Dé Domhnaigh, Meán Fómhair 26, 2010

M2010.09.11

Thugas cuairt inniu ar Theampall Barr le breathnú ar an taispeántas grianghrafadóireachta "Cumhacht agus Pribhléid" sa Chartlann Náisiúnta Ghrianghrafadóireachta.

Cnuasach measartha spéisiúil atá ann de ghrianghraif tógtha ag lucht na cumhachta .i. Lucht an Tí Mhóir idir na blianta 1858-1922.
Tá an cur síos ar gach grianghraf as Gaeilge agus Béarla, rud a chuir go mór leis an sult a bhain mise as.
Cheap mé go raibh an grianghraf leis an bheirt thuas as Cluain Broc na Gaillimhe an ceann is spéisiúla den taispeántas. Nó aon cheann ina raibh Gaeil (oibrithe) le feiceáil ann.
Ag déanamh staidéir ar a gceannaithe chonacthas domh go raibh níos mó le léamh orthu .i. scéal sclábhaithe na himpireachta, Gaeil Ghalldaithe, Mic Mhíle faoi chois, teanga dhúchais á tréigean. Go háirithe i gcomparáid le grianghraif a máistrí. A raibh fuar agus leamh, dar liom.

Mar a dúirt mé cheana bhí an cur síos do na grianghraif ar fáil go dátheangach, ag míniú cad a bhí ann, nó cé, cén áit ina raibh siad agus cathain ar tógadh é.
Rith sé liom, á léamh, go mbeadh sé go breá cur síos níos dáiríre agus polaitiúla a fheiceáil faoi ghrianghraif na dtiarnaí talún agus a dteaghlaigh.
Mar shampla; "Seo teaghlach saibhir Dillon, bhíodar saibhir toisc gur dhúshaothraigh siad a dtionóntaí le híoc as an gcaighdeán maireachtála ard a chleacht siad. Agus chun íoc as fadhb chearrbhachais an mac is sine sa chlann chomh maith. D'ardaigh an teaghlach céanna cíos na dtionóntaí gach bliain, leis. Ansin dhíshealbhaigh siad, go foréigneach agus gan trócaire, na teaghlaigh nach raibh in ann íoc as, go háirithe le linn an Ghorta Mhóir inar cailleadh cúpla sráidbhaile iomlán de theaghlaigh Ghaelacha.
Easpórtáladh níos mó bí ná aon am eile i stair an eastáit le linn na tréimhse céanna"

Rud éigin polaitiúil a spreagann machnamh níos doimhne ná "nach deas na gúnaí a chaith siad".
Rud éigin cosúil leis an ealaín seo.

7 comments:

Mise Áine said...

Tá na comharthaí sín ó Norm Magnusson iontach cliste.

Ba cheart duit tús a chur le do chinn féin, a Dhubhaltaigh - 'Anseo a sheas...'

Dubhaltach said...

Ba bhreá liom a leithéid a dhéanamh ach ní shílim go bhféadfainn an ardchaighdeán a chleachtann Magnusson a bhaint amach.

Dennis King said...

Meas tú ar scríobh éinne riamh “An Deasóg sa Veist i Portráidíocht: Stair Cultúrach”?

Dubhaltach said...

Ba nós leis na Sasanaigh le linn an 18ú aois an deasóg a chur isteach sa bhástcóta.
Seasamh ceart fir uasal atá an de réir dealraimh.
Sa chás áirithe seo bhíos ag ceapadh gur dúradh leis an bhfear thuas a lámh a chur ann.

Sílim go bhfuil go leor scríofa faoin nós.

Dennis King said...

Feictear an pose sin minic go leor i ngrianghrafanna Meiriceánacha ó lár an naoú haois déag, go háirithe gnáthfhir óga. Ar thosaigh sé le Napoleon Bonaparte?

An bhfaca tú é seo?

Dubhaltach said...

Ag léamh faoi, sílim gur thosaigh siad leis na Gréagaigh, nó fear darbh ainm Aeschines le bheith níos cruinne. A mhaígh go raibh sé drochmhúinte bheith ag labhairt le do dheasóg amach ó do léine.

Thosaigh na Sasanaigh ag léamh faoi, agus ag cleachtadh, na sean-nósanna Gréagacha seo i bhfad roimh Napoleon.
Rinneadh cur síos ar an nós sa leabhar The Rudiments of Genteel Behavior sna 1730daí. Agus is dóigh gur roimh agus i ndiaidh sin bheadh sé mar chuid de chultúr na maithe móra timpeall na hEorpa.

Agus, ansin, feictear sa ghrianghraf thuas sclábhaí Gaelach á dhéanamh faoi ordaithe a mháistir Sasanach a bhí ag tógáil an ghrianghraif.

Dubhaltach said...

Ní fhaca mé é sin go dtí anois. Go raibh maith agat.
Ach is mór an trua nár bhain sé úsáid as stroighin.