9 lá de Mhí na Nollag, bliain ár dtiarna 2010. Scamallach, fuar, le gaoth aniar, coscairt faoi lán seol.
Chonaic mé dhá scéal ar maidin, faoi dhá aicme.
Scéal amháin anseo, scéal eile anseo.
Ba chóir dúinn a bheith bródúil!
Agus, ar ndóigh, ba chóir an dá scéal thuas a léamh i bpáirt leis an anailís ar an bhuiséad sa dara blagmhír thíos.
Ní athleasú an chórais pholaitíochta atá de dhíth, ach athrú iomlán ar an gcóras eacnamaíochta .i. an ceann reatha a chur de dhroim an tsaoil.
Déardaoin, Nollaig 09, 2010
Dé Céadaoin, Nollaig 08, 2010
M2010.12.11
Tá cúrsaí go dona abhus le cúpla bliain anuas. Is seirfeach an tÉireannach anois dá mháistrí i mbaincéireacht idirnáisiúnta, lucht ionnúis na hImpireachta nua-aoiseach.
Feictear gur cuma leis faoi sin. Comhartha maith a bhí ann an líon beag daoine a ghlac páirt san agóidíocht lasmuigh den Dáil aréir.
Seo an tÉireannach céanna nach bhfuil meas madaidh aige do theanga dhúchais na tíre, ní ábhar iontais é mar sin a mheon is cuma liom faoina ról nua mar sheirfeach, agus todhchaí a pháistí sa bhruscar, a chomhÉireannaigh ar an mbád bán arís agus flaitheas a thíre i lámha lucht speiciléireachta nua-liobrálacha.
Ach tá troid éigin ann fós. Tá an tÉireannach go soineanta, amhail páiste gan ciall ceannaithe, ag súil leis na hathruithe radacacha is mian leat a fheiceáil ag teacht as rialtas Fianna Gaelach agus giollaí Ghiolla Mhir san athbhliain, faoi stiúir docht daingean an IMF ar ndóigh.
Óir seachas an réabhlóid is mó ariamh i gcúrsaí polaitíochta an stáit is beag baol go mbeidh comhrialtas clé againn. Fiú dá mbeadh seans mar sin ann tá na meáin go léir go hiomlán in aghaidh an smaoinimh. Chuirfidís go tréan a gcumhacht ar fad taobh thiar d'aon fheachtas bolscaireachta chun aon chomhghuaillíocht chlé a chiapadh.
Ach, ag deireadh na dála, is cuma cé chomh dona is atá cúrsaí suaracha anseo, ní Poblacht Bhanana go Stáit Aontaithe Meiriceá.
Nó ní "Stát Faisisteach-nua-Feodach" go SAM!
Ní thuigim ar chor ar bith cén fáth a bhfuil Bloomberg, CNN srl srl ag labhairt fúinne agus an baol don euro?
"the US television “news” media (propaganda) networks just glossed over the whole thing – nothing to see here, just move along, back after a message from our sponsors"
Ó, go raibh maith agat, tuigim. (Chonaic mé cheana thú, arsa an cat leis an mbainne te)
Tá na naimhde ceannann céanna ag lucht oibre SAM is atá ag lucht oibre na hEorpa.
Lucht Oibre an Domhain cuirigí le chéile!

M2010.12.10
Is fiú éisteacht le freagra Phearse Uí Dhochartaigh don cháinaisnéis inné. Tá an chéad deich nóiméad thuas. (Tá sé ar fáil ina iomláine ar shuíomh RTÉ, le roinnt Ghaeilge sa chonclúid)
Tá seans maith ann nach raibh sé feicthe agat cheana, óir níor thug Nuacht RTÉ agus an clár cáinaisnéis speisialta s'acusan aon aird de!
Bhain sé gáire asam lena cháineadh don bheirt Ghaimbín as cúige Mumhan...
Mar mhilseog leis an mbéile blasta sin mholfainn an anailís seo ar "Cháinaisnéis an Mhilliúnaí" agus conas a bheas lucht saibhris ag íoc níos lú cánach, arís, dá bharr.
Ní amháin sin, ach beidh lucht ionnúis níos fearr as....Níos. Fearr. As!
Dé Máirt, Nollaig 07, 2010
Dé Luain, Nollaig 06, 2010
M2010.12.08
Sílim gur chóir go mbeadh an dioscúrsa seo a leanas lárnach sa bhfeachtas olltoghcháin le theacht:Caithfidh muid idirdhealú neamhbhalbh a dhéanamh idir fhiacha na mbanc agus phobal na tíre. Tá gá le reifreann ar an mbeart seo ón IMF/AE. Más Poblacht Dhaonlathach é seo fós, seachas Poblacht Bhanana mar a bhfuil cuma air, ba chóir daonlathas a chur i bhfeidhm, mar níl aon idir eatarthu ann, níor chóir go mbeadh ar aon chaoi!
Gan an t-idirdhealú sollúnta idir bhainc agus phobal beidh ar mhuintir na hÉireann a thuilleadh "bunúsaíochas nua-liobrálach" a fhulaingt. Níor mhaith liom maireachtáil in "Ireland Inc." Agus is de bharr Ireland Inc agus an idé-eolaíocht atá a stiúradh beidh ar mhuintir na hÉireann a thuilleadh cacamais a léamh is a chloisteáil ag plé fadhbanna na mbanc amhail is gur linne é. Féach alt i mBeo le Brian Ó Ceallaigh, nó O'Kelly mar is fearr aithne air in Ollscoil Chathair BÁC. Tá an t-alt ag cur thar maoil le idé-eolaíocht!
Gan an t-idirdhealú idir bhainc agus tír beidh -mar is féidir linn a fheiceáil go soiléir- níos lú agus níos lú cumhachta ag pobal na tíre i gcomparáid leis na coimeádaigh nua-liobrálach éilitheach a bhfuil i gcumhacht san Eoraip agus atá, agus a bheas, in Éirinn.
Más mian leis an mBanc Ceannais Eorpach, agus rialtas ar bith eile (bíodh sin Fianna Fáil nó Gael), airgid na hamhantraithe a shábháil caithfidh an BCE na bainc siúd a bhfuil ag cruthú na fadhbanna seo dóibh a thógáil ar lámh, agus cosmhuintir na tíre seo a fhágáil as ar fad.
Tá an córas briste baincéireachta ag tarraingt an tír síos, agus ag méadú ár ráta iasachta.
Ní bheidh mar thoradh ón gceangal saorga seo idir na fiacha príobháideacha agus muintir na tíre ach seirfeachas, agus cliseadh níos tromchúisí níos measa sa bhfadtéarma.
Dé Domhnaigh, Nollaig 05, 2010
Dé hAoine, Nollaig 03, 2010
M2010.12.06
"Tá buíon strainséirí i gceannas na leabhar anois. Cuirimis fáilte rompu mar is chun ár leasa atá siad."
Cheap mé go raibh Páidí bocht ag magadh. Ach tá an t-alt léite agam faoi thrí anois agus is léir dom go bhfuil sé an-dáiríre! Dáiríre píre...
Chuir sé an nath cáiliúil sin ón Simpsons i gcuimhne dom ar an toirt .i. "And I, for one, welcome our new insect overlords"
Tá sé gach phioc chomh ghreannmhar.
Níl an IMF anseo dár leas. A thiarcais!
Táid anseo chun bainc phríobháideacha a chosaint ó loiceadh lucht oibre na tíre ar fhiacha na mbanc príobháideach. Agus chun an méid sócmhainní stáit agus is féidir leo a phríobháidiú, le comhlachtaí móra ilnáisiúnta ag fáil na gconarthaí de ghnáth.
Cheap mé go raibh Páidí bocht ag magadh. Ach tá an t-alt léite agam faoi thrí anois agus is léir dom go bhfuil sé an-dáiríre! Dáiríre píre...
Chuir sé an nath cáiliúil sin ón Simpsons i gcuimhne dom ar an toirt .i. "And I, for one, welcome our new insect overlords"
Tá sé gach phioc chomh ghreannmhar.
Níl an IMF anseo dár leas. A thiarcais! Táid anseo chun bainc phríobháideacha a chosaint ó loiceadh lucht oibre na tíre ar fhiacha na mbanc príobháideach. Agus chun an méid sócmhainní stáit agus is féidir leo a phríobháidiú, le comhlachtaí móra ilnáisiúnta ag fáil na gconarthaí de ghnáth.
M2010.12.05
Ó Dhùn Èideann go Dùn Bheagain ar Eilean Sgitheanach is ea an saothar nua, ealaíne is dóigh, le Danny Mac Ascaill. Thar chionn ar fad ar fad. Seo cainteoir dúchais Gàidhlig a bhfuil aghaidh mhuintir an domhain air i ngeall ar a thallann dochreidte atá le feiceáil ar a fhíseáin sliabh-rothaíochta ar You Tube.
Cad atá le déanamh chun cúpla focal ina theanga dhúchais a mhealladh as?
Déardaoin, Nollaig 02, 2010
M2010.12.04
Tá brat trom sneachta ar Bhaile Átha Cliath anocht, agus níos mó ag titim fós.
Ní raibh aon obair agam inniu cosúil lena lán daoine, mar ba léir dom ó na sráideanna níos ciúine a chonaic mé nuair a chuaigh mé amach dhá uair a chloig ó shin le spaisteoireacht a dhéanamh agus breathnú ar iontas an tsneachta.

Má bhí ciall éigin ag daoine gan an carr a úsáid nó lá saoire a thógáil níorbh amhlaidh le cách:
Chaith mé beagnach leathuair a chloig ag cabhrú le daoine eile ón Rinn carranna a bhí i sáinn sleamhain a bhrú suas droichead na Rinne!
Tháinig mé ar beirt Gharda agus dúirt mé gur chóir dóibh gaineamh agus salann ón gCC a aimsiú le cabhrú, nó an droichead a dhúnadh ar fad. Monuar is beag spéise a bhí acu i mo mholtaí. Bhí cupán tae te ag fanacht dóibh sa Bhaile Gaelach is dóigh!
Ní raibh aon obair agam inniu cosúil lena lán daoine, mar ba léir dom ó na sráideanna níos ciúine a chonaic mé nuair a chuaigh mé amach dhá uair a chloig ó shin le spaisteoireacht a dhéanamh agus breathnú ar iontas an tsneachta.

Má bhí ciall éigin ag daoine gan an carr a úsáid nó lá saoire a thógáil níorbh amhlaidh le cách:
Chaith mé beagnach leathuair a chloig ag cabhrú le daoine eile ón Rinn carranna a bhí i sáinn sleamhain a bhrú suas droichead na Rinne! Tháinig mé ar beirt Gharda agus dúirt mé gur chóir dóibh gaineamh agus salann ón gCC a aimsiú le cabhrú, nó an droichead a dhúnadh ar fad. Monuar is beag spéise a bhí acu i mo mholtaí. Bhí cupán tae te ag fanacht dóibh sa Bhaile Gaelach is dóigh!
Dé Céadaoin, Nollaig 01, 2010
M2010.12.03
Ní fhaca mé bóithre chomh sleamhain i gcathair ariamh. Deirtear linn go bhfuil a ndóthain salainn agus greanchloiche acu go ceann píosa ach cad a tharlaíonn más fíor go mairfidh an aimsir seo coicís?
Tá an cuma ar Bhaile Átha Cliath anocht nach bhfuil an chomhairle chontae in ann coinneáil suas leis.
M2010.12.01
Chuala mé faoi seo ar seó Vincent Browne aréir, agus feictear dom gur áis iontach é don saoránach (sílim gur saoránaigh poblachta muid fós?) a bhfuil mearbhaill air/uirthi mar gheall ar cad atá ag titim amach faoi láthair, agus de bharr an chacamais nua-liobrálach ag teacht as na meáin agus an rialtas faoinár staid reatha.
Is breá liom an ghné seo de ach go háirithe. Príomhmhiotais na géarchéime, an-áisiúil agus úsáideach.
Is breá liom an ghné seo de ach go háirithe. Príomhmhiotais na géarchéime, an-áisiúil agus úsáideach.
Subscribe to:
Posts (Atom)