Is olc an rud é nuair a théann leabhar as cló, na smaointe, na focail, eachtraí spéisiúla dhuine eile, turas saoil, iad go léir imithe nuair nach léitear an saothar a thuilleadh.
Más olc an rud é mar sin, caithfear a rá gur rud iontach ar fad é má chuirtear i gcló aríst é.
Is amhlaidh an cás le leabhar Choilm Uí Ghaora, Mise.
Sa lá atá inniu ann scríobhtar leabhair dírbheathaisnéisí faoi daoine mór le rá atá aghaidh na ndaoine go mór orthu, polaiteoirí ina measc, nó den chuid is mó den am scríobhann duine eile a ndírbheathaisnéis ar a son!
Ní amhlaidh an cás le leabhar Choilm Uí Ghaora, Mise.
Seo seod, seod luachmhar tábhachtach a deirim, de leabhar faoi shaol mhic Uí Ghaora. Rugadh Colm in Inbhear, Ros Muc ar an 29ú Eanáir, 1887. faigheann sé bás i 1954, agus idir 1887 agus 1954 déanann an duine seo gach uile rud a d'fhéadfadh sé a dhéanamh ar son teanga dúchais na hÉireann agus a saoirse araon.
Ní dírbheathaisnéis amháin atá sa leabhar seo ná baol air, seo cuntas stairiúil, ábhar tagartha tábhachtach. Sa leabhar faightear eolas agus mionsonraí faoi dhuine ar nós Pádraig Mhic Phiarais, Sheáin Mhic Dhiarmada srl
Bhí dúil nach beag ag an bPiarsach i tae!
Sa leabhar faightear eolas agus mionsonraí faoi staid na Gaeilge i gContae Mhaigh Eo, Iorras, agus timpeall na tíre. Bhí sé ina múinteoir ar sheacht scoil in Iorras Mór.
Sa leabhar faightear eolas agus mionsonraí faoi chogadh na saoirse agus Ó Gaora i mbruíon aistreach ag gníomhú i measc sléibhte Chonamara agus Mhaigh Eo ag cur troid ar Dhúchrónaigh is políos.
Ba chóir go mbeadh níos mó cainte agus plé faoi shaol Uí Ghaora sa lá atá inniu ann.
Má léann tú aon rud i mbliana léigh an dírbheathaisnéis seo.
Faraor, níl aon chuntas sa leabhar faoi shaol Uí Ghaora i ndiaidh gCogadh na Saoirse agus cad a rinne sé le linn Cogadh na gCarad!
Amhail an Gorta Mór ní bhíonn fonn ar an nGael labhairt amach go poiblí ar cad a tharla le linn cogadh na gcarad.
3 comments:
Ní raibh mé riamh in ann beathaisnéis ná dírbheathaisnéis ná mémoire a chríochnú. D'éirigh mé as an iarracht i bhfad ó shin. Is léir go bhfuil dhá chineál daoine ann: iad siúd a léann a leithéid go fonnmhar ar an trá, agus daoine eile cosúil liomsa nach dtuigeann cén fáth. Admháil: léigh mé "Peig" agus "Fiche Bliain ag Fás" ó thús deireadh, ach ní raibh an dara rogha agam. :-)
Tagaim leat Dennis, ach ní shílim gur chóir scéal Choilm a chur sa mbád céanna agus gach uile dírbheathaisnéis eile, Scéal mhuintir na mBlascaod ina measc.
Seo scéal le substaint.
Post a Comment