Dé Céadaoin, Deireadh Fómhair 07, 2009

M2009.10.06

Rudaí ón Dáil inné.

Is mór an trua nach bhfuil a fhios ag Teachtaí Dála na Gaeilge sa Dáil go bhfuil nuachtán seachtainiúil Gaeilge ar fáil, agus nach bhfaigheann an nuachtán céanna, nó a fhoireann, pingin rua ón bhForas dá saothar.
Dúirt Dinny McGinley:
"Nach n-aontaíonn an tAire liom nach bhfuil sé inghlactha ar chor ar bith nach bhfuil páipéar nó foilsiú an Ghaeilge seachtainiúil nó laethúil ins an tír i láthair na huaire?"
Oscail do shúile a Dinny, maith an fear.
Feictear domsa nach bhfuil mórán measa á thaispeáint ag pobal na Gaeilge i gcoitinne do shaothar deonach Eoghain Uí Néill leis an Druma Mór agus Nuacht24.
Ní fheadar an bhfuil a leithéid d'fhiontar tuillte acu, sa chaoi céanna nach raibh Lá Nua tuillte acu.

Is fiú go mór breathnú ar óráid Mhichíl D. Uí Uiginn maidir le NAMA de ar an lá céanna:
I believe that the Bill before us regarding the National Asset Management Agency is the most important legalisation that will probably come before the Dáil in the next decade or decades, raising, as it does, issues not only for this generation of taxpayers but also issues for future generations. It touches on an issue of inter-generational justice. Surrounding this Bill there has been a neglect of its implications are. Any detailed analysis of the Bill has been replace by a kind of myth-making in which many have participated, which suggests that the NAMA legislation, as proposed by the Government, is, as has been put in some of the media, “the only game in town”.

4 comments:

Cailliomachas said...

Tá an ceart agat faoi obair mhór Eoghain Uí Néill agus faoi dhaille na Dála. Maidir le NAMA etc., is aisteach an rud é ach le bliain anuas táim ag éirí an-bháúil le heacnamaithe áirithe: David McWilliams, Joseph Stiegler, fiú George Soros!

Dubhaltach said...

Is deacair gan a bheith báúil le heacnamaithe atá macánta agus a bhfuil leas an phobail i gcoitinne tábhachtach dóibh.

Sin ráite níl mórán cur amach agamsa ar George Soros!

Mise Áine said...

Chuala mé an méid sin a dúirt Dinny freisin, agus táim den tuairim go bhfuil go leor daoine nach bhfuil ar an eolas faoin bpáipéar. Nuair a luaim an páipéar le daoine ar m'aithne, daoine a labhraíonn Gaeilge go rialta, níor chuala go leor acu iomrá air fiú.

Maidir le NAMA, táim ar chomhthuiscint le 'fear an cheapaire' ar sceitse RTÉ ar 'Frontline' oíche Dé Luain seo caite - ní thuigim cén fáth a bhfuil luach 'measta' an todhchaí á chur ar mhaoin na bhforbróirí...

Dubhaltach said...

Bhí an míniú sin an-chliste. Cad é? €20 don gceapaire nach fiú €1 é. Ach, b'fhéidir go mbeadh luach níos fearr air i gceann 20 bliain!

Bhí an ceart go hiomlán ag Joseph Stiglitz nuair a thug sé "coiriúil" ar NAMA.