Dé Máirt, Meitheamh 24, 2008

M2008.06.07

Cúis bhróid domsa go dtagaim agus mo mhuintir as ceantar -Leacan Mhic Fhirbhisigh, Tír Fhiachrach- ina raibh Gaeilge scríofa chomh láidir. Tráth!

An dán thuas (cuid de "Iomaí Gabhlán do Chloinn Chuinn") ón Leabhar Mór Leacain:

Fuair Ó Caomháin na gcolg nglas
Inis Crabhann na sreabh sholas
fearann bláith taobh-sholas mar thonn
Ráth na n-aol-doras álainn
'na phort cónaithe dá chlann
gort as choill-buí a chanaim.

Muc Dubh is a Beartrach bláith
fuair Ó Floinn, is cúis saibhris,
curadh nár tláith le troid
brú bláith na Beartraigh.

Ó hImair, nár chruaidh le cléir
ó Leacan an fhearainn fhóid réidh
fear diongbháilte gach duine
an taoiseach malla barr-bhuidhe.

3 comments:

aonghus said...

Go deas. Foinse don mhéid thuas?

Dubhaltach said...

Leathanach 245 den leabhar The Genealogies, Tribes, and Customs of Hy-Fiachrach le John O'Donovan

Dubhaltach said...

254 ba chóir dom a rá