Dé Luain, Lúnasa 10, 2009

M2009.08.02



Tuairisceán Daonáirimh Shéamuis Uí Reachtair (James Rafter/Seamus Rafter), 1911, Bóthar na Sláine, Inis Córthaidh. Ba as Móin an Lao, Baile an Daingin, Loch Garman ó dhúchas dó (tuairisceán daonáirimh a mhuintir).
Gael díograiseach a troid ar son saoirse na hÉireann mar cheannaire na nÓglach i 1916 i Loch Garman. Gael a thuig an tábhacht le réabhlóid cultúrtha i bpáirt le saoirse polaitíochta.

Níos mó eolais ar an bhfear.

Dé Céadaoin, Lúnasa 05, 2009

M2009.08.01

Metallica agus cairde i bPáirc Mharlaí 1ú Lúnasa.

Tá an bua ag na sean-rocóirí fós go deimhin.
Ní shílim gur bhain mé chomh mór sult agus spraoi as ceolchoirm le fada an lá. Bhí na bannaí go léir ar fheabhas, chabhraigh sé go mór go raibh an aimsir go haoibhinn fiú nuair a bhí sé geallta a bheith fliuch gruama. Bhí na scamaill le feiceáil ar bharr shléibhte Bhaile Átha Cliath, ach buíochas leis na déithe níor tháinig an báisteach.

Ní raibh an banna thíos thar mholadh beirte ach bíonn sé go deas teacht ar amhrán maith. Thosaigh siad leis an gceann seo:

Dé hAoine, Iúil 31, 2009

M2009.07.14

Lá fliuch. Gaoth measartha aniar aneas. Dorcha. Lá deireanach de Mhí Iúil.

Ach is cuma, óir ní bhfuair an forbróir lofa Liam Ó Carúil an chosaint ón gcúirt inniu in aghaidh éileamh bhanc ACC a fhiacha de €136 milliún a aisíoc.
Anois titfidh a ghnó (gnó spéacláireachta tógála). Is le gnóthaí mar seo a tharraing an tír seo ar a glúine.
Cúis ceiliúrtha.
Ní mór don gheilleagar bréagach titim síos sula bhféadfadh fás buan inmharthana fadtéarmach a theacht as na fothracha.

Tá an seans maith ann anois go nochtfaidh an beart seo an fíor-luach íseal atá ar na sócmhainní gan mhaith a bhfuil sé i gceist ag NAMA a cheannach le hairgead phobal na hÉireann.

Peadar Ó Ceallaigh, breitheamh maith.

Déardaoin, Iúil 30, 2009

M2009.07.13

Lá breá bog néaltach, gaoth aniar, neart gréine.
Ag dul go Metallica Dé Sathairn, lá nach bhfuil sé geallta a bheith breá bog néaltach le neart gréine!
Dia linn, ach déarfainn go bhfuilimid as ár meabhair.

Ar a laghad beidh na Poncánaigh seo ag seinm ann:

Dé Céadaoin, Iúil 29, 2009

M2009.07.12



Cá bhfuil an fhearg i measc mhuintir na tíre seo?

Tá sé i gceist acu siúd ag stiúradh an drochbhanc NAMA go mbeidh praghsáil na ndroch-iasachtaí ina rún.

Cén Fáth?

Tá sé i gceist acu níos mó a chaitheamh ar na sócmhainní i bhfad thar a luach. Bunaithe ar an bprionsabal go mbeidh borradh maoine eile amach sa todhchaí. Ní bheidh siad ag ceannach na ndroch-iasachtaí ar an luach atá orthu inniu, nó amárach, toisc go bhfuilid ag titim ró-tapaidh agus rómhór.
Tá sé i gceist go n-íocfaidh siad "a luacháil fad-téarmach" .i. cén praghas a bheas ar eastát neamhchríochnaithe i gceann 20 bliain, nuair a thosaigh (tá súil acu) boilgeog tithíochta eile faoi mar is dual don gcóras caipitlíoch.

Táid ag teacht i mbannaí ar na forbróirí, agus na baincéirí, agus na stocshealbhóirí lenár gcuid airgid.
Táid go huile is go hiomlán in aghaidh náisiúnú na mbanc (bíodh sin go fadtéarmach nó go gearrthéarmach) ar bhonn idé-eolaíoch na heite deise.
Agus ar an mbonn lofa go gcaillfeadh stocshealbhóirí na mbanc a n-infheistíocht go léir dá bharr.

Tá fiach idir €60 billiún nó €90 billiún le cur ar mhuintir na hÉireann i ngeall ar seo amháin.
Beidh sé orainn an méid sin a chaitheamh gan aon aisíoc.

Cén Fáth?

Tá an pointe á argóint ag lucht na meáin/rialtas le fada anois nach bhfuil aon chiall a bheith ag ceannach na sócmhainní ag praghas réasúnta íseal mar atá le fáil le linn an chúlaithe seo, toisc go mbeidh sé orainn na bainc a áthchaipitliú an difríocht dá bharr.
Ach ní mór breathnú ar aon áthchaipitliú breise faoin NAMA mar infheistíocht nua sa mbanc a sholáthróidh aisíoc amach anseo, toisc go bhfuil na droch-iasachtaí/sócmhainní bainte as an mbanc beidh an banc in ann brabús a dhéanamh arís níos éasca nuair a thagann feabhsú sa ngeilleagar. Ba chóir go mbeadh coinníoll ann sa gcás sin ina mbeadh aon brabús nua íoctha don státchiste ar son na gcáiníocóirí

Beidh a fhios againn níos mó Dé hAoine is dóichí

Dé Máirt, Iúil 28, 2009

M2009.07.11

Bhí todhchaí na teanga ag brath i gcónaí orainn féin, ní mór dúinn níos mó a dhéanamh ar a son, go háirithe in am seo an ghátair. Agus sílim go bhfuil an beart is fearr ag an Liathánach thar ar iGaeilge nuair a labhraíonn sé faoi Mheitheal Oibre na Gaeilge, agus iad a bhailiú timpeall Nuacht24/An Druma Mór.
Ní mór obair deonach a spreagadh i measc na nGael arís, go háirithe orthu siúd a bhfuil léamh agus scríobh acu.

Táim féinig ag déanamh mo sheacht ndícheall le Nuacht24. Agus nílim ag rá go mbíonn sé éasca ailt a scríobh chuile sheachtain, go háirithe nuair a bhíonn brú ama orm agus strus an tsaoil ag cur as dom.
Ach sílim gur obair tábhachtach é. Níos tábhachtaí ná mo ghnáth oibre. I bhfad Éireann níos tábhachtaí

M2009.07.10


Radharc ó Cheann Bhaile Dháith i gCorca Dhuibhne.
Níl a shárú le fáil.

Dé Céadaoin, Iúil 15, 2009

M2009.07.09

Alt eile is fiú a léamh. A foilsíodh i gComhar, Nollaig 2008.

braitheann nuálaíocht níos mó ar chúiseanna sóisialta - muinín, muintearas agus féiniúlacht cultúrtha - ná ar thaighde eolaíochta nó teicneolaíochta.

Dé Luain, Iúil 13, 2009

M2009.07.08

Tugadh "The Last Mohican" ormsa aréir toisc nach bhfuilim pósta go fóill, agus mo chairde go léir "ar an mbóthar cuí"! "Is tusa an Chingachgook ceart a mhaicín" (Tabhair faoi deara na pointí tagartha cultúrtha!)

Chuir an ráiteas sin an t-amhrán iontach sin as an scannán i mo chuimhne ar an toirt.
Ní shílim go bhfuil a shárú le fáil ó thaobh fuaimriain de..

M2009.07.07




Déarfainn go bhfuil rud éigin mícheart liomsa. Óir ní fhéadfadh na mílte daoine a bheith mícheart agus an ceart ag mise amháin.
Bhí ticéid sa bhreis ag cara de mo chuid le Bruce Springsteen a fheiceáil san RDS i mBaile Átha Cliath.
Chuaigh mé, agus ní fan mór mé!
Ag an am céanna ar nós chuile dhuine eile a chónaíonn i dtír atá faoi anáil an chultúir Mheiriceánaigh bhí a chuid amhrán go léir ar eolas agam beagnach.
Cuireadh dara hoíche ar fáil i ngeall ar an éileamh mór ar thicéid. Gach éinne ag canadh agus ag bualadh bos agus ag dul ar mire dá n-íol.
D'airigh mise dada.
Ar nós fir aeraigh i gclub striapach ag breathnú ar dhá chíoch mhóra lomnocht níor airigh mé dada.
Seachas míchompord.

Dé hAoine, Iúil 10, 2009

M2009.07.06

Is é an t-eacnamaí neamh-leithscéalach macánta ceisteach an t-eacnamaí is fearr. Agus is chun ár leas a gceistíonn sé an córas caipitlíoch nach raibh, nach bhfuil agus nach mbeidh do leas an ghnáthdhuine, an oibrí, go deo na ndeor.

The benefits of economic growth have gone into the pockets of plutocrats rather than the bulk of the population. So why has there been no revolution? Because there was a solution: debt. If you couldn’t earn it, you could borrow it.


Molann sé rud a scríobh mé faoi i Nuacht24 cúpla mhí ó shin, sin caipitleachas morálta. Sórt córas caipitleachais le hanam sóisialach.

we should not be too hasty about abandoning the capitalist model. It is less bad than any other system yet invented. But we should redouble our efforts to increase productivity through innovation and creating new markets; simply squeezing lower-income workers is a bad option, which helped get us into this mess in the first place.


Seans go mbeadh níos deacra a leithéid sin de chaipitleachas a bhaint amach ná an Útóipe shóisialach a dhéanann an sóisialaí díograiseach a dhícheall a bhaint amach? Nach mbriseann an dúchas trí shúile an chait.

Déardaoin, Iúil 09, 2009

M2009.07.05

Cúis díomá agus imní dom aigne mhuintir na hÉireann.
Tá aigne pháiste acu. Mar is ríshoiléir ón nuacht ag teacht ó chontae Luimnigh le cúpla lá anuas go bhfuil íomhá den Mhaighean Mhuire le feiceáil i stumpa crainn thaobh amuigh de theach pobail Ráth Caola.
Deirtear go mbíonn suas le 400 duine ag guí don chrann chuile oíche, agus tá daoine ann ag déanamh faire ar an Maighdean, i rith na hoíche, ar eagla go ndéanfadh maistíní damáiste di.
Cad é atá in aigne na ndaoine a bhfuil sé ag teastáil uathu a híomhá a fheiceáil chuile am a mbíonn cúlú geilleagair sa tír seo?

Bhíos féin ag súil go rachadh an scéal sé ciúin go tapa ar a aonar, ach tá na meáin ag tabhairt an-aird de, an iomarca airde de.

Grianghraf den stumpa thíos ionas go bhféadfadh sibh do mhachnamh féin a dhéanamh air.

Comhartha ó neamh nó crann marbh?