Dé Luain, Meitheamh 30, 2008

M2008.06.10

Aois domhain, bliain seo na nGaimbín, dhá mhíle is a hocht.
Scannán aicsin fuilteach is ea an scannán nua Wanted ón stiúrthóir Rúiseach Timur Bekmambetov (níor chuala mé faoi ariamh roimhe ach an oiread)
Tosaíonn an scannán leis an sórt éifeachtaí speisialta nach mbeadh as áit sna scannáin Matrix. Agus is cinnte go mbeidh uisce ar theanga an duine le spéis sa leithéid de scannán ag breathnú ar an radharc oscailte.
Faraor, ní éiríonn leis an scannán an buaicphointe aicsean sin ón chéad radharc a fhorbairt nó a leanúint, agus teipeann air go tubaisteach ina dhiaidh sin.

Tá an scannán bunaithe timpeall an smaoinimh go bhfuil buíon rúnda fheallmharfóirí chumhachta in ann piléir a chasadh timpeall ballaí, le croith tapaidh den lámh!
Agus seachas na héifeachtaí speisialta a bhaineanns leis an rud neamhréadúil seo ní féidir a rá go bhfuil aon mhaitheas sa scéal, seachas b'fhéidir an chaoi ina bhfuil an príomhcharachtar Wesley Gibson (James McAvoy) míshásta ina phost leadránach.
Gan ag dul ró-domhain sa script -agus sílim gur seo ceann dena scripteanna is measa a bhfaca mé ariamh- seo a leanas an scéal:

Faigheann feallmharfóir bás, ag lámh fheallmharfóir eile.
Tá leadrán ar mo dhuine (croithleán ceart) ina phost.
Téann an bhuíon rúnda fheallmharfóirí ar a thóir chun é a shábháil, is é mac an fheallmharfóra mairbh.
Téann an feallmharfóir, a mharaigh an feallmharfóir eile, ar a thóir freisin, chun é a mharú.
Tá sé ag iarraidh é a mharú óir is é mac an fheallmharfóra mairbh agus tá an cumhacht chéanna aige (is a bhí ag a athair) a chroíráta a ardú go 400 buille per nóiméad. Ligeann an bua seo dó an domhan timpeall air a fheiceáil i mallghluaisne...

...ba chóir dom stopadh ansin, ar eagla go mbeadh suim ag duine éigin (a bhreathnaíonn ar an mblag seo) é a fheiceáil.
Ach caithfidh mé é seo a rá, i measc na rudaí a fhaightear amach sa scannán foghlaimíonn muid faoin gcóras atá ag na feallmharfóirí chun a dtargaidí a aimsiú! Seol is ea é! Seol nó Loom as Béarla.
Faightear ainmneacha na dtargaidí ón fuáil a dhéanann an seol draíochta seo.
Baineann an seol draíochta seo úsáid as cód dénártha chun na hainmneacha a thaispeáint. Snáithe thar na snáitheanna eile = 1, Snáithe faoi na snáitheanna eile = 0.
1 0 1 0 0 0 1 0 1 = Seafóid

Wanted: 5 as 10.

No comments: