Dé Céadaoin, Meán Fómhair 29, 2010

M2010.09.13

Ag roghnú creidimh, cuid a trí.

11 comments:

Dennis King said...

Timpeallghearradh sealadach le cellotape!
:-)

Is cosúil go bhfuil agnóisithe/aindiachaithe níos eolaí ar cheisteanna mar seo ná aon dream eile! Féach torthaí an U.S. Religious Knowledge Survey.

Dubhaltach said...

Is dóigh go mbíonn siad ag déanamh staidéir níos minicí ar na creidimh éagsúla chun a seasamh féin a dhaingniú.
Go raibh maith agat as sin.

Fearn said...

Cad faoi na seadéithe ghaelacha a thabhairt ar ais?

Crom? Deiseal? dia danann?

Dubhaltach said...

An ngeallfaidís slánú dúinn? Saol níos fearr sna Flaithis? Maithiúnas ár bpeacaí? Grá gan cheist gan srian?

An bhfuair siad bás ar ár son?

Bheadh cúpla ceist móra le freagairt acu sula mbeadh aghaidh na ndaoine orthu arís.

Fearn said...

Ó! shíl mé go raibh daoine ag tréigint na reiligiúin a thabharfadh a leithéid....AGUS....go raibh Dia ag súil le stuaim .

Is dóigh go mbeadh an gnáthleitheachas ceart go leor ag na sendéithe ach an chorrmhaighdean a íobairtiú, anois is arís

aonghus said...

Is cosúil go bhfuil agnóisithe/aindiachaithe níos eolaí ar cheisteanna mar seo ná aon dream eile!

Ar an meáin! Bhain mé féin triail as an cheistneoir samplach. Seachas dhá cheist a bhí an SAMach bhí na freagraí agam.

Dubhaltach said...

@ Fearn:
Sílim go mbeadh drogall ann fós, fiú leis na híobairtí ó am go chéile

(Dála an scéil tá muid ag fanacht le blag uait ar feadh na mblianta! Déan difear faoi, maith an duine)

@ Aonghus

"Seachas dhá cheist a bhí an SAMach bhí na freagraí agam."

An bhfuil tú cinnte nach Giúdach nó Aindiachaí thú?! ;)

aonghus said...

Táim.

Fearn said...

@Dubhaltach

Drogall?
Ní thuigim thú.
Chaithfeadh duine an chéad domhain leis an reiligiún mar a chaitheann sé le gach rud eile; trí tomhaltas agus faisean.
Rachfar leis an rud atá i súil an phobail



(@Blag
Mar a deir an Poncán: Diomadaí Criocat agus súcs! )

aonghus said...

Tá an chéad Domhain ar an Dé Deiridh.

Tá Magh Sléacht ann cheana - Cultúir an Bháis agus an Mise féineachas.

Fearn said...

Monuar ach go bhfuil mórán den fhirinne ansin agat, a aonghuis