Dé Luain, Meán Fómhair 07, 2009

M2009.09.11

Ba spéisiúil an clár "Blood of The Irish" atá á athchraoladh faoi láthair ar RTÉ arís. Agus is rud maith é go bhfuil sé á athchraoladh, fiú má tá lochtanna go leor le fáil ann go minic.

Taispeánann sé go bhfuil bunús láidir leis an miotas gur tháinig ár sinsear ó thuaisceart na Spáinne, mar a mhaígh Céitinn agus staraí Gaelacha dá leithéidí. Clann Mhíl Easpáinne más é do thoil é?

Ach thar aon ní eile is é an rud is aistí faoin gclár ná go bhfuil gaol DNA díreach idir bhroic na hÉireann agus broic na Spáinne! Agus gaol DNA díreach idir bhéir marbh na hÉireann agus béir na Spáinne.!
Níl aon ghaol díreach idir bhroic na hÉireann agus broic na Breataine de réir dealraimh!

Mar sin, maítear gur thóg na Gaeil na béir agus na broic leo ón Spáinn go hÉirinn i mbáid!

Ní thugann sé freagra cuí sásúil cén fáth go ndéanfaí a leithéid ar chor ar bith. Go pearsanta sílim go bhfuil sé beagán craiceáilte.
Nach bhfuil seans níos fearr ann go siúlfadh na broic/béir ón Spáinn go hÉirinn thar oighearshruth éigin a thug bealach sábháilte dóibh?

10 comments:

Dennis King said...

Ar léigh tú _Saxons, Vikings, and Celts: The Genetic Roots of Britain and Ireland_ le Bryan Sykes (2006) ? Shíl mé go raibh cuid mhaith stuála ann -- .i. rudaí a raibh eolas agam orthu cheana féin ;-) -- ach d'fhoghlaim mé cúpla rud nua chomh maith. Tá an-eolas ag Sykes ar an ábhar agus ní dóigh liom go bhfuil aon rud nach bhfuil iontaofa ann.

Cailliomachas said...

Dhá rud nach bhfuil ag teacht le chéile feictear dom. Ó thaobh na fola de is cosúil go bhfuil gaol ag na Gaeil leis na Bascaigh. Os a choinne sin, deirtear gur tháinig Míl Easpáine ó Galicia, ceantar a raibh cónaí ar phobal Ceilteach ann roimh aimsir Chríost. Seans go bhfuilimid ag caint faoi níos mó ná 'gabháil' amháin

Dubhaltach said...

Níor léigh Dennis.
An bhféadfá achoimre a dhéanamh?
An ndeir sé aon ní faoi na broic?

Dubhaltach said...

@Cailliomachas
Is dóigh gur tháinig dreamanna ar dtús sa tréimhse Mhéisiliteach, ó thuaisceart na Spáinne. Ait a rabhadar sular leáigh na hoighearshruthanna in Éirinn.
Is iad na Tuatha Dé Danann, na Fir Bolg?

Agus mar a dúirt tú, tháinig Míl Easpáine agus a chultúr ina dhiaidh sin.


Cad é bhur dtuairim faoi na broic agus na béir?

Cailliomachas said...

Caithfidh mé nach bhfuil aon bhonn eolaíoch nó eile agam leis an tuairim seo a Dhubhaltaigh, ach is túisce a shamhlóinn broic agus béir ag siúl ar leac oighir astu féin ná mar a shamhlóinn mairnéalaigh Bhascacha á gcur ina gcuid curach le breith leor go hÉirinn.

Dennis King said...

Níl aon rud ag Sykes ar na broic ná na béir. Dála an scéil, tá teideal eile ar a leabhar thall ansin:

_Blood of the Isles: Exploring the Genetic Roots of Our Tribal History_

Mholfainn duit é a aimsiú i siopa leabhar, más féidir, agus cúpla nóiméad a chaitheamh leis. Seo cúpla abairt duit as an gcaibidil "The DNA of Ireland":

"This is the quintessential Oisin Y-chromosome and huge numbers of Irish men carry it. [...] Jim is a native of the Orkney Islands, just off the north coast of Scotland, and he has noticed the same combination among his fellow Orcadians. It also cropped up, interestingly, in surveys of Y-chromosomes among the Basques of north-eastern Spain and among the people of Galicia in the north-west of Spain."

Dubhaltach said...

@ Dennis:
Go raibh maith agat as an mholadh, rachaidh mé ar a thóir sa leabharlann.

Tá an crómasóm-Y sin ag timpeall 95% de mhuintir Chúige Chonnacht, dar le taighde déanta ag Coláiste na Tríonóide.

Dubhaltach said...

Tagaim leat a Cailliomachas, ach is fíoraisteach nár tháinig na broic agus béir ón mBreatain má bhí sé dá gcumas siúl ann!

Dennis King said...

Níl a fhios agam an bhfuil sé seo bainteach le hábhar, ach is suimiúil an rud é go raibh tabú nó geis ar ainmneacha an dá ainmhí seo. "Artos" agus "tasgos" a bhíodh orthu i bhfad ó shin, ach níl na focail sin beo anois ach sna hainmneacha pearsanta Art agus Tadhg. Béar agus broc atá againn anois. Ach ar an láimh eile, tá ainmneacha "noa" ar chúpla ainmhí eile, mar atá an mac tíre agus an damhán alla. Agus tá an focal "broc" (broccos) chomh hársa céanna le "tasgos". So.

Dubhaltach said...

Más fíor sin déarfainn go bhfuil rud éigin agatsa ansin. Agus dá mbeadh a fhios acu ar an gclár gan amhras dhéanfaí tagairt de mar mhíniú.
Cén teanga é sin. Tá cuma Gréigis orthu.

Seans go raibh fáth cráifeach leis na hainmhithe siúd agus gurbh é sin an fáth ar thug siad na béir is broic leo.