Déardaoin, Meán Fómhair 23, 2010

M2010.09.06

Irish economy faces double dip recession a mhaíonn ceannteideal in alt sa nuachtán Sasanach An Gardaíon.
Ach chun titim ar ais i gcúlú arís ní foláir teacht amach as ar dtús!
Níor tháinig muid as an gcúlú ar feadh soicind fiú.

Tá OTN .i. an geilleagar baile seo againne, ag tosnú ar a thríú bhliain as a chéile i mbun crapadh, gan stad nó staonadh.
Tháinig cuid mhaith de thíortha eile na hEorpa as an gcúlú beagnach bliain ó shin. Níl polasaithe Fhianna Fáil/na nGlasach i bhfeidhm acu an dtuigeann tú .i. ciorruithe, ciorruithe níos mó ciorruithe agus sábháil sealbhóirí bannaí i mbanc marbh Fhianna Fáil!

Dá dtitfeadh geilleagar amhail an Ghearmáin arís d'fhéadfá a mhaíomh ansin go raibh cúlú de chliseadh dúbailte ann.
Ach in Éirinn is éard atá ag tarlú ná spealadh.

An Spealadh Mór Éireannach.

7 comments:

Dennis King said...

Dona go leor. Ach tá paiste geal ann. Tá an margadh easportála ag fás go tréan. Tá sé 884m euro níos láidre ná bliain ó shin. Cáis Kerrygold™ abú!

Dubhaltach said...

An bhfuil siad ag easpórtáil níos mó i ngeall ar Éireannaigh ar imirce*, de bharr Fhianna Fáil, nó an bhfuil blas ag na Poncáin do Kerrygold?

Mise féin, is fearr liom Connacht Gold.


*Tá imirce ag a leibhéal is airde ó na hochtóidí

Dennis King said...

Ní fhaca mé ConnachtGold riamh, ach tá Kerrygold ar fud na háite, anseo i Seattle ar aon nós. Is maith liom Dubliner mar cháis. Cáis, leann dubh agus fuisce is mó a cheannaíonn muid ó Éirinn sna siopaí, mura bhfuil dul amú orm. Bia is deoch. Ach is dócha go bhfuil riamhchlárú agus “seirbhísí” eile níos tábhachtaí fós mar earraí easportála. Déanta na fírinne, níl a fhios agam.

Maidir le bia is deoch, feicim gur "edibl" atá agam ar an scáileán anseo mar “word verification”!

Dubhaltach said...

"Is maith liom Dubliner mar cháis"

Mise freisin, an-mhilis.
Ach creid é nó ná creid bíonn sé deacair teacht air i mBaile Átha Cliath!
Ní bhíonn sé i dTescos de ghnáth, agus den chuid is mó bíonn cáis Charleville ar fáil.

"Maidir le bia is deoch, feicim gur "edibl" atá agam ar an scáileán anseo mar “word verification”!"

Tarlaíonn na comhtharluithe sin le Word Verification sách minic!

Mise Áine said...

@ 'Tarlaíonn na comhtharluithe sin le Word Verification sách minic!'

Thug mise é sin faoi deara, freisin. Na déithe sin is dócha...

Dubhaltach said...

Rud maith go bhfuil Gaeilge ag déithe na hidirlíne.

Fearn said...

Mo léir!
Ní ithim cáis agus tríd is tríd ní maith liom na rudaí a chuirtear síos dóibh mar bhia Éireannach.

Bíonn im KG sa sármhargadh áitiúl ceart go lear, i measc na iliomad imeanna eile.

Tá bia Éireannach a shantaim áfach: An bradán, ach go bhfuil sé ag dul as anois; agus bradáin na "bhfeirmeacha" gan bhlas, gan fholáine!


Is dóigh go bhfuil formhór onnmharaithe na hÉireann fós ina nábhair ríomhaireachta ag comhlachtaí Mheiriceánacha!