosan locht áit, cultúr nó bliain a mbreithe.

Ar chruthaigh Dia an Néandartálach, duine nár duine é, ach a shíolraigh ó ápaí le tuiscint agus cumas intinne maith .i. teanga, cultúr, ealaíon srl.? An bhfuil siad sna Flaithis leis?
An ea gur cruthaigh Dia eile an Néandartálach (nó a sinsear), agus tá neamh eile ann dóibh?
Más club eisceachtúil neamh s'againne tá seans ann go bhfuil clubanna eile ar fáil nach bhfuil chomh deacair cead isteach a fháil iontu!

Murar gcruthaigh Dia an Uile, mar a mhíníonn an leabhar maith, cé a chruthaigh Dia s'againne?
Cé sórt Dé atá ag Dia!

17 comments:

aonghus said...

Baineann sé le nadúr Dé nach bhfuil Dia Aige. De réir an chreidimh Chríostaí, ta castacht ann sa mhéid go bhfuil Trí Phearsa Ann. Maidir leis na ceisteanna eile a d'ardaigh tú, ní dóigh liom go raibh muid inár clann altrama ag Dia ó thús. B'shin toradh Chríost dúinn. Ach is casta an cheist i gcónaí.

Dennis King said...

Is suimiúil an teoiric atá ag Ellen van Wold faoi léamh na habairte sin. Leagan eile den mhiotas meánoirthearach ónar shíolraigh an scéal sa Bhíobla.

Is féidir go mbeadh suim agat sa leabhar nua seo, Adam's Tongue le Derek Bickerton, faoi éabhlóid na teanga ... agus bua ollmhór na cruthaitheachta atá againn.

Dubhaltach said...

Is dóigh nuair a fuair Críost bás ar an gcros mhaith Sé péacaí chuile "dhuine" ó na hápaí a chruthaigh Sé suas.
Ní oibríonn neamh mura bhfuil cead isteach ag cách, cuma cén creidimh, i mo thuairimse.

@Dennis.
Go raibh maith agat as an mholadh.
An-spéisiúil.
Ní fheiceann Bickerton aon difríocht nó idirdhealú idir ainmhithe agus daoine ó thaobh cumas intinne de!
Déarfainn go dtaispeánann ár gcumas teanga go bhfuil idirdhealú ollmhór eadrainn.

Is dóigh má thaispeánann tú nach bhfuil aon ní osnádúrtha le teanga agus an cumas machnaimh a thugann sé dúinn, is dóigh go mbréagnaíonn tú Dia, leis!

Dennis King said...

Ní fheiceann Bickerton aon difríocht nó idirdhealú idir ainmhithe agus daoine ó thaobh cumas intinne de! Ní dóigh liom go bhfuil sé sin cruinn -- go ndúirt sé é sin ar chor ar bith.

Dubhaltach said...

mo leithscéal, ba chóir go mbeadh an abairt sin ina ceist.
Feicim ó Amazon go bhfuil a mhalairt fíor:

"Language is unique to humans, but it isn’t the only thing that sets us apart from other species—our cognitive powers are qualitatively different. So could there be two separate discontinuities between humans and the rest of nature? No, says Bickerton; he shows how the mere possession of symbolic units—words—automatically opened a new and different cognitive universe, one that yielded novel innovations ranging from barbed arrowheads to the Apollo spacecraft"

aonghus said...

"Ní oibríonn neamh mura bhfuil cead isteach ag cách, cuma cén creidimh, i mo thuairimse"

Ní i do thuairim amháin. Sin é, mar shampla, teagasc na hEaglaise.

Féach, mar shampla, uimhreacha 846-848

Dubhaltach said...

Ach sin dóibh siúd atá go hiomlán aineolach don soiscéal, tá a lán daoine ann nach bhfuil aineolach do shoiscéal na Críostaíochta ach tá a gcreideamh féin acu atá chuile ní chomh cheart agus creideamh s'againne.

Má tá a fhios agat go bhfuil Críostaíocht ann agus mura n-athraíonn tú do chreideamh dá réir níl spás ann sna flaithis duit.
Sin mo léamh de.

aonghus said...

N'fheadar an bhfuil sé chomh simplí sin. Bun agus barr na flaithis - an nglacann tú le Grá Dé, an dtugann tú an deis Dó.

An pointe atá an an Eaglais ná, más eol duit go bhfuair Críost bás ar do shon, ach muna bhfuil tú sásta gníomhú dá réir, go bhfuil ceist ann faoi do thiomáinteacht Dó!

Tá níos mó i gceist ná fios a bheith agat gurbh ann don gCríostaíocht. Tá, tar éis an tsaoil, creideamh - gníomh - i gceist.

Dubhaltach said...
This comment has been removed by the author.
Dubhaltach said...

Tuigim an pointe á dhéanamh agat. Ach is dóigh go rabhas ag ceistiú an sórt Dé a bheadh sásta droim láimhe a thabhairt dá chlann toisc nach gcreideann siad i gCríost.
Agus má chruthaigh Sé chuile dhuine, bheadh tuiscint Aige conas a oibríonn meon an chine dhaonna .i, ní réitíonn chuile dhuine le chéile, bíonn meascán tuairimí ann i gcónaí agus creidfear i rudaí éagsúla, agus creidfear go tréan iontu.

Mar sin mura bhfuil spás sna Flaithis do chách chuma cén aois nó cén creideamh ní shílim gur neamh atá ann ar chor ar bith ach club eisceachtúil atá measartha ardnósach.

aonghus said...

Bheadh, agus tá.

Cuirfidh Sé (agus an duine féin) sin san áireamh.

Féach Matha 7.

Seo an rud, áfach. Má bhunaigh Críost Eaglais, agus más Peadar ceann na hEaglaise sin, bheadh sé contúirteach neamhaird a dhéanamh den mhodh a thug Críost dúinn aithne a chuir Air!

Dubhaltach said...

Nah! Ní thagaim leis sin.

Más Dia lán grá É, agus más duine maith thú le linn do shaoil (cuma cén creidimh atá agat mar gheall ar áit do bhreithe nó cultúr do mhuintir) is cuma faoi na rialacha le cead isteach a fháil ó Pheadar chóir.
Sin más Dia lán grá É.

aonghus said...

Ní raibh mé ag trácht ar riailacha Pheadair, ach an cabhair atá ar fáil ón Eaglais. Gan amhras, cabhraíonn riailacha (Dé!) le féinsmacht a chothú. Gan féinsmacht, ní hann don ghrá! Ní hÉ Dia a dhiultaíonn don duine, ach an duine do Dhia. Caithfidh an Grá dul sa Dá threo...

Dubhaltach said...
This comment has been removed by the author.
Dubhaltach said...

N'fheadar cad atá i gceist le "féinsmacht" ach sílim gurb ionann é agus saol maith macánta a chaitheamh, chomh fada agus is féidir, agus maitheamh a iarraidh má théitear ar strae srl.

Taispeánann an Moslamach an-fhéinsmacht. Go háirithe maidir le hól, agus caidreamh collaí agus rudaí deasa den sórt sin.
Mar sin ba chóir go bhfáilteodh Dia go láidir roimh a leithéid de dhuine, beag beann ar a chreideamh ar domhan.
Más féidir le Dia réasúnaíocht a dhéanamh! Agus gan amhras bheifí ag ceapadh gur féidir.

aonghus said...

Is dóigh liom go bhfuil muid ag dul thart i gciorcal rud beag.

Mo phointe - más é an Eaglais an tEaglais a bhunaidh Críost (agus sin a chreidim) bheadh sé amaideach gan iarracht a dhéanamh a Teagasc a leanacht. Maidir le daoine nach gcreideann sin, ach a níonn iarracht ionraic Toil Dé a dhéanmah, sin ceist eile ar fad.

Mise Áine said...

Ahhh. Leabhair na bhFear faoi chaibidil arís...:-)