Déardaoin, Deireadh Fómhair 01, 2009

M2009.10.01

Maidin inné bhíos mo mhachnamh ag bogadh i dtreo Tá don Chonradh mallaithe amárach.
Léigh mé an Irish Times agus alt Uinsionn de Bhrún i ndiaidh sin, tagaim leis, bhí a leithéid a scríobh sé ag dó na geirbe agam an chéad uair thart. Beidh mé ag vótáil Níl anois go deimhin. Tá prionsabail agam agus ní mór fanacht dílis do do phrionsabail.
Smaoiním faoi na ciorruithe páidh a bhí curtha orm, an cúlú, ligim bolscaireacht Fhianna Gael dul i bhfeidhm orm .i. beidh chuile rud togha má vótálann muid ar a shon. Vótálfaidh mé Tá, gan aon agó. Nach mbíonn billí le híoc agus saol le caitheamh agam.
Buaileann ciall éigin mé, timpeall uair a chloig ina dhiaidh sin.
Níl baint dá focain laghad ag an gConradh leis an eacnamaíocht. Vótálfaidh mé Níl, na bithiúnaigh, ag iarraidh an dallamullóg a chur ormsa.
Téim abhaile. Feicim An Taoiseach ar Nuacht 6.1 ag argóint ar son an Chonartha.
In ainm Chroim ach tá sé lag go deo.
Seachnaíonn sé na ceisteanna crua maidir leis an gConradh. Insíonn sé bréag lom amháin ar a laghad. Athchasaim an mhír sin. Ceistím cén fáth go bhfuil an fear seo ina Thaoiseach. Táim go hiomlán cinnte go mbeidh mé ag vótáil Níl. Níl mo vóta tuillte ag lucht Fhine Fáil.
Breathnaím ar taifeadadh 7Lá atá ar an mbosca digiteach. Labhraíonn Mícheál D. Ó hUiginn go soiléir agus go paiseanta faoin gConradh, faoin Eoraip. Tá meas mór agam air, is maith liom é, tá sé le thrust. Smaoiním ar na dreamanna atá ina aghaidh agus atá ar a shon. Smaoiním faoi Eoraip, agus an Ghaeilge.
Táim ag bogadh go láidir i dtreo Tá arís.
Ach tá ról lárnach a bheas ag an EDA agus tionscadal airm ag cúl mo chinn fós.
Uinsionn de Brún arís níos déanaí, ar a chlár tá Mícheál Ó Máirtín v Déaglán Mag Sheanlaoich. Labhraíonn an Máirtíneach go maith agus tagann sé trasna go hionraic, an rud is annamh is iontach i bhFianna Fáil!
Tuige nach bhfuil an fear seo ina Thaoiseach? a cheistím.
Ní thagann Mag Sheanlaoich trasna chomh hionraic. Tá amhras ann. Tá a fhios agam nach bhfuil Fianna Fáil le thrust, ach, ar a laghad tá a fhios agam nach bhfuil siad le thrust. Cé hé an fear seo? Agus cén fáth go bhfuil sé chomh tiománaithe ina aghaidh?
Beidh mé ag vótáil Tá ar an gConradh tráthnóna De hAoine.

Léigh mé Titley ar maidin! Á 'Dheabhail. An bhfuil an bastaird Corcaíoch sin ag léamh mo fho-smaointí? Na cinn a chuir mé faoi chois le theacht ar an gcinnteacht go mbeidh mé ag vótáil Tá.
Níl arís uaimse buíochas don Irish Times!.
Sílim.

4 comments:

aonghus said...

Beidh an diabhial rud scoraithe ar ball beag, le cúnamh Dé.

Muna gcuireann na Seicigh casadh eile sa scéal, a thugann deis do na Caomhaigh Sasanacha casadh a chuir ann....

Mise Áine said...

Bíodh acu, a fheara. Beidh ár gcuid déanta againn - arís!

ormondo said...

Dá fheabhas í idé amhail an Eoraip aontaithe ní fios dúinn ar chor ar bith cé leis a mbeidh an chumhacht sa chóras úd a bheidh ag cur an idé chéanna i bhfeidhm deich mbliana amach anseo. Tagann dream nua ar an bhfód gach deich mbliana agus fealsúnacht acu a bhíonn éagsúil go leor amanta le fealsúnacht lucht bunaithe an chórais.

Is léir go bhfuil dearcadh an daonnachais, mar shampla, cúlaithe go hiomlán, nach mór.

Ní nach ionadh go bhfuil drogall ar dhaoine an iomarca cumhachta a bhronnadh ar eagras a bhíonn ag éileamh tuilleadh cumhachta dó féin go tráthrialta cé go bhfuil an eagras céanna imithe ó smacht i bhfad cheana féin.

Dubhaltach said...

Cíbe fealsúnacht a bheas acu, ar a laghad bheadh sé orthu an chumhacht sin a fháil trí thoghchán.
Má tá an Eoraip ag bogadh níos mó agus níos mó i dtreo na heite deis luíonn an locht sin le muintir na hEorpa.