Dé hAoine, Bealtaine 16, 2008

M2008.05.10

Is fiú go mór éisteacht leis an bpodchraoladh seo ó Adhmhaidin ar maidin.
Agallamh le Liam Cahill, Comhairleoir Caidrimh Poiblí agus Iar-Oibrí leis an bhFóram Náisiúnta ar an Eoraip.

Dé réir Cahill beidh daoine ag leanúint a bpolaiteoirí ina bhfuil an trust acu orthu ar an gceist seo faoin Aontas agus níl aon ghá leis an eolas go léir á scaipeadh fé láthair, óir, níl aon mhaitheas ann ach go gcuireann sé daoine amú.
Ba chóir go mbeadh an díospóireacht agus an chaint faoin gconradh go léir fágtha ag na polaiteoirí is páirtithe polaitiúla amháin dar leis, tá an iomarca eolais i leith an chonartha ann ina thuairim!

Fágann muintir na tíre seo ceist na hEorpa agus saincheisteanna na hEorpa don "eilte" bheag san atá i ngach tír .i. státseirbhísigh, polaiteoirí agus iriseoirí.
Mar sin, dar leis aríst, go mb'fhearr leis an gcuid is mó den phobal mura gcuireann ceist ar chor ar bith orthu agus go bhfuil "saineolaithe dlí" ag rá nach bhfuil gá le reifreann ar an gceist seo ó thaobh an bunreachta de fiú amháin toisc nach bhfuil na hathruithe sa gconradh seo chomh mór sin go mbeadh gá leis!
Freisin má tá polaiteoirí is maorlathaigh san Eoraip ag breathnú orainn agus má fheiceann siad nach bhfuil mórán suime á taispeáint ag na hÉireannaigh ar cheist na hEorpa agus ag rá leo fhéin ,de bhrí sin, cén fáth go bhfuil muid ag tabhairt airgid dhóibh!?

Tá súil le Dia agam nach bhfuil an ceart go léir aigesean ó thaobh muintir na tíre seo ag leanúint, go dall aineolach, seasamh na bpolaiteoirí ar cheisteannaí móra polaitiúla.

No comments: