Dé hAoine, Meán Fómhair 04, 2009

M2009.09.06

Tacaíonn bourgeoisie Bhaile Átha Cliath go mór le Conradh Liospóin dar leis an bpobalbhreith is nuaí san Irish Times, níos mó ná aon dream eile sa tír.
Is spéisiúil freisin go bhfuil a leithéid de phóstaer thíos le feiceáil ar lampaí timpeall na cathrach sin leis.



Seo an sórt Shock Doctrine a úsáidtear chun eagla a chur ar dhaoine ionas go mbraitheann siad faoi bhagairt ó rud éigin nach bhfuil ann. Nuair atáid ag mothú go bhfuilid faoi bhagairt tá sé níos éasca cur ina luí orthu glacadh le seo nó siúd. Conradh Caipitlíoch Liospóin sa gcás seo.

Agus caithfear an cheist a chur; tá an bhean seo níos sábháilte ó cad go díreach?
Cén fáth gur chóir go mbeadh eagla uirthi mura vótálann sé i bhfách le Conradh Liospóin, ní bheidh éinne ag fágáil an Aontais!
Agus cén fáth gur roghnaíodh bean seachas fear mar atá le feiceáil ar na póstaeir eile?
An mbeidh sí níos sábháilte ag siúl abhaile san oíche?
An ndéanfaidh tionscal tioncharach armála na hEorpa cosaint uirthi le níos mó armála i ndiaidh daingniú an Chonartha ?

Scannalach.
Seo an píosa bolscaireachta is cliste a bhfaca mé le fada an lá. Ach seo an píosa bolscaireachta is áiféisí leis. Is náireach an treo a bhfuil feachtais polaitíochta ag dul sa tír seo.

Ní amháin sin ach níl aon rud le feiceáil ar aon phóstaer, a chonaic mise go dtí seo, a phléann aon rud atá sa gConradh féin; "Vote for Jobs" srl. "Tá, ar mhaithe leis an nGeilleagar"
Cén baint atá ag Jobs nó an geilleagar le Conradh Liospóin?

Feictear domsa go bhfuil an feachtas seo á throid ar an mbonn go bhfuil ár mballraíocht san Aontas i mbaol mura vótálann muid i bhfách leis.
Tá an ceacht foghlamtha ag lucht "Tá" ón reifreann an bhliain seo caite .i. ní fhéadfaí an reifreann a bhuachan ar fhíricí an Chonartha féin.
"Teastaíonn an Eoraip ó Éirinn" & "Is láidre muid leis an Eoraip"
Níl a fhios agam an bhfuil éinne ag maíomh a mhalairt.
Chíor Titley an t-ábhar seo an tseachtain seo caite.




Ar a laghad bhíodar cáiréiseach a ndóthain gan a gceannaithe a chur ar na póstaeir i mbliana.

2 comments:

Dennis King said...

Ní féidir Gaeilge Fhianna Fáil a lochtú ar aon nós, murab ionann agus "sa Conradh Liospóin" ó SF.

Dubhaltach said...

:)
Is fíor sin Dennis. Tá Fianna Fáil le moladh as sin go cinnte. Níl aon Ghaeilge le feiceáil ar na póstaeir curtha suas ag Fine Gael, agus níor thosaigh Páirtí an Lucht Oibre a fheachtas go fóill. Bheadh iontas orm dá mbeadh Gaeilge le feiceáil ar a bpóstaer