Dé Máirt, Meán Fómhair 15, 2009

M2009.09.17

Tá an cuma air, mar sin, má íocann an rialtas dhá thrian den aghaidhluach le haghaidh sócmhainní NAMA, tá gach cosúlacht ann go gcuirfí caillteanais uafásach mór ar an gcáiníocóir, den méid €3O Billiún, nó cúigiú cuid d'ioncam náisiúnta
In aon tír eile ar domhan bheadh na mic léinn i mbun círéibeacha. Bheadh gilitín lonnaithe ar Shráid Chill Dara agus na coirpigh á dtarraingt as an Dáil chun solaoid a dhéanamh díobh.

Beidh agóid in aghaidh NAMA ar siúl amárach, á reáchtáil ag Páirtí an Lucht Oibre, agus ceann eile Dé Sathairn. Faraor dom beidh mé thíos i gCorca Dhuibhne don chuid eile den tseachtain. (An chéad uair go ndearna mé gearán faoi thuras ó dheas).

Tá iompar ceanndána an rialtais ar an gceist seo dochreidte, tá iompar na nGlasach níos measa fós.
Agus mar dhuine a vótáil ar a son san olltoghchán braithim go raibh amadán ceart déanta agam.

Iorras. Teamhair. NAMA.
Filleann an feall ar an bhfeallaire.

2 comments:

Mise Áine said...

Níl rogha againn anois, ach beidh ag an gcéad olltoghchán eile...

Dubhaltach said...

Seo an fhadhb lenár gcóras daonlathach.
Geallann na páirtithe gach uile ní faoin spéir do na toghthóirí, buann an páirtí a gheallann níos mó an olltoghchán.
Anois d'fhéadfaidís a rogha rud a dhéanamh ar feadh 5 bhliana toisc go mbeidh tromlach acu sa Dáil agus Seanad araon. Ní féidir iad a stopadh nó fiú a mhealladh go daonlathach in aon treo nach bhfuil chun a leasa féin .i. NAMA, Teamhair, Iorras.