Seanchas na Féinne le Niall Ó Domhnaill.
Níl a fhios agam an bhfuilid ag múineadh na scéalta faoi Fhionn mac Cumhaill agus na Fianna i mbunscoileanna na tíre fós, ach is cuimhin liom iad amhail is go raibh sé inné a d'fhoghlaim mé faoi Fhionn, an Bradán Feasa, Diarmuid agus Gráinne srl as leabhar staire dathannach agus mé i mo ghasúr.
Is cuimhin liom go cruinn an pictiúr d'Fhionn ag dó a ordóg ar an mbradán feasa agus an file bocht ina dhiaidh ar buile gur fuair sé an fios.
Agus d'fhan na scéalta siúd beo i m'aigne i gcónaí, ach i ndáiríre seachas an leabhairín sin is cúpla scéal faoi Fhionn i mo cheantar dúchais -faoi chloch áitiúil agus carn áitiúil- ní raibh scéalaíocht chruinn faoi na Fianna agus an Fhiannaíocht agamsa go dtí gur léigh mé Seanchas na Féinne, agus tá i bhfad níos mó do na scéalta siúd ná mar a cheap mé ar dtús.
Sa scéal, mar atá a fhios ag gach éinne, tá na scéalta faoi na Fianna á n-aithris ag Oisín mac Fhinn agus Caoilte mac Rónáin -a mhair i ndiaidh na Féinne- le Pádraig mac Calprainn .i. naomh Phádraig.
Agus dá mbeadh na scéalta iontacha seo fós i mbéal na nÉireannach sa lá atá inniu ann níl seans dá laghad ar domhan go ligfeadh éinne an scrios atá ag tarlú fé láthair i nGleann Gabhra i aice le Teamhair a dhul ar aghaidh.
Ní ligfeadh éinne an scrios atá ag tarlú do Chnoc Alúine (an áit inar chónaigh na Fianna fadó)- a dhul ar aghaidh ach an oiread.
Tá an stair agus an oidhreacht shaibhir seo a bhaineann leis na háiteanna seo ró-thábhachtach dúinn mar náisiún.
Seans nach dtaitneodh an leabhar seo le chuile dhuine sa lá atá inniu ann i ndáiríre, ach domhsa féin níl a shárú le fáil le haghaidh píosa léitheoireachta breátha seanchasa a thugann léargas spéisiúil dúinn ar Éirinn roimh gCríostaíocht.
No comments:
Post a Comment