Dé Máirt, Meán Fómhair 01, 2009

M2009.09.01

Táim go pearsanta go mór i bhfách le tuirbíní gaoithe mar uirlis chun fuinneamh úsáideach leictreach a sholáthar as fuinneamh nádúrtha na gaoithe. Ach tá an fhadhb ann i gcónaí faoi lonnú na dtuirbíní céanna i gceantair a bhfuil daoine ina gcónaí iontu. An bhfuil sé cóir agus ceart amharc-thruailliú a cheadú le aer-thruailliú a laghdú?
Seo an radharc i Leacain Contae Shligigh, mo cheantar dúchais.
(Cliceáil le haghaidh pictiúir atá níos mó)




Go díreach faoi bhun an chéad tuirbín thuas rugadh is a tógadh Dubhaltach Óg Mac Fhirbhisigh, agus is san áit seo a chaith sé laethanta deiridh a shaol. Go díreach faoi bhun an thuirbín seo bhí scoil éigse Clann Mhic Fhirbhisigh lonnaithe, an áit ar scríobh Giolla Íosa Mór Leabhar Mór Leacain (le cúnamh óna mhac léinn Murchadh Riabhach Ó Cuinnlis)

Smaoiním fúthu agus cad a cheapfaidís dá bhfeicfidís agus dá gcloisfidís a leithéid de chrainn os cionn a scoil éigse/caisleán. Is dóichí go gceapfaidís mar a cheapann na Gaeil a rugadh is a tógadh san áit céanna sa lá atá inniu ann. Sé sin, is fuath leo na trí tuirbín atá lonnaithe i Leacain. Cruthaíonn an fuath seo fearg iontu faoi chuile ní a bhaineann le ceisteanna comhshaoil agus timpeallachta agus is mór an trua é sin.
Ar chóir tuirbíní gaoithe go léir a lonnú amuigh san fharraige ar siúl ó dhaoine agus na fadhbanna a chruthaíonn siad.

Seo thíos an léacht a chuireadh in aice le fothracha an chaisleáin in ómós do Dhubhaltach agus b'fhéidir ceann de na clainne is tábhachtaí in oidhreacht na tíre seo!

10 comments:

Dennis King said...

Cad é an Ghaeilge ar NIMBY?

Dubhaltach said...

NIMBY go díreach. NIMC

Ar mhaith leatsa iad a fheiceáil i do chúlghairdín?

Dennis King said...

Tá cónaí orm i gcathair. Gobann chuile shaghas rudaí aníos sa spéir anseo, an Space Needle ina measc. Is cuid den radharc iad. Bheadh tuirbín gaoithe níos úsáidí ná an Spaced Needle.

aonghus said...

Fear cathrach mise freisin.

Ach sílim go mbeadh ár sinsear measartha sásta go raibh forbairt i ndán dá dtáilte. Rud measartha nua atá san díphoibliú seo faoin dtuath, agus an sceirdiúlacht a shamhlítear leis.

Agus san áit a bhfuil pobail, tá forignimh - muilte gaoithe ina measc.

Dubhaltach said...

@Dennis
Tá an Space Needle ar fheabhas! Cur an Space Needle i gcomparáid leis an Spier i mBaile Átha Cliath.
Agus dála an scéil, an ndéanann an SN glór tríd an oíche nuair atá an gaoth ag séideadh go láidir?

@Aonghus
Bheifeá sásta le tuirbín gaoithe i do chúlghairdín mar sin Aonghuis?

Agus cad faoi amharc-thruailliú?
Nár chóir go gcuirfí sin san áireamh freisin nuair atá lonnú na dtuirbíní á mbeartú?

aonghus said...

1) Bheadh. (Tá na cinn sa bhfarraige ós comhair an Inbhir Mhóir gar go leor dom)
2) Ba cheart é chuir san áireamh, ach gan slat tomhais daingean a dhéanamh de. Ní fíor gur geal gach nua - uaireanta is corr gach nua, ach téitear i dtaithí air.

Dennis King said...

Níl an Space Needle callánach, go bhfios dom, ach tá na bóthair agus na mótarbhealaí (I5 agus US90 go háirithe, agus an droichead 520 ón áit seo) le cloisteáil 24/7, gan trácht ar na heitleáin go léir os ár gcionn. Ní bheadh i dtuirbín gaoithe anseo ach cuid eile den "white noise", den chloschúlra. Rud amháin a chuireann imní orm: is cosúil go maraíonn siad a lán éan.

aonghus said...

De réir an scéil seo, tá an ráta éin a mharaíonn tuirbiní ag titim go seasta, agus tá fuinneoga i bhfad níos baolaí!

Caithfear éin a chuir san áireamh freisin, dar ndóigh.

Tá a lán ceisteanna le cuir san áireamh le haon píosa mhór bonneagar.

Dubhaltach said...

@ Aonghus
Mar a dúirt tú, tá na cinn siúd sa bhfarraige amuigh (10km)!

Nílid díreach in aice le do theachsa.
Agus nuair a deirim go díreach ciallaím go díreach .i. cúlghairdín

aonghus said...

Le bheith ionraic, ba chuma liom. Ach is i suanlios de bhruachbhaile ina bhfuil cónaí ormsa!

Luaigh mé na cinn eile ó thaobh athrú ar radharc.