Dé Luain, Deireadh Fómhair 05, 2009

M2009.10.02


Vótáil an tromlach i bhfách, beidh a nglór cloiste, agus meas taispeánta dá gcríonnacht.
Rinneadh neamhiontas de na mionsonraí suaracha sa téacs, díríodh ar an "Mhór-phictiúr", vótáladh ar son postanna, postanna a ghealladh.

Bhí mír spéisiúil ar an Nuacht a rinneadh achomair de mheon na ndaoine i leith an Chonartha seo.
Bhí an fhoireann Nuachta ag cur agallamh ar dhaoine ag teacht amach as an ionad vótála i ndiaidh dóibh a vótaí a chaitheamh;
"Cén chaoi ar vótáil tú don gConradh?"
"Vótáil mise Tá, agus tá súil agam anois go mbeidh roinnt postanna le fáil as seo"
an anailís is fearr ag Mac Liam, mar is dual dó.

3 comments:

Cailliomachas said...

Ní cuimhin liom cén polaiteoir a dúirt agus é faoi agallamh ar RnG i rith an chomhairimh gurb éard a bhí na daoine óga ag rá: "Bhí mé Níl ach tá mé Tá anois."

Dennis King said...

Tá an buille buailte agus an gaiste tabhartha. Céard atá le rá ag Václav Klaus anois?

Dubhaltach said...

An bhfuil a fhios agat Dennis, is cuma sa Diabhail liomsa anois.
Ar a laghad tá muidne críochnaithe leis.

ón lá a bhí an dán seo le cloisteáil bhíodar dár mbodhrú leis an mbunreacht lofa, bíodh sé ina bhunreacht nó Chonradh.
Slán leis.





Maoláin na Bealtaine
Páirc an Fhionnuisce, Lá Bealtaine, 2004

Uisce agus fionn. Tá an t-uisce glé.
Ach tum ann is gheobhair Gréagach é:
Féinics ar bharr lasrach ar fhionnuisce é.

Barbarach a thug an Gréagach ar an stróinséir.
Tagadh sliocht na mbarbarach sin go léir
Lena dteangacha a bhí, tráth, doiléir,

Tagaigí anois as gach aon limistéir
Chun macalla a phiocadh as an spéir -
Féinics is fionnuisce - go réidh.

Bhí maoláin ar lasadh i bhfad is i gcéin
Nuair a nocht na chéad bháid as farraige mhéith
Uisce agus fionn go stadach i mbarr a mbéil.

Éirímis inár seasamh, a chlann, de léim
Gach éinne is a theanga nach tafann í ná méil
Chun bríonna nua a chur i gcéill

Beola a bhogadh, is gan stad dár réim
Ach sinn inár maoláin, ó ré go ré,
Ag lonrú amach as broinn an aigéin
Is fionnuisce ann - is sinn fhéin.