Dé Céadaoin, Meán Fómhair 09, 2009

M2009.09.14




Fáilte in Ogham, leagan a 2

Níl a fhios agam an bhfuil sé leagtha amach i gceart agam.

Cad a déarfadh Maol Mhaedhóg Ó Morgair dá bhfaca sé a leithéid de chlaiseanna draíochta aisteach ar an gcarrchlós?

Dar le Kathrine Simms ina haiste "An Eaglais agus Filí na Scol"; nuair a bhí Maol Mhaedhóg ina bhuachaill óg in Ard Mhacha gur smaoinigh sé ar dhul mar dhalta "go dtí oide áirithe a raibh cáil air maidir leis na healaíona saora, mar a deirtear....ach, nuair a ghabh sé isteach don theach chuige, chonaic sé an fear ag imirt de bhuillí meara le meanaithe agus é ag déanamh claiseanna ar bhealach aisteach ar an bhfalla. Chuir an radharc sin amháin, de bharr a éagantachta, alltacht ar an mbuachaill stuama agus theith sé leis uaibh agus níorbh áil leis fiú súil a leagan air as sin amach"
Creidtear gurbh ogham a bhí sna claiseanna ar an bhfalla.
Bhí "eagla ar an ábhar naoimh go raibh blas draíochta agus págántachta dá réir ae a chleachtadh"

8 comments:

Dennis King said...

Séard a feicim, ó chlé go deas, ná AMALDF agus ansin dhá stríoc nach bhfuil aon bhrí leo, ?FDLAMA Bain úsáid as clár na haibítre a chuir mé ar mo bhlag anseo:

http://nimill.blogspot.com/2009/09/do-chara-liom-san-ospideal.html

agus is dóigh liom go mbeidh tú ceart go leor ansin. Tá cuma mhaith air cheana féin!

Dennis King said...

Sin agat é go díreach glan! Go raibh míle maith agat!

Agus is breá liom an scéilín faoi Mháel Máedóc. :-)

Dennis King said...

"An Eaglais agus Filí na Scol"

An bhfuil fonóta san aiste a thugann foinse an scéilín seo dúinn? Níor mhiste liom an bunleagan a léamh.

Dubhaltach said...

Tá go deimhin.
Deir sí go dtagann an scéal ó Bheatha Mhaoil Mhaedhóig Ard Mhacha le N. Bernard Clairvaux

H.J. Lawlor, St Bernard of Clairvaux's Life of St. Malachy of Armagh (London and New York 1920),9.

aonghus said...

Tá boladh an naomh seanchais Mórthíre ar an scéal sin.

Ní dóigh liom go raibh Mael Mhaedhog cúl le cine mar sin.

Is deas liom an comhoibriú blagadóireachta seo agaibh. Tá ár sráidbhaile ag dlúthú, feictear dom.

Is mó sciobóil bhreá a thógfaidh muid, lcd.

Dennis King said...

Ach is cosúil gur bhuail Bernard le Máel Máedóc faoi dhó, thall sa Fhrainc. Is féidir mar sin nach bhfuil an scéilín seo gan bhunús ar bith. Caithfidh go ndúirt M rud éigin le B faoi seo. Ní dóigh liom go mbeadh B in ann sonraí mar sin -- an meana agus an balla -- a chumadh as a intinn féin.

Dubhaltach said...

"Ní dóigh liom go raibh Mael Mhaedhog cúl le cine mar sin."

Bhí teannas láidir idir an Eaglais agus na filí san am.
Cheap an Eaglais go raibh Ogham ró-phágánach, rud a chleacht na draoithe.

Níor thug Maol Maedóg cúl le cine, thug an Eaglais cúl le haon ní a bhaineann leis na draoithe agus págántacht.
D'fhulaing an dán díreach agus an aoir dá bharr, go dtí gur osclaíodh na scoileanna

aonghus said...

Seans go bhfuil an cheart agaibh.
Tréimhse corrach laistigh agus lasmuigh den Eaglais in Éirinn a bhí ann, agus an tír ag teacht chuici féin ón gCogadh Gael le Gall.