Dé Máirt, Meán Fómhair 21, 2010

M2010.09.03

Táim ag súil go mór leis an gclár seo amárach; 1916 - Seachtar na Cásca.
Maíonn an blurba ar shuíomh TG4 go "léiríonn an tsraith an éagsúlacht a bhain lena bpearsantachtaí agus riarann an t-aistear a thug le chéile iad mar cheannairí ar an imeacht chinniúnach seo i stair na hÉireann."

Sílim go bhfuil roghnú aisteoirí maith déanta ag na scannánóirí/léiritheoirí don seachtar. Tá tuilleadh grianghraf des na carachtair le feiceáil ar Fésbúk, anseo.
Tá cruth iontach orthu, agus na radhairc araon. Tá an "gunner eye" ag an bPiarsach fiú!



Ach lasmuigh den stíl galánta, agus nuair a chonaic mé an fógra ar dtús, rith sé liom go mbeadh díomá orm leis an gclár toisc gur annamh a léirítear i gceart an saghas sóisialachais, Gaelachais agus an poblachtachas a spreag an seachtar siúd le dul i mbun gnímh.
Agus tá tábhacht nach beag ann inniu an fhís shóisialach sin a fháil ar ais chun machnamh agus spreagadh a thabhairt d'aicme oibre na tíre.
Tá sé níos tábhachtaí fós toisc gurb é seo an chéad sraith theilifíse faoin Éirí Amach a léireodh le beagnach caoga bliain, mar a mhínítear ar an mblurba.

Níl ach nóiméad ó shin, chonaic mé cé go díreach atá ag scríobh don tsraith .i. Aindrias Ó Cathasaigh! :)
Cuirfidh mé mar seo é, bheinn billiúin uair níos muiníní agus sásta as cumas Uí Chathasaigh sóisialachas Uí Chonghaile a chur in iúl dúinn ná mar a dhéanfaidh Joe Duffy ar RTÉ!

14 comments:

aonghus said...

Is fíor dhuit.

Dennis King said...

An mbeidh aon chuid de i nGaeilge?

Dubhaltach said...

Beidh is dócha, beidh sé ar TG4 mar sin beidh an guthú as Gaeilge.

Agus gan amhras beidh Gaeilge á labhairt ag Seán Mac Diarmada (Cainteoir dúchais is ea Seán T. Ó Meallaigh), Thomas McDonagh (Tá Gaeilge ag Stephen D'Arcy ), Eamonn Ceannt (Caithfidh go bhfuil Gaeilge ag Marcus Lamb le Ceannt a imirt!) agus Tadhg Murphy mar Phádraig Mac Piarais!

Dubhaltach said...

Ó, agus scríobh an Cathasach an script!

Fearn said...

Dúinne ar bheagán béarla, cad is gunner eye ann?

Dubhaltach said...

Duine fiarshúileach atá i gceist le gunner eye.
Deirtear gurbh é sin an fáth gur thóg Pádraig Mac Piaras grianghraif óna thaobh .i. chun a fhiarshúil a cheilt.

Fearn said...

Math thú, a dhabhaltach.

Is diabhal an béarla atá agat!

aonghus said...

Tús maith aréir.

Dubhaltach said...

Tagaim leat. Bhí eolas nua le cloisteáil agam. Bhí rath air domsa mar sin.

Seans go ndéanfadh an tsraith seo bosca DVD deas um Nollaig?

aonghus said...

Sin rud nach bhfuil aon mhaith ag TG Fóir ann - teacht i dtír ar an stuif seo tríd DVDanna a dhéanamh. Ach tá na comhlachtaí beaga ró bheag chun tabhairt faoin gcúram.

Murach an Roinn Éadóchais agus Oideas Gael, ní bheadh fiú na gearrscannáin atá ar DVD ann, ann.

Dubhaltach said...

Bhí cúpla rud le haghaidh páistí curtha amach ag Lucht TGFóir .i. Dora etc.
B'amaideach a leithéid de shraith a fhágáil ar lár, go háirithe, más fíor, gurb é seo an chéad sraith faoin Éirí Amach le 50 bliain.

Agus bheadh amhras orm go raibh an tsraith sin, 50 bliain ó shin, ag iniúchadh chomh domhain is a dhéanann an ceann seo.
Chomh maith leis sin is beag poiblíochta a dhein siad ar a shon.
Labhair an bodhrán den amadán sin Cowen ag ócáid á fhógairt! Botún ollmhór atá ann ligean don amadán sin teacht cois aon rud fiúntach.
Cén fáth nach raibh Brendan Gleeson á dhéanamh?!
Seo réalta mór le rá ar an ardán domhanda!

Tá an clár seo anois i dtuilleamaí léirmheasanna maithe ó lucht an Bhéarla sna nuachtáin .i. IT agus na cinn Dhomhnaigh.

Néidí said...

Ní raibh mise ró tógtha leis aréir. Ní rabhas cinnte an dráma nó clár fáisnéise a bhí ann.

Dubhaltach said...

Tugtar "dráma faisnéise" ar an seánra áirithe seo, nó "docudrama" mar a déarfadh fear na Gaeltachta.

aonghus said...

Tá leithéidí Dora ar fáil de bhar go dtuigeann Nickleodeon margaíocht; is beag costas teanga breise a chuir ar an DVD, agus osclaíonn sé margadh nua. Gheobhaidh tú DVDanna le Gaeilge san Ollmhargadh áitiúil dá bharr.

Ní fíor sin faoi rudaí nach bhfuil ar fáil ach trí Ghaeilge.