Dé Sathairn, Meán Fómhair 25, 2010

M2010.09.10

Cúpla rud a léigh mé, nó a chuala mé, le cúpla lá anuas ó lucht caipitil a chuir idir iontas is alltacht orm.
Tagann na rudaí seo le rabhadh sláinte. Bhraith mé féin mo bhrú fola ag ardú i ndiaidh a léamh.
Ach sílim gur fiú aithne a chur ar an namhaid agus a mheon i do leith.

Ag labhairt di ar cheist faoi airgead poiblí d'ospidéil poiblí san Iarthar, agus ise ag oscailt leathnú nua €100m ar Blackrock Clinic (clinic príobháideach!) i mBaile Átha Cliath, dúirt Mary Harney "níl airgead sa bhreis againn le cur isteach in iarthar na hÉireann" ag cur leis sin ag rá go raibh ar "chách a bheith ag maireachtáil laistigh dá mbuiséid"

Is dóigh go raibh a fimíneach caillte ar an Thatcherach.

Dúirt Peter Sutherland cathaoirleach Goldman Sachs (!) inné go mbeadh sé ar an rialtas "níos mó ná €3 billiún a ghearradh ón bhuiséad" i mbliana.
Thug cathaoirleach BP, Sutherland, rabhadh "nach raibh aon rogha eile ann" ach teacht i bhfóirithint ar Anglo agus a shealbhóirí bannaí.

Cén fáth go bhfuil éinne ón dream coirpeach Goldman Sachs agus BP ag cuir comhairle ar fáil dúinne agus ag léachtóireacht do phobal na hÉireann faoi chúrsaí eacnamaíochta?

Mhaígh Brian Lenihan inné go raibh "feabhsú iontach i ngeilleagar na tíre"! In ainneoin na bhfíricí.
Dúirt sé go raibh "Easpórtáil ag fás. Tá leabhair ordaithe nua ag méadú agus muinín ghnó ag feabhsú go mór mór. Tá teacht isteach cánach ag socrú síos, tá caiteachas poiblí faoi smacht"
D'iarr sé ansin ar na meáin gan a bheith diúltach faoi staid an gheilleagair toisc go raibh na margaí idirnáisiúnta ag breathnú orainn! .i. d'iarr sé ar na meáin gan a bheith ag déanamh tuairisce ar na fíricí eacnamaíochta agus teip pholasaithe Fhianna Fáil/na nGlasach.

Cúpla uair a chloig roimhe sin bhí sé ag maíomh go raibh an euro faoi "ionsaí comhbheartaithe" toisc go raibh costas iasachta na tíre seo ag méadú.

Níor labhair an fear ciall ariamh agus bhí mearbhall agus aineolas air go minic, ach is léir anois go bhfuil sé imithe as a mheabhair ar fad.

Tá an iomarca díobh ann ón taobh eile den Atlantach chun ceann amháin a phiocadh amach, ach seo ceann acu ar aon nós.

Bhí sé i gceist agam roinnt Gimpeáil a dhéanamh ar na híomhánna thuas, le srón muca a chur orthu agus cuma na muc ó Animal Farm a chur in iúl, ach is léir go bhfuil an próiseas sin tosaithe cheana agus níl aon ghá leis an athrú saorga.

14 comments:

aonghus said...

cuma na muc ó Animal Farm

Hmm. Más buan mo chuimhne, sóisialachas imithe lofa a bhí i gceist ansin....

Táimid faraor i ngleic na cearrbhaigh fós. Ní fheicim mórán dóchais go mbrisfear as íoladhradh na hamhantraithe go fóill beag.

Dubhaltach said...

Ní raibh sóisialachas a riamh i gceist le caipitleachas stáit .i. stailineachas.

Ba sóisialach Orwell a chonaic cad a bhí ag titim amach, agus thuig sé nach rud sóisialach é ach caipitleachas le lámh láidir ón stát.

aonghus said...

Mar a tharla go dtí seo i ngach tír a thosaigh ar chonair an sóisialachais.

Sin, mar a dúras thall, an lúb ar lár.

Dá bhfeadfaí é nascadh go buan leis an daonlathas, bheadh rud éigin le dealramh ann; ach faraor, bhí Arastotail féin imníoch faoi "iompar dhaonlathach" - an é sin an iompar a chaomhnaíonn daonlathas, nó an iompar a thaitníonn leis an daonra....

Dubhaltach said...

Sílim gurb é sin an gnáthmhíthuiscint faoi shóisialachas gur theip air gach áit ar rinneadh iarracht é a bhaint amach.

Bhí an cheist seo á plé in aimsir Uí Chonghaile leis. Mar sin ligfidh mé dó é a fhreagairt.

Father Finlay, S.J., and Socialism le James Connolly. Má tá spéis agat ann.

aonghus said...

Dúirt mé cheana nár dóigh liom gur cuireadh an sóisialachas i bhfeidhm i gceart riamh. Seasaim, áfach, leis an méid a dúirt mé.

Thosaigh roinnt Stáit amach ar bhóthar an sóisialachais - ach d'imigh siad an fad uaidh.

aonghus said...

Free assent to the good never exists simply by itself. If there were structures which could irrevocably guarantee a determined—good—state of the world, man's freedom would be denied, and hence they would not be good structures at all.

25. What this means is that every generation has the task of engaging anew in the arduous search for the right way to order human affairs; this task is never simply completed. Yet every generation must also make its own contribution to establishing convincing structures of freedom and of good, which can help the following generation as a guideline for the proper use of human freedom; hence, always within human limits, they provide a certain guarantee also for the future. In other words: good structures help, but of themselves they are not enough.


Benedict XVI Spe Salvi

Dubhaltach said...

Is spéisúil an aiste sin ón phápa.

Ní mór dom níos mó staidéir a dhéanamh air, ach ar an chéad fhéachaint de chonac cuid a 21.
Ní fhreagróidh mé an Pápa faoi sin anseo. Sílim go bhfuil blagmhír dá chuid féin tuillte aige.

Ach idir an dá linn cuirfidh mé suas cad a dúirt Tomás Mac Síomóin i leith tuairim an Phápa; "Bhain teip APSS le speisialtacht an thionscnaimh Shóivéadaigh, mar sin. Thionscnamh a bhí páirtMharxach gan dabht, ach bheadh sé chomh loighciúil céanna an locht a chur ar theagasc Karl Marx sa gcás seo agus teagasc Íosa Críost a lochtú as ainmheasarthacht Chúisiúnú na Spáinne nó barbarthacht na gcrosáidí!"

aonghus said...

Ní raibh sé dar liom ag fáil locht ar theagasc Mharx; an locht a bhí sé ag fáil air ná a easpa theagasc i leith conas an sochaí a shíl sé a bheith riachtanach a bhuanú.

An easpa dul i ngleic leis an nádúr daonna, a fhágann go mbíonn gá ag gach sochaí daonna - an Eaglais í féin san áireamh - ar athleasú tráthrialta. De réir mo thuiscint, níl sin san áireamh i dteoiric Mharx.

Dubhaltach said...

Níl i dteagasc Karl Marx ach anailís ar an chóras caiptileach. Ní plean é, ach uirlis ról an lucht oibre a thuiscint.

aonghus said...

Céard faoi Forógra na Comharseilbhe?

Dubhaltach said...

Ní féidir "plean" a thabhairt ar an bhforógra.
Agus sa chás sin freisin bhí Marx ag obair le hEngles a bhí roinnt mhaith oibre déanta aige air roimhe ré.
Agus níl sa bhforógra sin ach ceadatadán beag bídeach dá shaothar eg. An Caipiteal

aonghus said...

Ag aontú le hanailís an Phápa atá tú, mar sin!

An bhfuil plean ag sóisialaigh anois chun botúin na Soibhéide a sheachaint?

Ní mór ar a laghad plean a bheith ann don rud nua sula scriostar an seanreacht; sin nó íosfaidh an réabhlóid a ghasúir, mar a rinne go minic cheana. Ní uasaicme nua atá de dhíth!

Dubhaltach said...

Tá an freagra níos casta ná sin, go háirithe maidir le Boilséiveachas .i. bhí an Rúis ina tír reamhchaipitleach le linn na réabhlóide etc.
Nuair a fhaighim seans déanfaidh mé iarracht é a fhreagairt.
Ceart agat nach bhfuil plean cuimsitheach ar fáil le cur i bhfeidhm chun an sprioc a bhaint amach.
Ach níor mhaígh an Marxach ariamh go raibh, a mhalairt. Agus is olc an mhaise d'éinne a shaothair a léamh ag súil lena leithéid.
Bhreatnaigh an fear ar a shaothar ar anailís ar an choimhlint idir lucht caipitil agus lucht oibre mar saghas eolaíochta.

Feicim le déanaí go bhfuil go leor plé i measc lucht an eite chlé radacach faoi seo agus an gá an "conas" sin a fhreagairt.

aonghus said...

Thar am do sin, sílim!