Déardaoin, Meán Fómhair 03, 2009

M2009.09.05

Cad atá Déiseach ag déanamh ina chónaí ar chúl Shliabh Gamh fuar fiáin i Luíne Contae Shligigh?


Bliain ár dTiarna 1654 atá ann, agus tagann cnag láidir ar dhoras Dhéagláin Mac an Déisigh , abair!
"By order of Oliver Cromwell, Lord protector of England, Scotland & Ireland , you are ordered to leave these lands for Connaught"
Cuirtear píosa páipéar oifigiúil, atá i mBéarla, ar an doras le casúr is tairne. Ní thuigeann an teaghlach cad a deireann sé, ach tá a fhios acu go raibh an lá seo ag teacht. Bhí na teaghlaigh sna gleannta thall díbeartha as a dtithe cúpla seachtain roimhe agus an scéal scaipthe sa dúiche faoi Ach of Settlement atá anois curtha i bhfeidhm. Tá sé orthu bogadh anois thar an tSionainn siar go Cúige Chonnacht agus cur fúthu áit éigin ann, tá 3 lá acu bailiú leo amach as an nDéise agus slán a fhágáil do thalamh fial a seacht sinsir siar.
Beirtear chomh mór dá gcuid maoine agus is féidir leo, ach tá an turas seo le déanamh sa gheimhreadh thar beagnach 300km, agus tá oighearaois bheag ag reo na tíre.
Sroicheann teaghlach (nó a shliocht b'fhéidir) Dhealgáin Cúl Dálaigh, i Luíne Contae Shligigh faoi dheireadh thiar thall.
Déantar iarracht talamh na sléibhte siúd a shaothrú, ach is mó an difríocht idir an talamh sin agus talamh na Déise.

Léim chun tosaigh beagnach 260 bliain, trí chruatan, ghortaí, phéindlíthe agus ghéarleanúint. Tá sliocht Dhealgáin, Seán Mac an Déisigh, ina fhear tí i gCúl Dálaigh ar chúl Shliabh Gamh ag amharc ó dheas thar mánna Chonnachta.
Ceantar measartha láidir Gaeltachta atá i gCúl Dálaigh fós, as na 32 teaghlach sa gceantar labhraíonn 30 teaghlach Gaeilge.
Bliain ár dTiarna 1911 atá ann agus tá an daonáireamh le líonadh, ach, níl scríobh nó léamh an Béarla ag Seán nó ag a bhean chéile Bridget. Cabhraíonn áiritheoir an daonáirimh é a líonadh dóibh, fágann Seán a mharc ar an leathanach le X.
Téann siad síos mar Bhéarlóirí.
88 bliain níos déanaí, i 1999, faigheann mic Sheáin bás, Pádraig agus Seán Óg, is iad na Cainteoirí dúchais deireanacha Gaeilge i gContae Shligigh.

2 comments:

Mise Áine said...

Táim den bharúil nach féidir brath go hiomlán ar an daonáireamh mar fhoinse eolais ar úsáid na teanga sa tír seo san am a caitheadh, más fíor an méid seo uait, a chara.

Deacair a chreidiúint gur mhair an Ghaeilge leis an mbeirt deartháireacha sin ar feadh a saoil, i ngan fhios murach na Tuohy’s, agus meas tú cén tionchar a bheadh ag an tsochaí ar theanga na beirte dá mba rud é nach raibh an ‘isolated lifestyle’ sin acu?

Dubhaltach said...

Sílim go bhfuil sé aontaithe go forleathan nach raibh fonn ar dhaoine admháil go raibh an teanga acu thiar i 1911 go háirithe daoine níos óige nach raibh sé chomh líofa acu agus a bhí a gcuid Béarla.

Maidir leis an tionchar a d'imreodh sochaí ar theanga na beirte is cinnte go mbeadh níos mó Béarla á labhairt acu agus gan amhras bheadh an teanga sin acu leis más mian leo trádáil a dhéanamh sna bailte beaga timpeall an cheantair.