Dé Máirt, Meán Fómhair 28, 2010

M2010.09.12

Seans go raibh an grianghraf seo thíos feicthe agat cheana, tá sé éirí víreasach mar a déarfá. Tá aghaidh lucht an idirlín ar an gcnuasach ina bhfuil sé. Taispeánann sé oibrí ag siúl amach as a hionad oibre, monarcha a dhéanann páirteanna le haghaidh Apple, HP agus Dell.
Suiteáladh na heangacha ar thaobh an fhoirgnimh chun stop a chur leis an méid daoine a bhí ag léim amach as an monarcha seo, agus monarchana eile dá leithéid, ag iarraidh lámh a chur ina mbás féin.

Agus nuair a chonac an ceann seo smaoinigh mé ar an toirt faoi cad atá ag rá ag an Mharxach, Cumannach agus fealsamh Slavoj Žižek faoin sórt caipitleachais, dar leis, atá i ndán dúinn.
Tá an stát leasa marbh a mhaíonn sé ina leabhar nua, nó beidh sé ar aon nós. Ní féidir leis leanúint ar aghaidh laistigh den chaipitleachas atá i bhflosc foréigneach faoi láthair.
Is éard atá i gceist leis an "stát leasa", nó stát daonlathach caiptileach a thugann cosaint áirithe leasa dá phobal ó chaipitleachas. Cosaint faighte ag an lucht oibre féin trí gníomhú díreach.

Tá an ghéarchéim eacnamaíochta atá ag dul ar aghaidh inniu ag tabhairt an deis is fearr ariamh do lucht caipitil an córas "a fheabhsú", a gcumhacht a láidriú agus "éifeachtúlacht an chórais a mhéadú" .i. tuarastail a ísliú, dúshaothrú ar son brabúis a mhéadú, an timpeallacht a thruailliú agus seilbh ar chaipiteal a dhaingniú níos mó etc etc.

Taispeánann an tSín dúinn an saghas caipitleachais a oibríonn go héifeachtach agus atá níos dinimiciúla, le dúshaothrú níos táirgiúla nó is féidir le caipitleachas i dtíortha a chleachtann daonlathas buirgéiseach a bhaint amach.
"Caipitleachas le luachanna Áiseacha" a thugtar air nó i bhfocail eile "Caipitleachas Údarásaíoch"

Agus cén cuma a bheas ar dheireadh an stáit leasa? Tá an baol ann go bhfeicfidh muid féin go luath, shroich ár ráta bannaí 10 mbliana 6.8% ar maidin.

14 comments:

Fearn said...

Níl de locht agam ar chaipitealachas ná ar shóisialachas ach go síltear go bhfuil sonas le baint astu.

Níl. Tóir an tsonais sin an mhíshonas, mar a dúirt Gátama an Búda.

A Leigheas: Beir ar do chiall. Déan suaimhneas is ciúnaigh. Stiúrigh is smachtaigh do dhúil seachas ligint dó do stiúradh is do smachtadh.
Cuir uait an tOlc.
foghlaim an mhaith a dhéanamh.
Glan do chroí fhéin

Dubhaltach said...

"síltear go bhfuil sonas le baint astu"

An tsíltear?

Anonymous said...

Dubhaltach, is an samhailstát an tSín, de réir an Oird Nua Domhanda.

Séamas Poncán said...

Tá an monarcha sin sa tSín, nach dtuigeann tú? Ní léimeann a lán daoine as na fuinneoga i dtíortha saora.

Anonymous said...

Ní léimeann a lán daoine as na fuinneoga i dtíortha saora.

Bíonn soma acu.

Dubhaltach said...

@ Seán
N'fheadar faoin Ord Nua Domhanda, ach is cinnte go bhfuil lucht caipitil ag breathnú ar gheilleagar na Síne le héad.

Dubhaltach said...

@ Séamas
Tuigim go deimhin! Nach raibh sé sin soiléir ón bhlagmhír?

"Ní léimeann a lán daoine as na fuinneoga i dtíortha saora."

Is dóigh nach bhfuil an modh sin coitianta "i dtíortha saora" a thuilleadh nuair atá daoine ag iarraidh lámh a chur ina mbás féin.
Ach ní chuige sin a bhí mé.

Bhíos ag iarraidh pointe a dhéanamh faoi chaipitleachas údarásaíoch na síne agus an chaoi a n-oibríonn sé sin níos fearr do lucht caipitil.

Fearn said...

@An tsíltear?


Síltear.

Dubhaltach said...

Mínigh leat, le do thoil?

Fearn said...

Cad é an focal nach dtuigeann tú?

Dubhaltach said...

mo leithscéal, cé a deireann, nó cén áit a ndeireann go mbeadh sonas le fáil astu?

Fearn said...

Réimse na sícheolaíochta atá mé chuige agus teoiric ghiúláin nó iompair an duine. Téann sé i leith an tsonais agus ó mhíshonas, de ghnáth, i ngach rud, nach mór.

Nuair a léigh mé faoi daoine ag cur lámh ina bhás fhéin, fiú ina n-áit oibre, rinne amach nach raibh sonas air.

seans nach raibh sa chóras geilleagair ach rud imeallach dó agus nach raibh sé ag a chroí. sin an fáth a chur mé leighis an bhúda suas.

Dubhaltach said...

B'fhéidir nach raibh smacht acu ar a saol? Agus ní rabhadar in ann leigheas an Bhúda a leanúint...

Fearn said...

Is beag rud atá furasta: seachas gramadach na gaeilge, dar ndóigh.
:-)