Boladh ag baint le fómhar
cumha á chur os mo chomhair,
talamh fliuch fuar agus geal
is fada drúcht ina seal.
Níl tada fós ina bhláth
tinn is lag atá ár ngrá,
'Mhuire, a Íosa, a Rí
tabhair cúnamh dár ngrá gnaoi.
Níl cúnamh agamsa di
ach paidir, gol is crá croí,
i lámha Dé a hanam séimh
ná beir Leatsa ár stór caomh.
Déanfad síor-aithris ar sailm naofa is dánta chóir
dá bhfaighinn Uait suaimhneas beag dár ndea-stór
a Rí gan locht gan smál gan crá lán cumhachta mór
tá Do Lámh ag teastáil go géar anois sa bhfómhar.
2 comments:
Más scéal ded chuid féin é seo, ní maith liom do thrioblóid.
go raibh maith agat a Aonghuis
Post a Comment