Dé Céadaoin, Meitheamh 18, 2008

M2008.06.04

Chuala mé faoin margadh leis an Diabhal roimhe, ach aréir rinne mé margadh le Dia, ós rud é nach bhfuil fonn orm a bheith ag déileáil le cleasaíocht an drochdhuine.
Dúirt mé leis/léi, dá mbuafainn an Lottó anocht -an €14 milliún go léir- go dtabharfainn €4 milliún de do charthanas Éireannach.

Margadh maith sílim, beidh le feiceáil an n-oibríonn sé anocht.
Le cúnamh Dé.

7 comments:

aonghus said...

Hmm. N'fheadar an mbeidh Sé sásta.

Fch: Marcas 12:38-44, Lúcas 20:45-47,21:1-4

Dubhaltach said...

Beidh le feiceáil is dóigh!

Dennis King said...

Bhí focal ag na breithiúna fadó ar an leithéid: "díupart"!

http://www.sengoidelc.com/node/61

aonghus said...

Don Chú, nó do Mhac Mhuire, nó don dís?

Dubhaltach said...

bhuaigh mé...faic!
Ní mór dom margadh a dhéanamh leis an Deabhal an chéad uair eile.

Díupart a bheas sa margadh sin gan amhras

aonghus said...

Dó siúd?

Dubhaltach said...

Domsa, déarfainn