Déardaoin, Meán Fómhair 24, 2009

M2009.09.19


Níl aon ní chomh taitneamhach agus leithinis Chorca Dhuibhne ar feadh cúpla lá le linn Samhradh Beag an Fhómhair.

D'fhágas Gleann na nGealt thoir agus a bhfuil d'aois seo ár dTiarna i mo dhiaidh an tseachtain seo caite.

Is aisteach cé chomh tábhachtach is atá an gleanntán beag sin (thíos) ar imeall na hEorpa do chultúr na tíre seo, na hEorpa féin agus an domhain go léir.

Dún Chaoin faoi sholas an tráthnóna go deimhin.

(Dún Chaoin agus Ceathrú an Fheirtéirigh le feiceáil thíos)


Sliabh an Iolair atá ar an sliabh a dhreapamar le linn ár dturas. Bhí sé déanta agam cúpla uair roimhe, ach ón taobh thoir. Ach tá cosán deas réidh feirmeoireachta ag tosnú ag Mám Clasach (an thaobh thiar) idir Dhún Chaoin agus Fionn Trá. Casann sé go deas réidh suas gan mórán stró. Siúlóid bhreá 2 uaire gan an áit plódaithe le daoine amhail Cnoc Bréanainn ar lá géine. Radhairc den chéad scoth ar fáil de Chorca Dhuibhne, Uíbh Ráthach, Sceilig Mhíchíl agus na Blascaodaí.



Is cuimhin liom an chéad uair a chonaic mé ogham, nuair a bhíos i mo mhac léinn i gCorcaigh na Mumhan .i. Coláiste Ollscoile Chorcaí. Bhí na clocha ogham á stóráil i sórt dorchla dorcha den seanfhoirgneamh. B'fhéidir go raibh scór acu ann, iad i bhfolach ó shúile fiosracha an ghnáthphobail.
Is deas le feiceáil go bhfuil an ceann seo thíos fós ina sheasamh san áit ar cuireadh ann é .i. Cill Maoilchéadair.


: A NM MAILE -I NBIR MACI BROCANN - Ainm Maol Inbhir mac Brocáin atá air de réir dealraimh.

Clog gréine Chill Maoilchéadair

4 comments:

Dennis King said...

Is deas an áit í Cill Maoilchéadair. Thaitin an clog gréine ansin go mór liom... chomh mór agus gur cheannaigh íomhá bheag airigid de ó sheodóir sa Daingean. Caithfidh mé a admháil nach féidir liom an t-ogham ar an ngallán sin a léamh. :-( Dála an scéil, tá téacs agam don charrchlós, má tá tú deonach fós. Cuirfidh mé ar mo bhlag é in éindí le grianghraf feiliúnach de na háiteanna páirceála.

Dubhaltach said...

Tá an clog gréine go breá go cinnte. Ní thuigim cén fáth nach bhfuil an maide sa chlog fós á úsáid?

Dennis King said...

An féidir nach bhfuil sé san áit cheart anois?

Dubhaltach said...

Níl aon mhaide ann anois ar chor ar bith má bhí sé ann roimhe!
féach an grianghraf sa mblagmhír.