Dé Luain, Meán Fómhair 07, 2009

M2009.09.10

Cheannaíos dhá 54c stampa cúpla nóiméad ó shin.
Agus seo thíos an íomhá a bhí orthu!

Tuigim cén fáth gur mhaith leis an Post Plandáil Uladh a chomóradh, ach ní thuigim ar chor ar bith an íomhá. Bhuel ní fíor sin, tuigim. Ach ní thuigim an easpa samhlaíochta, cad chuige an easpa samhlaíochta? Nach bhfuil sé beagáinín ró "PC"?

Ba bhreá liom íomhá de theaghlach á mharú ag fórsaí na corónach. Nó b'fhéidir teaghlaigh ar a dteitheadh ar thaobh shléibhte agus ag fáil bháis ón ocras agus ón oscailteacht. Nó píosa filíochta ón tréimhse fiú;

Roinnid í eatarthu féin,
an chríoch-sa chlainne saoirNéill,
gan phoinn do mhaigh lachtmhair Fhloinn
nach bhfuil ina acraí againn.

Díoltas Dé is ábhar ann -
fir Albain, ógí Londain
d'fhanadar ina n-áit sin -
cá áit ar ghabhadar Gaeil?

Nó cad faoi íomhá de chloigeann ar spíce ?



Cloigeann Chathaoir Uí Dhochartaigh

5 comments:

Dennis King said...

Tá na stampaí sin butt ugly, gan tooth a chur ann. (Tá mo fhreagra macarónach toisc go bhfuil an dá theanga i gceist.) Thaispeáin mé iad do chara anseo, fear gan Ghaeilge, agus dúirt sé ar an toirt gurb é an leagan Gaeilge is gránna. Aontaím leis. :-(

Dubhaltach said...

Gan amhras, tá an cuma air gur chruthaigh páistí é

Dubhaltach said...

"macarónach" (le véarsaíocht) dhá theanga a bheith trí chéile inti.

Is maith liom é :)

Mise Áine said...

Tá samhlaíocht ag páistí...:-)

Dubhaltach said...

is fíor sin Áine, tá an tsamhlaíocht acu ar a laghad ní chruthóidís dearcadh chomh leamh.
Is náireach an dearadh atá ar an gceann Gaelach!