Dé Céadaoin, Meán Fómhair 22, 2010

M2010.09.04

Cheap mé go raibh cartún tuillte ag an gcaint seo go léir le dhá lá anuas sna meáin maidir lenár ráta bannaí.
Ach chuimhnigh mé nóiméad ó shin go raibh ceann déanta agam cheana siar i mí na Bealtaine i mbliana. Féach thuas.

Ag an am sin rith ár gcostas iasachta ó lucht gaimbín idirnáisiúnta suas go tréan dtí 5.5% ar bhannaí 10 mbliana!
Is beag plé a bhí sna meáin ina leith ag an am. Bhí sé "soláimhsithe" an dtuigeann tú.
Níor tháinig aon athrú ar pholasaithe an rialtais ó shin, mar sin, an tseachtain seo bhain ár gcostas iasachta 6.7% amach ag pointe amháin. Go dtí gur tháinig an Banc Ceannais Eorpach isteach, arís, ag ceannach bannaí gan mhaith dár gcuid, ag laghdú ár gcostas iasachta, beagán, go dtí 6.3%.

Cad a chiallaíonn sé sin, bhuel, dar le Mac Uilliam; "leanfaidh an BCE ag tacú le bannaí Éireannacha dá dhonacht an damáiste a dhéanann na polasaithe do gheilleagar na hÉireann. Is cuma gur fásach a bheas i ngeilleagar na tíre, chomh fada agus a leantar ar aghaidh ag íoc ár bhfiacha agus ag comhlíonadh na bpoll sna bainc le hairgead an phobail Éireannaigh."

9 comments:

Fearn said...

Nach é brabús na mbanc gearradh táillí ar iasachtaí. Mar sin, is fearr leo nuair atá fiacha go hard. Má laghdaítear fiacha, beidh laghdú ar bhrabús

Dubhaltach said...

Is é.
Sa chás seo tá ár dtáillí ar iasachtaí ó fhoinsí idirnáisiúnta ag méadú toisc go gcreideann na gaimbíní idirnáisiúnta go bhfuil baol cliste s'againne ag méadú.
Mar sin chun an baol nó an riosca sin a laghdú tugtar rátaí sochair níos brabúsaí don chaipitlí a théann sa seans.

Fearn said...

sin agat é a Dhubhaltach!

Is beag acu na daoine a fhulaíonn

Dubhaltach said...

Féach eagarfhocal an FT ar maidin anseo maidir le cur chuige lochtach amaideach seanchaite an rialtais gan chiall seo!

Dubhaltach said...

Agus seo eagarfhocal eile ón taobh eile ag tabhairt rabhaidh faoi bheartais dhéine le linn cúlú eacnamaíochta.

Seo an saghas anailíse agus plé atá go mór in easnamh ó na meáin anseo in Éirinn. Na meáin a ghlacann go fonnmhar, i ndáiríre, gan cheist gan náire le haon mholadh curtha chun tosaigh ag Fianna Fáil agus na Glasraí.

Mar sin ní bhíonn aon rud nua le cloisteáil againn seachas "níl aon rogha eile againn", "tá muid san áit a bhfuil muid", "tá na fiacha siúd soláimhsithe" agus "caithfidh muid €4 billiún eile a ghearradh" etc.

Fearn said...

Sea! Monuar arís!

FF: pairtí na ngaimbíní riamh a bhí iontu .i. bí ag carnadh na h€úróanna.

Na glasraí? Aon aon aon phláta le feoil FF. Níl scamhard iontu.

Cur is cúiteamh?
Tá mé ag teacht ar an tuairim nach spéis don gnáthÉireannach ach panem agus circuenses : Óligí is caithigí bhur gcuid agus bíodh an lá amárach ag an diabhail.

Dubhaltach said...

panem et circenses, sin é agus níor mhaith leo fáil amach faoi cad atá ag tarlú. Níor mhaith leis an ghnáthÉireannach a bheith páirteach sa díospóireacht i ndáiríre. Nó a bheith níos cruinne ní féidir leis an ghnáthÉireannach a bheith páirteach.
Tabhair dom mo phionta Bud agus an Irish Star sin agus ná bac liom le caint faoi mhargaí nó chúluithe.

Agus seo an locht le daonlathas buirgéiseach .i. ní ghlacann an ghnáthdhuine páirt sa chóras ach uair amháin gach 5 bliana ina vótálann siad isteach gaimbín éigin a cheannaigh lucht ionnúis roimh ré chun a dtír a stiúradh ar a mhian féin.

Cruthaíonn an deighilt polaitíochta agus eacnamaíocht aineolas, patuarachas agus an meon is cuma liom cad is féidir liomsa a dhéanamh i measc an lucht oibre.

Fearn said...

Tagaim leat, a dhubhaltach, ach ná caill dóchas

Larry V said...

I enjoyed rreading this