Dé Máirt, Iúil 01, 2008

M2008.07.01

Seo a leanas dán ó Laoiseach Mac an Bhaird. Bard ab ea Mac an Bhaird sa 16ú haois. Sa dán seo tá Laoiseach ag caitheamh tarcaisne ar na Gaeil a dhéanann aithris ar nósanna Gallda .i. ag bearradh a chuid gruaige, ag caitheamh spóir ar bhuataisí, ag caitheamh stocaí ar stíl na nGall agus an scarfá sróil síos go dtí a shála!

Rinne mé iarracht nua-Ghaeilge a chur ar an Shean-Ghaeilge (leagan bunaidh anseo), óir, feictear domsa nach bhfuil fonn ar lucht acadúil na hÉireann a leithéid a dhéanamh.
Tá na céadta bhliain d'fhilíocht léannta againn ach ní bhíonn an fhilíocht seo aistrithe go Nua-Ghaeilge ariamh. SeanGhaeilge díreach go Sacs-Bhéarla i gcónaí is ea an nós leo.
B'fhéidir toisc go dtuigeann siad an seanGhaeilge sa gcaoi chéanna is a thuigeann muide Nua-Ghaeilge nó an Caighdeán Oifigiúil.
I mo thuairim féin is locht mór é seo a chruthaíonn deighilt aisteach idir lucht na Gaeilge anallód, ár sinsir uasal, agus lucht na Gaeilge sa lá atá inniu ann. Rud atá go hiomlán do-ghlactha.

Laoiseach Mac a'Bhaird cct.

A fhir 'ghlacann a ghalldacht,
'bhearrann an barr bachallacht,
seang-ghlac atá mé a rá
ní tú dea-mhac Donnchadha.

Ní thréigfeá, dá mba tú sin,
do ghruaig ar ghalldacht thacair
maisí is fearr faoi bhfí bhFódla
ní bhíodh do cheann corónta.

Ní modh leatsa an barr buí;
fuath leisean na locaí-
is bheith maol ar ghnás na nGall-
bhur mbéas araon ní hionann.

Fear nár ghrá an ghalldacht
Eoghan Bán, searc saor-bhantracht,
don ghalldacht ní thug a thoil,
an alltacht is ea a rogha.

Níl faic d'aigne d'Eoghan Bhán,
'bhéarfadh brístí ar bheagán,
fear nár iarr do chlóca ach ceirt,
léis nár mhian cóta is coisbhirt.

'Fuath leis ar chaol a cosaí
'mbíonn spor ar bhróig bhuataisí,
nó stocaí ar stíl na nGall;
locaí air ní bhfaighinn.

Ráipéar maol nach maródh cuil,
ní maisí le mac Donnchaidh
meáchan magúil thiar ar a thóin,
ag triall go tulaigh thionóil.

Beag a bhrí a mbrat órdhath,
ná a mbanna ard shollúnta
nó a bhfail óir fá ghafa ghoimh,
nó a scarfá sróil go sálaí.

Dúil i leaba chlúimh ní chuir,
annsa leis luí ar luachair;
teach garbh-shlat ná táille túir,
sáimhe le dea-mhac Dhonnchaidh.

Buíon mharcshlua ar bhruach bhearna,
troid gharbh, comhlann ceithirne,
cuid de mhianta mhic Donnchaidh,
‘s cath a chur ar eachtrannaigh.

Ní hionann is Eoghan Bán
gáire faoi chois ar chlochán
trua nach bhfeiceann bhur locht,
a fhir 'ghlacann an ghalldacht.


.............................


Tá an rann sa ndán mar a leanas:

v v v v v v á
v v v v v v á
v v v v eas v cht
v v v cas v v cht

4 comments:

aonghus said...

An bhfuil leabhair Breadán Uí Doibhlín feicthe agat?

Sílim go bhfuil cuid dá bhfuil á lorg agat ionntu.

Maith thú as cuir leis!

Dubhaltach said...

Níl, bua go deo leat a Aonghuis

Dennis King said...

Ní Sean-Ghaeilge atá ann, áfach, ach Nua-Ghaeilge Mhoch .i. Nua-Ghaeilge Chlasaiceach. Maidir le "seang-ghlac atú do thogha", ní dóigh liom gur "sean-ghlac is tú mo thogha" a chiallaíonn sé.

Fuair mé an leagan seo an idirlíon "graceful hand of my choice", ach níl mé sásta leis ach oiread.

seang (= tanaí, caol) + glac = dornán beag

atú = atá mé

do thogha = do thoghadh = do shonrú

.i. dornán beag (den ghruaig) atá mé a rá

Níl mé céad faoin gcéad cinnte faoi seo, ach tá mé réasúnta cinnte gurbh ionannn "atú" agus "tá mé" sa Ghaeilge atá i gceist anseo.

Dubhaltach said...

gura míle míle maith agat a Dennis