Déardaoin, Deireadh Fómhair 08, 2009

M2009.10.07

B'fhéidir go bhfuil mo chuid Gaeilge ag éirí níos laige is níos measa nó b'féidir gur thosaigh mé ag léamh leabhar atá ró-deacair do mo chaighdeán Gaeilge, cíbe acu atá fíor bhí saothar mór ormsa na trí leabhar is déanaí a léigh mé a chríochnú: 1 Mise agus Platero le Juan Ramón (Aistriúchán le Aodh Ó Canainn, 2. Ag Altóir an Diabhail le Tomás Mac Síomóin agus 3. An Fear Dána le Alan Titley.

Fiú má bhí saothar orm iad a chríochnú ní shin le maíomh nár bhain mé sult astu. A mhalairt atá fíor. Maidir le scéal Mhic Shíomóin de agus an carachtar Beartla B tá greann dubh ann, mar a thugtar air, agus aoir shearbh in áiteanna. Dhá rud a thaitníonn go mór liom, faraor ní raibh a ndóthain acu ann agus d'airigh mé go raibh iniúchadh meoin craiceáilte Bheartla B ró-chasta agus go dtarraingíonn sé na gcos go ró-mhinic. Bheadh sé níos fearr dá dtógfadh scian do roinnt de, i mo thuairim.
Tá roinnt de smaointeoireacht Bheartla B deacair a leanúint agus tá iarracht shoiléir tríd an leabhar a thugann le fios go bhfuil an t-údar ag iarraidh a bheith an-dúshlánach .i. ró-dhúshlánach, ina chaint. Sílim go bhfágann sin an gnáthléitheoir -beagnach chuile dhuine- gan spéis sa scéal nó san aoir.

Dán fada atá i scéal Mise agus Platero de réir dealraimh. Scéal breá fealsúnachta faoi shaol an údair, ina bhaile dúchas. Sórt dírbheathaisnéis fileata. Bhí an cur síos ildaite de na heachraí srl. deas agus taitneamhach, go dtí pointe. Ach, i ndáiríre, níor bhaineas féin mórán tairbhe astu. Seans maith go luíonn an locht sin ormsa agus mo stór focal lag.

Ba chóir go mbeadh a fhios agam roimh ré cad a bheas romham dá gcuirfinn leabhar de chuid an Tithlaigh os mo chomhair le léamh. Ach rinne mé neamhaird den dúshlán sin mar bhí mo spéis i scéal fear taghdach mo chontae féin .i. file an dáin dhírigh Dhroim Chliabh .i. Muiríoch Albanach Ó Dálaigh.
Scéal ar leith go deimhin, ach, díreach mar a bhíonn ailt an údair chéanna bhí sé deacair domsa chuile ní a thuiscint, ní fíor sin, in áiteanna ní raibh tuairim dá laghad agam cad a bhí a rá. Nathanna cainte aisteacha, focail nach raibh mé in ann teacht orthu san Fhoclóir go fiú's. Chuir seo frustrachas orm go deimhin, ach arís is dóigh go luíonn an locht sin ormsa.
Ar a laghad is feasach dom anois cad é an caighdeán ba chóir dom a bhaint amach.

Fuaireas an leabhar ó Leabharlann an Phiarsaigh, agus is mise an t-aon duine a thóg amach é ó 2006! Seans go raibh tóir air i 2003, ach níl spéis a thuileadh ag pobal na Gaeilge i mBaile Átha Cliath sa scéal inniu.
Ó thaobh scéalta bunaithe ar stair de, scéalta atá dúshlánach taitneamhach agus spéisiúil, sílim go bhfuil an caighdeán agus an chothromaíocht faighte agus leagtha síos ag lucht an Leabhair Bhric.

4 comments:

Cailliomachas said...

Ní bhraithim gur ceist Ghaeilge í ach ceist stíle. Níor éirigh liom aon cheann de na leabhair sin a léamh as a chéile ach bhí orm teacht ar ais chucu cúpla uair.

Dubhaltach said...
This comment has been removed by the author.
Dubhaltach said...

Ní raibh siad léite agam go díreach as a chéile, thug mé go leor ama dom féin iad a léamh.
Ar thaitin siad leat? nó ba chóir a rá ar thaitin an stíl a raibh siad scríofa leat?

Cailliomachas said...

Ok! Tuilleann ceist dhíreach freagra díreach. Ar an mórgóir níor thaitin. Beag nó mór ar na cúiseanna céanna leat féin. Bhraith mé intinn leathghealtach an laoich in Altóir an Diabhail tuirsiúil tar éis tamaill agus róchasta. Bíodh is gur thaitin cuid den chlisteacht in Fear Dána liom mhoilligh an stíl an insint an iomarca. B'fhéidir nach raibh mé foighneach go leor. Is maith liom stíl nach dtaispeánann é féin - stíl an phána gloine.