Dé Céadaoin, Lúnasa 27, 2008

M2008.08.06

Hula Hul le Seán Mac Mathúna

Go pearsanta, sílim go bhfuil sé níos deacra léirmheas a thabhairt ar leabhar a bhfuil léirmheas déanta air cheana féin.
Sa gcás seo tá ceann déanta ag Pól Ó Muirí i mBeo air.

Agus mar a d'fhéadfaí a léamh ón léirmheas sin baineann an scéal seo le triúr .i. Mait Dálaigh, captaen san IRA, Cáit Ní Bhric, cailín aimsire atá ag obair sa teach sábháilte, thuas sna sléibhte -Na Cruacha Dubha i gCiarraí- agus an príosúnach Breen.
Tá an cogadh cathartha ag teacht chun deiridh in Éirinn, níl ach dhá mhí fágtha de, go dtí go bhfuil sé críochnaithe go hoifigiúil, ach tá sé a bheag nó a mhór críochnaithe i gCiarraí.
I meon Mhait (príomhcharachtar an leabhair) tá sé ar aon nós.

Tosaíonn an scéal go hiontach ag insint scéal Mhait dúinn. Eisean ag obair lena mhuintir agus é óg, eisean ag freastal ar scoil agus é níos sine, agus é ina fhear san IRA ag déanamh aithris ar Chúirt an Mheán Oíche sa ngairdín mar phaidir fhada ionas nach lámhachfadh beirt Free Staters é srl.
Is féidir carachtar Mhait Dhálaigh a thuiscint, agus is carachtar maith é, carachtar taitneamhach.
Tá sé bacach agus tá an cos bhacach sin lárnach i ngach uile scéal a bhaineann le Mait.
Tá coinsias láidir ag Mait freisin, níl fonn air a bheith ag troid nó a bheith ag cur fealltóirí chun báis a thuilleadh, go hairid leis an gcogadh ag teacht chun deiridh.
Agus bogann an scéal ar aghaidh ar an téama sin .i. Cogadh na gCarad.

Buaileann muid le Cáit sa teach sábháilte, tá stair eatarthu .i. Mait agus Cáit, grá? Ach, mhaslaigh Mait Cáit roimhe seo (de réir dealraimh!) agus níl siad go hiomlán ar a suaimhneas le chéile anois.

Ansin tagann Breen isteach sa scéal mar phríosúnach de chuid na nIrregulars agus tá ordaithe ag an nDálach é a thabhairt go dtí an scoil áitiúil sa Seanabhaile.
Níl a fhios ag éinne cén fáth, seachas Breen, agus níl sé a rá.

Ach de réir a chéile fágann an scéal an téama seo faoi Chogadh na gCarad ina dhiaidh, agus athraíonn sé ina scéal rómánsach, agus 'seard atá sa leabhar seo, leabhar rómánsach.
Anois níl aon rud mícheart leis sin ar chor ar bith, agus is féidir le Mac Mathúna é a láimhseáil go deas liteartha mar a rinne sé go dtí an pointe sin.

Ach go pearsanta, bhí díomá ormsa, leis an bhfírinne a rá.

Nuair a bhíos á léamh ina dhiaidh an phointe sin rith sé liom go rabhas ag súil go mbeadh sé ag dul ar ais go dtí an scéal faoin gcogadh!
B'fhéidir go mbeadh níos mó le léamh faoin gcarachtar sin, an "Free Stater" as Tamhlacht, ar an bpianó ag seinm The Rose of Tralee, san óstán i dTrá Lí, ina siúlann Mait agus na saighdiúirí eile isteach ann ar a mullach?
Ach ní raibh. Faraor.

Dúirt Ó Muirí i leith an athraithe sa scéal:
Níor cheart go n-éireodh leis; níor cheart go mbeadh sé chomh dalba sin lena léitheoirí agus suíomh agus béim an scéil a athrú ó Saving Private Ryan go The Quiet Man. Ach éiríonn leis

Thuig mé cad a bhí sé ag iarraidh a bhaint amach, ach i mo thuairimse níor éirigh leis, ach b'fhéidir gur éirigh leis, ach níor thaitin sé liomsa. 'Sea, sin é.
Ní eipic an leabhar seo, agus níor bhraith mé go rabhas ag léamh eipic, sa gcaoi a mbraith mé nuair a léigh mé Fontenoy nó An Cléireach don chéad uair.

Ach tríd is tríd agus é sin ráite, is leabhar thart a bheith iontach é le scéal thar a bheith samhlaíoch.

No comments: