Dé hAoine, Meán Fómhair 17, 2010

M2010.09.02

Ó Annála Uladh, bliain an domhain 841:

Longport oc Linn Duachaill asar orta tuatha & cealla Tethbai.


le linn 842:

Orggain Cluana M. Nois o genntibh di Linn Duachail.

agus aois an domhain 851:

Tetact Dubgennti du Ath Cliath co ralsat ár mór du Fhinngallaibh & coro shlatsat in longport eitir doine & moine. Slat do Dubhgenntib oc Lind Duachail & ar mor diib.

Is é sin le rá:

Longfort ag Linn Duachaill inar ndearnadh creach ar thuatha agus chealla Tethbae.

agus

Mharaigh gintlí ó Linn Duachaill lucht Chluain Mhic Nóis.

agus

Teacht Dubh-ghintlí go hÁth Cliath, dhein siad ár mór ar FhinnGhallaibh agus sléacht ar an longfort idir dhaoine agus mhaoine. Rinne na Dubh-ghintlí slad ar Linn Duachaill, agus ár mór díobh.

Bliain an domhain 2010, tháinig Éireannaigh ar Linn Duachaill agus suíomh an sladta ar Áth na gCasán

6 comments:

Dennis King said...

Tá mé díreach tar éis teachtaireacht a chur chuig Old-Irish-L le ceangal leis an mblagmhír seo. Go raibh maith agat!

Dubhaltach said...

Fáilte romhat a chara.

Cad é do mheas faoin aistriúchán? Aon mholtaí?

Dennis King said...

Moltaí ar bith. Aistriúchán maith atá ann.

Dubhaltach said...

Cé hiad na dubhpháganaigh a dhein slad ar Fhinnghaill agus Lochlannaigh Linn Duachaille, dar leat?

Fearn said...

Molaim an fhoghlaim nua agat, a Dhubhaltach. Tusa agus an seanGhaeilge. Beidh tú in ann labhairt le Micí Dicí Tricí sa pharóiste againne, mar deir na saoithe sa teadh leanna againn gurb é sin a bhíos ag gabhail dó nuair a bhíonn sé ag mungailt focla dó fhéin ag deireadh na hoíche.

Ó mo thabh féin de, níor aithnigh mé ach an focal genntib : sin na gintlí, nach ea?

Go maire thú do nuaíocht, a Dhubhaltach. :-)

Dubhaltach said...

Á, ní raibh a fhios agam go raibh sé in úsáid fós. Grma a shaoi.