Dé Luain, Lúnasa 25, 2008

M2008.08.05

Feis Tigh Chonáin le Darach Ó Scolaí

Athscríobh dár linne atá sa scéal fiannaíocht seo ó Darach Ó Scolaí, seoid dheas de scéal atá ann a léigh is a chuala ár sinsir cois teallaigh fadó.

Tá an scéal faoi Fhionn mac Cumhaill agus a ghiolla seilge Diorraing mac Doghuir agus iad caillte ar a n-aonar tar éis lá fada sceilge leis an bhFiann.
I ndorchadas na hoíche tháinig siad ar Dhún Chonáin, fear a bhfuil stair aige le Fionn, stair atá achrannach is foréigneach.
Caitheann Fionn is Diorraing an oíche i dtigh Chonáin Chinn tSléibhe ag scéalaíocht faoi na Fianna cois teallaigh. Conán ag cur na ceisteanna faoi eachtraí Fhinn le linn a shaol. Mac Cumhaill mhic Treánmhóir Uí Bhaoiscne á bhfreagairt agus scéalta fíor-taitneamhacha iontu.

Feiceann muid taobh dorcha d'Fhinn mac Cumhaill freisin .i. Fear a bhí cheangailte síos aige agus eisean ag impí ar Fhionn gan a bhean chéile a éigniú agus ise a scriosadh!
Tugann an fear a iníon d'Fhionn ina háit.

Ach leabhar beag atá sa scéal seo agus costas cuíosach ard air freisin, bím ag súil lena leithéid ó Leabhar Breac.
Ach bíonn sár-shaothair ag teacht ón bhfoilsitheoir sin agus ní ligeann siad síos thú. Is fiú an costas.

Rith sé liom agus mé ag léamh an scéala seo cé chomh mór is a chuaigh a leithéid de scéal fiannaíochta i bhfeidhm ar Ó Scolaí agus é ag scríobh An Cléireach. Fíor-spéisiúil.

5 comments:

aonghus said...

Is cuid den saol as ar fáisceadh an Cléireach [an duine agus an t-úrscéal] scéalta mar é.

Saol a bhfuil ar nasc leis lagaithe go mór ag "srathair sibhialtacht an Bhéarla" mar a thug an Ríordánach air.

Is maith ann Ó Scolaí agus a chairde ag breacadh na scéalta seo i leabhair dúinn!

Dennis King said...

"Is fiú an costas." Is fiú an costas é gan dabht dá laghad! Bhain mé an-sult as cúpla bliain ó shin. Tá "An Cléireach" ceannaithe agam agus tá sé ag feitheamh liom anois. (Tá cúpla leabhar eile sa scuaine roimhe.)

Dubhaltach said...

Dúirt Aonghus:
"Saol a bhfuil ar nasc leis lagaithe go mór ag "srathair sibhialtacht an Bhéarla" mar a thug an Ríordánach air."

Is fíor duit. Go pearsanta táim na scéalta seo nua domsa freisin. Agus sílim gur oscail An Cléireach an doras sin dom.

"Is maith ann Ó Scolaí agus a chairde ag breacadh na scéalta seo i leabhair dúinn!"

Tá níos mó moladh tuillte acu i ndáiríre.

Dúirt Dennis:
"Is fiú an costas."

Ach má chuireann tú é i gcomparáid leis an leabhar Seanchas na Féinne (á léamh agam faoi láthair) feictear go bhfuil níos mó scéil dá Euro má thuigeann tú leat mé.

Ach ní cháineadh sin ar an saothar, cáineadh ar an bhfoilsitheoir is ea é is dócha!

"Tá "An Cléireach" ceannaithe agam agus tá sé ag feitheamh liom anois"

Sílim go mbainfidh tú taitneamh as

Dennis King said...

Dúirt tú: "Seanchas na Féinne (á léamh agam faoi láthair)."

An-leabhar é sin... agus níos fearr fós ó fuair mé ar lascaine é ó Phowell's Books i bPortland (Oregon) cúpla bliain ó shin. Bhí mé i bPortland arís an deireadh seachtaine seo caite agus thug mé cuairt ar Phowell's, mar is iondúil. Fuair mé cóip nua den aistriúchán Gaeilge de "Artemis Fowl" ansin ar $6.98 ~ €4.75. :-)

Dubhaltach said...

"An-leabhar é sin"

Cinnte, táim ag baint an-sult as.

"Fuair mé cóip nua den aistriúchán Gaeilge de "Artemis Fowl" ansin ar $6.98 ~ €4.75. :-)"

Anois, sin margadh.