Dé hAoine, Meán Fómhair 25, 2009

M2009.09.23

Who do You Think You Are an t-ainm atá ar Chlár á chraoladh ar RTÉ a haon i láthair na huaire.
Clár measartha spéisiúil atá ann má tá spéis agat i nginealas dhaoine mór le rá. Caithfidh mé a admháil go músclaíonn sé mo spéis féinig, ach níos mó ar bhonn stairiúil, seachas le fáil amach faoi stair mhuintir dhuine ar leith.
Clár Sasanach atá ann a craoladh ar an BBC roimhe seo, feictear dom gur cheannaigh RTÉ cearta an chláir chun a sraith féin a dhéanamh de.
Is léir freisin gur tháinig roinnt den fhoireann ó chlár an BBC leis, monuar.

Thosaigh an chéad chlár le Ryan Tubridy agus a mhuintir thiar sa gCeathrú Rua (sin nasc PDF).
Fuair sé amach a dhóthain faoina shin-sheanathair a bhí ina mhúinteoir scoile agus an fhíric gurbh as an gClár ó dhúchas dó srl.
Bhí an eilifint mhór le feiceáil tríd an gclár, níor luaigh siad ariamh gur cainteoirí dúchas Gaeilge iad, go raibh Gaeilge ag an teaghlach go léir nó aon ní mar sin. Nuair a bhí láithreoir an Late Late ag breathnú ar a dtuairisceán daonáirimh ag léamh amach chuile ní scríofa acu, luann sé gach aon ní seachas an cheist dheireanach .i. an ceann faoin nGaeilge. Mura bhfuil teilifís digiteach (D'fhéad mé an íomhá a stopadh) sa teach s'againne ní bheinn in ann a fheiceáil go raibh Gaeilge is Béarla acu sa teaghlach Gaeltachta.
B'fhéidir nach raibh spéis ag an Tiobraideach ina dteanga labhartha, ach bheadh amhras orm! Is minic a mhaíonn an fear céanna ar an raidió gur mhaith leis a bheith in ann níos mó Gaeilge a labhairt, tá meas aige ar an teanga, agus ar ndóigh tá sé ag dul amach le hAoibhinn Ní Shúilleabháin . Déarfainn féin gur dúradh leis gan mórán béime a chur ar an taobh Gaelach dá chultúr...
The Islands, agus Carrowroe a bhí ar Cheantar na nOileáin agus Ceathrú Rua faoi seach tríd an gclár.
Ar aon nós, stop an clár ag fiosrú scéal mhuintir Uí Tiobraide ag an bpointe sin, ní dhearnadh aon iarracht a mhuintir i gContae an Chláir a aimsiú, cíos deachún s'acu a chíoradh nó stair Ghaelach mhuintir Uí Tiobraide a mhíniú.
Ní raibh ann ach scéal sop don ghinealas a bhí ó léiritheoirí an cláir. Níor theastaigh uathu ach rud amháin, gaol lag a dhéanamh leis an bhfear céanna agus ríshliocht Shasana.
Chuaigh siad siar, ar thaobh a mháthair go dtí bean éigin ó Shasana a raibh gaol lag aici féin do ríshliocht Shasana, bean a phós duine éigin ar nós sin-sin-sin seanathair mháthair Uí Tiobraide.

Bhí sé beagnach mar an gcéanna leis an dara haoi, Ivan Yates. Seachas sa gcás sin rinneadh mór den fhíric go raibh troid idir sheanathair Yates agus Rialtas na Poblachta ó thaobh múineadh na Gaeilge i scoileanna de. "Zealots", "De Velara", ceol scanrúil sa gcúlra, níos mó íomhánna de Dev.

Is toradh an clár seo de (A) Chogadh na Saoirse .i. dódh na Ceithre Chúirteanna agus na doiciméid ginealais a bhí ann, (B) Dearg-Choilíneachas i gcoitinne agus an meon coilínithe a fháisceann as .i. cine nach dtuigeann cé hiad féin .i. ní mór aghaidh a thabhairt ar Shasana agus a stair nuair atá míniú ar ár stair ag teastáil.

2 comments:

ormondo said...

Is mór an trua go dtugtar an méid neamhairde sin ar a bhfuil le foghlaim sna tuairisceáin daonáirimh faoin nGaelainn agus faoi dháileadh na nGaelainne san am san mar tá an ghné sin ar cheann de na gnéithe is suimiúla ar fad i dtaca leis an daonáireamh.

Is féidir a fháil amach, mar shampla, go raibh an Ghaelainn fós beo i ndeisceart Thiobrad Árann i gcorráiteanna.

Dubhaltach said...

Is trua é sin. Ach má bhreathnaíonn tú ar an gclár seo, beidh sé ar siúl anocht, feicfidh tú nach bhfuil spéis dá laghad ag léiritheoirí na sraithe in aon ní a bhaineann leis na Gaeil.

Tá na haíonna roghnaithe d'aon ghnó ag na ag léiritheoirí ionas go bhféadaidís ceangal a dhéanamh idir iad agus ginealas thall.

Ní fheicfear duine ar an gclár nach bhfuil gaol áirithe aige/aici le huaisle Shasana.