Déardaoin, Iúil 09, 2009

M2009.07.05

Cúis díomá agus imní dom aigne mhuintir na hÉireann.
Tá aigne pháiste acu. Mar is ríshoiléir ón nuacht ag teacht ó chontae Luimnigh le cúpla lá anuas go bhfuil íomhá den Mhaighean Mhuire le feiceáil i stumpa crainn thaobh amuigh de theach pobail Ráth Caola.
Deirtear go mbíonn suas le 400 duine ag guí don chrann chuile oíche, agus tá daoine ann ag déanamh faire ar an Maighdean, i rith na hoíche, ar eagla go ndéanfadh maistíní damáiste di.
Cad é atá in aigne na ndaoine a bhfuil sé ag teastáil uathu a híomhá a fheiceáil chuile am a mbíonn cúlú geilleagair sa tír seo?

Bhíos féin ag súil go rachadh an scéal sé ciúin go tapa ar a aonar, ach tá na meáin ag tabhairt an-aird de, an iomarca airde de.

Grianghraf den stumpa thíos ionas go bhféadfadh sibh do mhachnamh féin a dhéanamh air.

Comhartha ó neamh nó crann marbh?

4 comments:

Dennis King said...

Crann marbh.

Feictear rudaí mar sin abhus anseo ó am go chéile agus tuairiscítear cuid acu sna meáin. Ach ní gan caochadh súile dúinn de ghnáth.

http://skeptico.blogs.com/skeptico/2005/06/ebay_here_we_co.html

http://www.jesustortilla.com/

http://cas.bellarmine.edu/tietjen/RootWeb/VirginMaryCheese.htm

Dubhaltach said...

Ar a laghad tá cruth rud éigin le feiceáil ar an tost/cas siúd!

Mise Áine said...

Ní fheicim ach crann marbh, ach sin mise. Chuile dhuine agus a radharc féin aige nó aici...:-)

Dubhaltach said...

Measaim go bhfuil sé spéisiúil go gceapann an sagart áitiúil gur stumpa de chrann marbh atá ann, seachas íomhá den Mhaighdean Mhuire!

Níl sé ag spreagadh a adhlactha ar chor ar bith