Dé Luain, Meán Fómhair 07, 2009

M2009.09.09

Níor chuir Pól Ó Muirí fiacail ann ina eagarfhocal i gComhar na míosa seo.

"Tá suíomh beag Idirlín againn féin ach caitheann muid dua mór leis an iris a chuirtear i gcló...díríonn muid ar dhaoine nach bhfuil eagla orthu roimh ailt a léamh, seachas blúirí blag"
"..gach seans go bhfuil muid ag déanamh freastal níos fearr, níos réabhlóidí, níos cultúrtha, níos dúshlánaí, ar léitheoirí ná mórán blaganna buile."

Cé leis na "blaganna buile"?
An Liathánach? an Almhanach fiú?

8 comments:

aonghus said...

Bhuel, chuir mé nóta chuig Comhar ag rá nach raibh fúm mo shíntiúis a athnuachan, agus ag fógairt go raibh breis faoi ar mo bhlag.

Agus gan amhras, tá faltanas ag dul i bhfad siar idir an Liathánach agus an Muiríoch.

Ach an bhfuil aon ní réabhlóideach - nó leath chonspóideach fiú - san cuid eile den iris?

Dubhaltach said...

Aonghuis tá sé chomh leamh sin gur chuir sé frustrachas orm!

Mise Áine said...

Bíonn 'rámhaille' nó dhó ar mo bhlagsa, a fheara, ach nílim iomlán cinnte gur ormsa a díríodh na focail sin...:-)

Dubhaltach said...

Gach seans go raibh! Ní an Muiríoch ró-thógtha leis na blaganna mallaithe.

aonghus said...

Ritheann sé liom go m'bhféidir gurbh é nós* atá ag deánamh scime dó. Níl mise in iomaíocht le Comhar - caitheamh aimisre mo bhlag, níl airgead á fáil ná á lorg agam.

Ach nós* agus Nuacht24... sin scéal eile!

Dubhaltach said...

Seans an-mhaith go bhfuil an ceart agatsa leis sin.
Is minic a mhaígh Gearóid Ó Cairealláin gur rud réabhlóideach a bhí i Nuacht24/An Druma Mór toisc go bhfuil sé ag eascairt as an bpobal gan cúnamh stáit, agus go bhfuil an obair go léir ann á déanamh go deonach.
Is amhlaidh le Nós mar atá a fhios agat.

Ach níl Nós nó Nuacht24 in iomaíocht le Comhar! Déarfainn go bhfuil an cath sin ina chloigeann féin

aonghus said...

Hmm. Is cosúil go bhfuil mé fós i dteideal eagrán na míosa seo.

Tá sé tagtha anois, agus eagarfhocal Phóil léite agam.

Ach ní léim an rud chéanna ann agus a chonaic tusa. B'é mo cháineadh go raibh gnéithe den iris ró chosúil le blag!

Aontaím le Pól faoin slat tomhais d'iris. Ach, i mo thuairim, ní shroicheann Comhar an slat tomhais sin faoi láthair.

Dubhaltach said...

Cad iad na "blaganna buile" mar sin?