Dé Máirt, Bealtaine 13, 2008

M2008.05.07

"Vótáil ar son postannaí, vótáil ar son Éirinn, vótáil ar son do thodhchaí"

'Sé sin (a bheag nó a mhór más buan mo dhrochchuimhne) atá scríofa ar an bpóstaer thaobh amuigh de m'árasán le haghaidh an reifrinn seo romhainn.
Agus ní féidir liomsa argóint ina aghaidh, óir, is breá liom an fhíric go bhfuil post buan deas le pá maith agam, is breá liom mo thír freisin, agus ba mhaith liom vóta a chaitheamh ar son mo thodhchaí/airgid is todhchaí mo chlann!

Ach i ndáiríre níor mhaith liom vóta a chaitheamh ar son conartha a laghdaíonn cumhacht mo thíre-se de bharr VTC - Vótáil Tromlaigh Cháilithe.
Nó ar son conartha ina gcailleann muide 50-60 cumhacht crosta.
Nó ar son conartha ina méadaíonn sé míleatú na hEorpa ach an oiread.
Nó ar son conartha ina bhfuil sé beartaithe go mbeadh an AE ag cruthú dlíthe ar chúrsaí tábhachta a bhaineanns le turasóireacht, cultúr, inimirce, seirbhísí poiblí is maoin, i measc a lán lán rudaí eile nach iad.

Má tá an rialtas agus an freasúra ag iarraidh mo vótasa, is ár vótaí, a mhealladh sa reifreann seo ní foláir dóibh fíricí is pointí a úsáid ag taispeáint dúinn go mbeadh muid níos fearr as dá bharr

2 comments:

Unknown said...

A chara,

Gach seans go bhfuil tú ar an eolas cheana féin, ach bheinn thar a bheith buíoch dá bhféadfá an scéal a scaipeadh mar gheall ar chomórtas blagáil an Oireachtais – tá súil agam go bhfuil tú féin ag smaoineamh ar cur isteach air! Tá gach eolas le fáil ar www.antoireachtas.ie

Duais: €1000 Maoinithe ag Oifig na Gaeilge, Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath
Táille Iomaíochta: €15

Ba cheart don scríbhneoireacht sa bhlag a bheith dúshlánach, spreagúil, corraitheach agus taitneamhach, agus insint agus stíl bhríomhar sholéite i nGaeilge nádúrtha a bheith i gceist. Maidir le hábhar, bheadh aon cheann de na seánraí seo a leanas inghlactha: prós; filíocht; dialann; gné-alt; tuairisceoireacht nuachta; tráchtaireacht spóirt, pholaitiúil nó eacnamaíochta; léirmheastóireacht cheoil, drámaíochta, scannánaíochta; alt taighde nó eile (níl aon srian maidir le hábhar).
Déantar postáil ar an mblag ó 1 Márta 2008 go 30 Meitheamh 2008 a mheas.
Déanfar an blag a mheas maidir leis na critéir seo a leanas: caighdeán na scríbhneoireachta tríd síos; chomh húdarásach is atá an scríbhneoir agus é ag scríobh faoi pé ábhar atá roghnaithe aige; an méid a chuireann an blag leis an bpobal Gaeilge ar líne trí ábhar suimiúil a chur faoi bhráid a lucht léitheoireachta (idir thagairtí d'fhoinsí eile agus a chuid scríbhneoireachta féin); an tuiscint agus tiomantas a léiríonn an t-údar i leith úsáid na meán ar líne ar bhonn sóisialta agus na buntáistí atá anseo don Ghaeilge; an méid idirphlé a chruthaíonn an blag agus an dóigh a spreagtar an t-idirphlé seo (mar shampla, spás do nótaí tráchta agus naisc le blaganna eile a bheith
curtha ar fáil).

Dubhaltach said...

"Ba cheart don scríbhneoireacht sa bhlag a bheith dúshlánach, spreagúil, corraitheach agus taitneamhach, agus insint agus stíl bhríomhar sholéite i nGaeilge nádúrtha a bheith i gceist"

Sin mise as an áireamh mar sin!