Dé Máirt, Bealtaine 27, 2008

M2008.05.12

Mairg nach fuil 'na dhubhthuata,
cé holc duine 'na thuata,
is dóigh go mbeinn mágcuarda
idir na daoine duairce.

Mairg nach fuil 'na thrudaire
eadraibhse, a dhaoine maithe,
ós iad is fearr chugaibhse,
a dhream gan iúl gan aithne.

Dá bhfaighinn fear mo mhalairte
leis do reicfinn an suairceas;
do-bhéarfainn luach fallainge
idir é 'gus an duairceas

Ós mó cion fear deargchulaith
ná a chion de chionn bheith tréitheach;
trua an chaitheas le healaíon
gan é agam ina éadach

Ós suairc labhartha is bearta gach buairghiúiste
gan uain gan aiste 'na theangan ná suanúchas
mo thrua ar chreanas le ceannaraic cruaphrionta
ó bhuaic mo bheatha nár chaitheas le tuatúlacht

Dáibhí Ó Bruadair

3 comments:

aonghus said...

Is maith ann an dán.

Ach cuir leis, a mhic.
Cad a spreagann seo uait, san aois dearóil seo?

Dubhaltach said...
This comment has been removed by the author.
Dubhaltach said...

Tá an dán seo léite agam chuile oíche ar feadh seachtaine, níl's agam cén fáth, ach is breá liom é.
Sílim go bhfuil an iomarca smaointe ag dhul timpeall m'intinne maidir le dánta ba mhaith liom a chumadh.

Ní mór dhom suí síos agus iad a bhreacadh síos.