Dé hAoine, Deireadh Fómhair 07, 2011

M2011.10.01

Tá dán de chuid Brecht ag dul thart, i gciorcail áirithe, mar fhreagra den mhór is fiú atá á dhéanamh ar son anam Stíobh Diobs agus "an méid a chruthaigh sé" le linn a shaoil.

Sílim gur fiú Gaeilge a chur air:

Fragen eines lesenden Arbeiters

Cé a thóg Téibh na seacht ngeata?
Sna leabhair a gheofar ainmneacha na ríthe.
Ar iompair na ríthe cairn carraigeacha?
Agus An Bhablóin, leagtha go minic.
Cé a thóg in athuair é? Cé na tithe óir-ghléineacha Líoma
inar chónaigh a tógálaithe?
Cén áit, an tráthnóna a chríochnaigh Balla Mór na Síne, a ndeachaigh na saoir?
An Róimh Mhór
Lán le háirsí mórchúiseacha. Cé a thóg iad?
Cé orthu a bhí na Caesair buach?
Nach raibh ach páláis ag An Bhiosáint, molta go hard in amhrán, dá áitritheoirí?
Fiú in Atlantas finscéalach.
An oíche ar shlóg an fharraige í
Ghuigh lucht báite dá sclábhaithe.

Chloígh Alastar óg An Ind
An raibh sé ar a aonar?
Fuair Caesar an lámh in uachtar ar na Gallaigh.
Nach raibh cócaire leis fiú?

Ghoil Philip na Spáinne nuair a chuaigh a chabhlach
go tóin poill. An eisean an t-aon duine a ghoil?
Bhuaigh Feardorcha a Dó Cogadh na Seacht mBliana. Cé
eile a bhuaigh é?

Ar gach leathanach bua.
Cé a rinne cócaireacht d'fhleá na mbuaiteoirí?
Gach deich mbliain fear mór?
Cé a íoc an bille?

An méid sin tuairiscí.
An méid sin ceisteanna.

Déardaoin, Meán Fómhair 08, 2011

M2011.09.01

Is fiú mo thost a bhriseadh agus an ceann seo a roinnt:

Blag nua iontach a dhíríonn ar an scannal millteanach is ea "Jobsbridge".

Tá na scéimeanna scannalacha éagórach dúshaothrach seo á reáchtáil ó thús 2010.
Ar dtús faoi WPP Fhianna Fáil, agus anois faoi Jobsbridge Fhine Gael. Níl ann ach iarracht neamhbhalbh coinníollacha pá is oibre a bhrú síos, nó coinníollacha pá is oibre ar fad a scriosadh!

Táim ag caint faoin scannal seo le fada, agus ag iarraidh aird a tharraingt air, gan mórán toradh.
Ach, táim ag ceapadh anois go ndéanfadh an blag nua sin an gníomh, go háirithe má leanann lucht blagadóireachta, Fésbúk agus Twitter é.

Bhí ar chomhlacht gaimbíneach amháin "Springfort Hall", Teach Mór na mBuirgéiseach i Mala contae Corcaigh, bhí orthu a fhógra le haghaidh sclábhaithe a tharraingt síos as an suíomh sclábhaíochta de bharr brú millteanach ó blagadóirí is lucht twitter ag caitheamh anuas orthu! Féach anseo ar Twitter

Cuireann Jobsbridge an méid seo i gcuimhne dhom i gcónaí:
Caithfidh staid an oibrí, pé ar bith cén íocaíocht a fhaigheann sé, ard nó íseal, dul in olcas de réir mar a charntar caipiteal.
Ar deireadh comhtháthaíonn an dlí a choinníonn an cúltaca tionsclaíoch (daoine dífhostaithe de bharr ghnáthcliseadh an chórais) i gcothromaíocht le raon agus fuinneamh an charntha i gcónaí, comhtháthaíonn sé an t-oibrí leis an gcaipiteal níos doichte ná mar a rinne dingeacha Heiféisteas Proiméitéas a chomhtháthú leis na carraigeacha. Cuireann sé mar choinníoll leis an gcarnadh caipitil a chóimhéid de charnadh ainnise.
Is ionann saibhreas a charnadh ag ceann amháin agus, san am céanna, ainnise, crá oibre, sclábhaíocht, aineolas, brúidiú agus táire mhorálta a charnadh ag an gceann eile, .i. ar thaobh na haicme a tháirgeann a táirge féin mar chaipiteal"*

Nó i bhfocail eile; chun brabús a chinntiú caithfidh an caipitlí an lucht oibre a dhúshaothrú .i. caithfidh an lucht oibre a mbreisluach a mhéadú ionas go bhféadfadh an caipitlí brabús a chinntiú agus leanúint leis an gcarnadh caipitil.
Is iad pá agus uaireanta oibre na baic is mó in aghaidh an bhrabúis seo, an "carnadh caipitil".

Agus déanann an scéim seo cinnte de nach mbeadh dris chosain ar bith roimh lucht caipitil brabús príobháideach a dhéanamh. Ar son lucht gaimbín amháin a fheidhmíonn Jobsbridge, agus d'aimhleas gach uile dhuine eile .

* aistriúchán le Aindrias Ó Cathasaigh, le fáil ina aiste "Marx agus roinnt an bhodaigh" sa leabhar "Faoin Bhratach Dhearg - aistí sóisialacha"

Dé Máirt, Iúil 05, 2011

M2011.07.02

Buíochas leis an sean-rialtas bhí scéim sclábhaíochta againn dar teideal WWP, anois feicfear go bhfuil an rialtas nua ag leathnú na scéime céanna faoin teideal Job Bridge

Más olc dúinn a bheith inár sclábhaithe pá tá sé seacht uaire ní ba mheasa a bheith i do sclábhaí lom. Agus sin go díreach atá i gceist leis na scéimeanna seo.

D'fhéadfadh, as seo amach, na "haonaid de chaipiteal daonna atá gan post" taithí luachmhar a fháil ag cruachadh earraí ar seilfeanna, nó ag glanadh potaí is leithris shalacha do lucht rachmais.
Ionas go mbeadh deis ní ba fhearr acu, amach anseo, a gcumas oibre a dhíol le caipitlí éigin.

Ach n'fheadar cén fáth go mbeadh fonn ar éinne duine a earcú le tuarastal nuair atá an rialtas ag cruthú na gcoinníollacha i gcomhair fíor-sclábhaíocht faoi ainm eile.

Is fiú nóiméad nó dhó a chaitheamh ag breathnú ar na suíomhanna thuas, fiú mar ábhair iontais amháin....

Dé Luain, Iúil 04, 2011

M2011.07.01



Is fiú éisteacht le reacaireacht Žižek faoi thábhacht Wikileaks san fhíseán thuas. Cíorann sé ceisteanna eile amhail an maíomh gur gníomh sceimhlitheoireachta é an sceitheadh eolais leanúnach etc etc:
"Is sceimhlitheoir thú, sa chiall fhoirmiúil seo (ar nós Gandai). Ach a thiarcais, más sceimhlitheoir thú, cad atá iontu siúd a chuireann sceimhlitheoireacht i do leith?!"

Dé Domhnaigh, Bealtaine 22, 2011

M2011.05.01

Lucht blagadóireachta (na hÉireann): apolitical conservateards? Nó giollaí na meán? Do rogha atá ann...?

Dé Sathairn, Feabhra 26, 2011

M2011.02.22

Níl ach breacadh síos smaointeoireacht díreach a leanas:

I ndiaidh na vótála inniu; thiar i dTír Fhiachrach, bhuail mé le cairde maithe sa phub áitiúil; fíorchairde: an saghas daoine sin a bhfuil meas agus grá agam dóibh; an saghas daoine, fir is mná, a bhí aithne mhaith agam orthu ó bhí mé i mo gharsún óg.
Agus b'aisteach an rud é: óir bhí an sean-deighilt céanna ann a mhair ann ó bhí muid go léir sa bhunscoil: is mise Fianna Fáileach agus is tusa Fine Gaelach, agus vise versa.
An sean-deighilt polaitiúil; tá sé beo beathach.

Nílim ag magadh tá sé fréamhaithe, go daingean, go dian, in aigní na ndaoine.

Ar aon nós. D'éist mé.
D'aontaigh agus d'easaontaigh mé de réir mo mheas. Is fearr gob ciúin le linn cur is cúiteamh polaitiúil, le cairde maithe sa phub ach go háirithe, an dtuigeann tú.

Seachas na fírice: gur Cumannach mé. Agus an cumannachas sin bunaithe ar mo mheas agus ghrá don dá taobh a bhí ag argóint go dian le chéile.
An grá agus meas sin bunaithe ar a gcumas comhoibrithe agus a gcumas comhréitigh.

Cén fáth an t-easaontas suarach sin idir Éireannaigh den lucht oibre nuair is den aicme amháin muid?

Tá sé ag éirí ródhéanach san oíche blagmhír cheart a scríobh agus an cheist thuas a fhreagairt, mar sin, críochnóidh mé le sliocht as alt Fraincise a léigh mé inné, ón fhealsamh Fhrancach Alain Badiou i Le Monde faoi chúrsaí sa Mheánoirthear:
Ag réiteach fadhbanna neamh-réitithe, gan cabhair an stáit, sin cinniúint an ghnímh. Agus is é sin a chinntíonn cine, go tobann, agus ar feadh tréimhse ghearr, chun maireachtáil.
Ní féidir cumannachas gan gluaiseacht chumannach. Tá éirí amach na ndaoine a bhfuil muid ag caint faoi gan pháirtí, gan chomheagrú ceannasach, gan ceannaire aitheanta. Ba chóir go mbeadh sé aontaithe. An bhfuil an tréith coitianta seo ina láidreacht nó a laige?
Gan amhras, is é an cás áirithe seo a chinntíonn gurb é an cumannachas is foirfe é, an cumannachas is foirfe ó Chomún Pháras. Tá na tréithe is fearr aige chun labhairt faoi ghluaiseacht chumannacha.
Published with Blogger-droid v1.6.7

Déardaoin, Feabhra 24, 2011

M2011.02.21

Mholfainn go mór an plé spleodrach seo idir MeidaBite agus an t-ollamh Kathleen Lynch a léamh.
De ghnáth tógaim sliocht as alt a bhfuil spéis agam ann chun blaisín spéisiúil de a thaispeáint.
Ach tá an plé seo lán, ó thús go deireadh, le tuairimíocht láidir agus ní féidir liom aon chuid ar leith de a roghnú. Nílim ag magadh, tá sé go léir thar cionn; gach líne de.

M2011.02.20

Tá amhrán greannmhar nua ag na Rubberbandits.
Táim ag ceapadh go mbeidh aghaidh na ndaoine ar an gceann seo freisin:


Tá caimeo foréigneach ag Pádraic Breathnach sa bhfíseán!

Dé Máirt, Feabhra 22, 2011

M2011.02.19

Mothaím féin an t-iontas agus díomá chéanna atá ag cur as do Fintan inniu.
...mura bhfuil na pobalbhreitheanna go léir as riocht, beidh mandáid na ndaoine do tharrtháil na mbanc (agus NAMA: tarrtháil na bhforbróirí móra), an margadh IMF-AE agus na ciorruithe...An bhfuil aon daonlathas eile ann ina vótálfadh 55 faoi gcéad den toghlacht le haghaidh clár déine de €15 billiún mar aon le aistriú saibhris de €100 billiún ón phobal go dtí na bainc?
Is drong amadán ar leith muid!

Dé hAoine, Feabhra 18, 2011

M2011.02.18



"Máthair na Réabhlóide" Nawal el-Saadawi le feiceáil thuas. Is fiú breathnú ar a hagallamh.

Seo alt spéisiúil san iris CounterPunch faoi chúlra aicmeach na réabhlóide.

M2011.02.17

N'fheadar fúibhse, ach uaireanta braithim go bhfuil mé ag maireachtáil i mbrionglóid. Tá sé níos measa fós do thuairimí a bhreacadh síos as Gaeilge bhriste. Cuireann sé go mór leis an mothú brionglóide; d'fhéadfá a bheith ag béicíl i mbrionglóid ach gan gíog nó míog ag teacht as do ghob. Braitheann sé mar an gcéanna ag scríobh i dteanga nach léitear agus nach labhraítear go forleathan. Sílim gur beag scríbhneoir Gaeilge nár tháinig ar an mothú céanna ag am éigin ina saol. Ach An Ghaeilge ar leataobh, tá sé mar an gcéanna le cúrsaí polaitíochta, is cuma cén teanga. Is í polaitíocht Éireannach an tromluí is measa.

Ní thógann sé mórán dua na samhlaíochta ár muintir a shamhlú le linn an Ghorta Mhóir. Daoine ag fáil bháis ó ocras, córas an chaipitil á chur i bhfeidhm go tréan ar son brabúsaíochta, neamhionannas rábach, an-chuid bia/caipitil á easpórtáil chuile lá agus gan féar agus Gaeilge bhlasta líofa i mbéal na ndaoine is ocraí.
"An Ciúnas mór" a chuala mé duine ag tabhairt air tráth; ná habair aon ní faoin anró; sáigh do chloigeann sa phuiteach; feabhsóidh cúrsaí arís má leantar a dtreoracha.
An tAthrú saibhris mór. An Gorta Caipitlíoch. An Gorta Coimeádach; dá mbeadh ceannairí seasmhacha againn; chomh fada agus atá mo chuid ar an mbord táim sásta. Téir ar imirce. Téir gan filleadh. Níl aon rogha eile againn. Tá muid san áit a bhfuil muid.

Tá na tréithe céanna ionann inniu agus bhí iontu fadó.

Casfaidh muid thart do chíbe máistir a bhfuil cos ar bholg aige orainn. Impireacht na Breataine agus luath-chaipitleachas buirgéiseach ansin, caipitleachas nua-liobrálach agus impireacht lucht caipitil inniu ; an IMF, na bainc Eorpacha, caipitlithe móra ilnáisiúnta etc.

Spreag alt san Indo an racht seo. An ceann seo faoin IMF ag príobháidiú acmhainní, seirbhísí: gás, leictreachas, uisce agus comhlachtaí sa Ghréig.
Tá an t-alt scríofa amhail is gur chóir go mbeadh sé ina ábhar iontais dúinn go ndéanfadh an IMF amhlaidh; an t-eagras a bhfuil sé mar phríomh-sprioc acu príobháidiú a dhéanamh ar an méid caipitil agus is féidir timpeall an domhain.
Beidh na Gréagaigh ag díol a mháthar chun íoc as fiacha na mbanc Eorpacha sa Fhrainc agus sa Ghéarmáin. Sin é é. Níl aon chúis eile leis!

Tá cloigne Éireannacha sa phuiteach arís, ná habair faic faoin anró. Tá daoine ag súil go gcuirfeadh na léinte gorma; na coimeádaigh nua-liobrálach caipitlíoch, cúrsaí i gceart arís!
Is é Michael focain Noonan féin a chuir an cheist don IMF anuraidh ar mhiste leo dá ndéanfaidís príobháidiú ar acmhainní na tíre chun íoc as cúrsaí (cúrsaí baincéireachta)! "Ó, fadhb ar bith a Mhichíl a mhic, fadhb ar bith a chroí dhílis!"

An dtuigeann daoine é seo? An dtuigeann daoine go mbeidh Fine Gael agus an IMF/Maorlathaigh frithdhaonlathach an AE ina "stoirm fhoirfe" le haghaidh scrios nua-liobrálach don tír?

Dé Céadaoin, Feabhra 16, 2011

M2011.02.16


Tacaíonn ainrialaithe Shligigh (nó ainrialaí amháin ar aon nós) le Fianna Fáil!

Déarfainn gur brionglóid ghnéasach dóibh rialtas tromlach Fine Gaelach mar sin...



"Is fíor-phoblachtach mé"

Na Liricí cliste.
Published with Blogger-droid v1.6.7

Dé Máirt, Feabhra 15, 2011

M2011.02.15

Míníonn Hossam, ina alt anseo, faoin ghá le stailc leanúnach an lucht oibre, anois go bhfuil na léirsithe críochnaithe ach go háirithe, chun spriocanna daonlathas na réabhlóide san Éigipt a bhaint amach.
"Caithfidh muid Tahrir a thógáil go dtí na monarchana anois. Tarlóidh deighilt aicmeach dosheachanta de réir mar a leanann an réabhlóid ar aghaidh. Caithfidh muid a bheith airdeallach. Tá eochracha saoirse don réigiún ina iomláine inár seilbh, ní don Éigipt amháin. Ar aghaidh linn, le réabhlóid bhuan a thabharfaidh cumhacht do mhuintir na tíre le daonlathas díreach ón bhun aníos."
Tá grianghraif agus físeáin ó roinnt de na stailceanna le feiceáil ar a bhlag.

Cuireann Slavoj cúpla ceist spéisiúil, agus roinneann sé léargas suimiúil, faoi chúrsaí thall ina alt féin sa nuachtán céanna, ón tseachtain seo caite.
Published with Blogger-droid v1.6.7

Dé Luain, Feabhra 14, 2011

M2011.02.14

Mo scór de réir shuíomh nua Michal

Níor bhain mé geit asamsa féin ar aon chaoi!

Chuir mo scór neamhiontach alt Uí Chathasaigh na seachtaine seo i gcuimhne dom, agus an dearcadh coitianta sna meáin, agus mar sin timpeall na tíre, "go bhfuil straitéis Shinn Féin lán míbhuntáistí".
Más "fánach airgead a choinneáil leis na bancanna neamhbheo" mar a deir Sinn Féin tá sé níos fánaí, leis, plé a dhéanamh ar Chlár Shinn Féin.
Ní de bharr na "míbhuntáistí" siúd faoi na margaí airgeadais, ach toisc go bhfuil an rás rite, agus ba léir go raibh sé rite ó lár na bliana seo caite: M2010.07.01
Beidh páiste coimeádach caipitleach eile de chlann "Pháirtí Pobail na hEorpa" i gceannas ar stát Eorpach eile i gceann coicíse. Le móramh fiú!

Ar aon nós, ar aghaidh leis an bplé fánach.

Tá an Cathasach ceart; ní thugann na margaí airgeadais iasachtaí ach do stáit a bhfuil beartais eacnamaíochta fábharach dóibh féin acu.
"Ní bheadh an stát in ann íoc as riaradh laethúil an stáit gan an IMF, óir níl na margaí toilteanach iasachtaí a thabhairt dúinn" mar a deir an mana coiteann inghlactha as na trí pháirtí mhóra atá ag cur eagla ar an vótálaí .
Agus mar sin cad is fiú bata is bóthair a thabhairt don IMF agus an Banc Ceannais Eorpach mura bhfuil na margaí toilteanach iasachtaí a thabhairt dúinn?

Bhuel, tá na margaí neamhthoilteanach iasachtaí a thabhairt dúinn mar gheall ar an IMF/BancCeannaisEorpach. Agus mar gheall ar bheartais an rialtas reatha agus an chinn le teacht fiacha príobháideacha na n-infheisteoirí ó na bainc Eorpacha a tharrtháil le hairgead an phobail Éireannaigh.
Ciallaíonn na beartais seo nach mbeidh an stát in ann na hiasachtaí a íoc ar ais .i. is ionann is cinnte go loicfidh an stát ar fhiacha na mbanc go léir má choinníonn muid orainn ag íoc as caillteanas lucht caipitil. Níl sé dár gcumas íoc astu.
I bhfocail eile: níl polasaithe eacnamaíochta an stáit fábharach do na hinfheisteoirí sa mhagadh. Níl aon breisluach le saothrú as pobal a bhfuil ar tí cliseadh de bharr fiachas príobháideach má thuigeann tú leat mé.

Tá beartas Shinn Féin glan agus cruinn ina anailís ar chaipitleachas. Agus sin an fáth a mbíonn comhaontú láidir ann idir dhaoine amhail Ó Dochartaigh agus Gurdgiev. Má dhéantar athstruchtúrú ar an
bhfiachas príobháideach seo, is é sin le rá má thugtar bata is bóthair do bheartais an IMF agus na sealbhóirí bannaí siúd a rinne geall ar bhainc phríobháideacha, seachnóidh loiceadh stáit ar an bhfiachas agus beidh seans níos fearr ag lucht caipitil sna margaí a bhrabús a shaothrú as saothair an lucht oibre sa tír seo i gceann cúpla bliain nuair a thagann feabhsú ar chúrsaí eacnamaíochta.

"Sea, sea, sea a Dhubhaltaigh a chara, ach tá sé i bhfad róluath dul ar ais chun na margaí, i gceann dhá bhliain abair!". "Níl muid réidh, fiú le fiachas na mbanc imithe ónár ndroim!"

"Bhuel a chara, is cuma má táimid réidh nó nach bhfuil; d'eisigh ár gcairde maithe maorlathach san Aontas Eorpach cáipéis (PDF) inné a deir linn go bhfuil muid ag dul ar ais chun na margaí i gceann bliana ar aon nós. Agus b'fhearr liomsa triall a bhaint as na margaí siúd gan fiachas na mbanc mar ualach le n-iompar againn más é do thoil é!"

Dé hAoine, Feabhra 11, 2011

M2011.02.13

Le deireadh ré Mhúbarack beidh na meáin bhuirgéiseach ag lorg, níos tréine ná riamh, "ceannaire" éigin na gluaiseachta.
Rud a bheadh go hiomlán dodhéanta a dhéanamh ós rud é gur gluaiseacht na ndaoine atá ann, gluaiseacht ón bhun aníos, mar ba chóir do réabhlóid cheart a bheith.
Is ceannaire gach ceann acu agus thaispeáin gach ceann acu ceannaireacht. Ní raibh aon mháistrí lasmuigh den réabhlóid seo, á stiúradh ar son a mianta polaitíochta agus eacnamaíochta.

Agus tá súil agam go dtagann na hÉigiptigh amach ar an taobh ceart den daonlathas, agus go mbeidh córas na gcomhairlí a bhunaigh siad curtha i bhfeidhm nuair a chuirtear críoch leis an réabhlóid.

Agus maidir le ceannaireacht agus ceannairí, dá mbeadh sé ormsa duine, as na milliúin acu, a roghnú le taispeáint mar ghuth ceannasaíochta na réabhlóide sílim go dtaispeánfainn an bhean seo:

M2011.02.12

Bhí sampla iontach aréir ar an "Late Debate" den chomhaontú láidir sin idir eacnamaithe, -go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta (buaiteoirí duaiseanna Nobel san áireamh)- agus polaiteoirí de gach claonadh idé-eolaíochta faoi cad ba chóir dúinn a dhéanamh le fiacha na sealbhóirí bannaí Gearmánacha, Francacha, Sasanacha etc sna bainc dhócmhainneacha.

Tá roinnt de le feiceáil ag 33 nóiméad 56 soicind ar aghaidh sa nasc thuas ina molann Doherty na cearrbhaigh idirnáisiúnta a "dhó".

Ní fhágann sé sin ach giollaí na maorlathach gaimbíneach sa Bhanc Ceannais Eorpach .i. Fáinne Fill, Fianna Gall agus Páirtí an Lucht Caipitil, ag rá anois nach féidir agus nár chóir amhlaidh a dhéanamh.
Ní raibh seans ar domhan ariamh go gcuirfinn mo vóta amú ar Fhianna Gael sa chéad dul síos, ag malartú tuídildom do tuídildí, agus thaispeáin Páirtí an Lucht Caipitil gur cuma leo faoi aon ní seachas mianta lucht caipitil san Eoraip.

Mar sin fágann sé sin Sinn Féin mar an t-aon pháirtí a dhéanfaidh athstruchtúrú "ar fhiachais bhainc, agus dófar na sealbhóirí bannaí sna bainc siúd atá dócmhainneach, lena n-áirítear Banc Angla-Éireannach. Cinnteoidh sé seo go gcaitear an cháin a bhailítear ar sheirbhísí poiblí Éireannacha – ní ar sheirbhísiú ná íoc an fhiachais a tabhaíodh trí na bainc a tharrtháil."

Tá mo ghuth-sa gnóthaithe acu ar aon chaoi.

Déardaoin, Feabhra 10, 2011

M2011.02.11

Rinne mé tagairt do Peter Hallward sa bhlagmhír seo maidir le gluaiseacht Lavalas i Háítí, agus an leabhar atá scríofa aige ar an ábhar mar gheall ar conas a cuireadh an ghluaiseacht shóisialach sin faoi chois ag fórsaí an Iarthair.

Tá alt spéisiúil aige sa Gardaíon inniu ag rá:
...Egypt's mobilisation will remain a revolution of world-historical significance because its actors have repeatedly demonstrated an extraordinary capacity to defy the bounds of political possibility, and to do this on the basis of their own enthusiasm and commitment. They have arranged mass protests in the absence of any formal organisation, and have sustained them in the face of murderous intimidation. In a single, decisive afternoon they overcame Mubarak's riot police and have since held their ground against his informers and thugs. They have resisted all attempts to misrepresent or criminalise their mobilisation. They have expanded their ranks to include millions of people from almost every sector of society. They have invented unprecedented forms of mass association and assembly, in which they can debate far-reaching questions about popular sovereignty, class polarisation and social justice...
Ba mhaith go mór liom téis s'aigesean a chreidiúint: go mbeidh iarmhairtí domhanda ag an réabhlóid seo níos láidre ná iarmhairtí 9/11.
Is cinnte go mbeidís níos dearfa ar aon chaoi. Agus is cinnte go mbeidh a gcur chuige ina eiseamláir mhaith do phobail na hEorpa, agus pobal na hÉireann ach go háirithe, a bheas ag feidhmiú mar sheirfigh dá máistrí caipitil go ceann cúpla glúin eile, ar a laghad.


Aguisín:
Beidh Mubarack ag seasamh síos ach beidh an tArm ag tógáil cumhachta! B'fhéidir!
Thaispeáin an lucht oibre a chuid cumhachta arís nuair a bhain siad a gcumas oibre ón gcóras.
Thit an deachtóireacht laistigh de cúpla lá nuair a dhein siad amhlaidh.
Beidh an cumhacht sin ag teastáil go tréan arís anois ina gcuid eagrú chun comhairlí na haicme oibre a bhunú agus ina gcur le chéile chun Stát Míleata, coilíneacht an Iarthair, a sheachaint.
An tuairisciú is fearr le feiceáil ar AlJazerra Beo mar is gnáth.

Dé Céadaoin, Feabhra 09, 2011

M2011.02.10

Tá an aicme oibre ag taispeáint a cuid cumhachta san Éigipt arís.
Tá liosta fada de na stailceanna á gcur suas ar Twitter ag Hossam el-Hamalawy (Tá físeán de ag caint faoi agóidíocht an lucht oibre san Éigipt le cúpla bliain anuas ar M2011.02.01), agus tá níos mó eolais le fáil ar an chlib #egyworkers

De réir dealraimh tá na héilimh chéanna acu is atá ag Réabhlóidithe Sóisialacha na hÉigipte .i. náisiúnú maoin, acmhainní agus meáin táirgeachta na tíre, comhairlí na haicme oibre a bhunú, chomhdháil na ndaoine go léir a reáchtáil agus imeacht láithreach de phuipéid-deachtóirí brúidiúlacha an Iarthair.

M2011.02.09


An bhfuil Gavin Titley gaolta le Alan Titley?
Nílim ag rá é seo toisc go bhfuil an sloinne céanna acu, nó toisc gur thug Ó hUiginn Alan air aréir, ach toisc go bhfuil an cuma chéanna orthu. I mo thuairim!

Agus mar chomhtharlú, cosúil leis an Titleach s'againne, gach uair a labhraíonn sé, nó a scríobhann sé, éistim agus léim le dúthracht. Ní féidir moladh níos fearr a fháil.

Is léachtóir é, sílim, le hOllscoil na hÉireann Maigh Nuad. Agus tá sé páirteach sa suíomh idirlín iontach #CrisisJam ar Politico.ie. Bíonn sé i mbun Tuítála don suíomh céanna. Agus glacann sé páirt sa chlár teilifíse Tonight with Vincent Browne.
De ghnáth bíonn a ról ar an chlár chun iniúchadh a dhéanamh ar dhearcadh agus laigí na meán cumarsáide maidir le cúrsaí reatha an lae.
Agus bíonn anailís spéisiúil le roinnt aige i gcónaí.
(I ndiaidh an bhuiséid dheireanach uafásach sin, roimh Nollaig, dhein sé ceap magaidh, go sciliúil deabhéasach, d'amaideacht agus gheáitsíocht bheirt "iriseoir" a bhí ar phainéal an chláir, agus iadsan an-tógtha leis, agus ag díriú go príomha ar, "cruth deas na culaithe" a bhí á chaitheamh ag an slíomadóir slíbhíneach fimíneach Fianna Fáileach agus an "taispeántas láidir ceannasaíocht" a thug sé! Ard-teilifís a bhí ann).

Bhí cúpla seoid le roinnt aige aréir ar seó Vincent (le feiceáil ag 13 nóiméad istigh): an chéad cheann is ea an míniú a thug sé d'fheachtas an ghaimbín Martin mar an polaiteoir atá "now prolier than thou"! :-)
Ag déanamh tagairt mhagúil do chraoladh toghcháin Mhartin, agus a chuid cainte sa díospóireacht aréir, ina bhfuil, agus a raibh, sé ag iarraidh athchruthú a dhéanamh air féin agus a ionannú le prólatáireacht na hÉireann!
Dochreidte.

An dara seoid uaidh (le feiceáil ag 26 nóiméad) ab ea an chaoi ar thug sé aird don bhfíric nach bhfuil díospóireacht againn san fheachtas olltoghcháin seo faoin bhfíric go bhfuil lucht an mhargaidh idirnáisiúnta ag bogadh ar aghaidh go tapaidh ó chaint faoi "ath-idirbheartaíocht" ar choinníollacha déine an IMF/AE. Agus anois ag bogadh go láidir i dtreo caint faoi loiceadh na tíre ar fhiacha na sealbhóirí bannaí Gearmánacha, Francacha, Sasanacha etc etc.
Go hidirnáisiúnta, agus náisiúnta, ó eacnamaithe de gach claonadh idé-eolaíochta tuigtear anois, agus tá sé aontaithe, nach mbeidh fás in athuair don tír seo go dtí go bhfuil fiacha móra príobháideach na mbanc imithe ónár ndroim agus deireadh curtha leis na beartais dhéine á gcur ar an aicme oibre Éireannach.
Ní bheidh "an infheistíocht" sin ó lucht caipitil, a shantaíonn muid chomh mór sin, i ndán dúinn go dtí go n-aithníonn muid an ghné seo de chur chuige lochtach na bpáirtithe móra Éireannach.

An tríú seoid ab ea an tagairt a dhein sé don t-alt/t-agallamh seo le iar-stiúrthóir bainistíochta an IMF sa Londain Evening Standard inné:
Strauss-Kahn is giving speeches warning that inequality was a major cause of the financial crash and arguing that workers must be given greater bargaining power, and a greater share of the world's wealth if the crisis is not to be repeated. Ordinary people need more money, better social safety nets and decent jobs.

This economic recovery is thoroughly unstable. "It is not the recovery we wanted. It is a recovery beset by tensions and strains, which could even sow the seeds of the next crisis,"

The IMF isn't making a sentimental argument here, or even principally a moral one. Its analysis of the problem is a hard-headed one, based on international data and on work done by its modelling unit and published at the end of last year.
Is ait go bhfuil sóisialaí ag obair agus ag cur tuairimí mar seo chun cinn ar son an IMF.
Ach sílim go dtaispeánann sé go n-aithníonn agus go n-aontaíonn lucht caipitil le gné d'anailís Mharx ar an gcóras .i. an claonadh ag an ráta brabaigh ísliú agus an claonadh chun géarchéime de bharr carnadh caipitil (neamhionannas eacnamaíochta).
Taispeánann a gcuid sonraí féin dóibh nach féidir le caipitleachas leanúint ar aghaidh leis an neamhionannas láidir lárnach sin atá mar bhunchloch an chórais.
Mar sin ba mhaith leo "caipitleachas le ceannaghaidh dhaonna air" a fheiceáil.

Ach ní ionann sin agus fíor-daonlathas, ionannas agus saoirse an duine, ná baol air.
"Lámh Dofheicthe an Mhargaidh", seilbh daingean lucht gaimbín ar mhaoin an domhain, agus síor-tóir ar bhrabús príobháideach is cuma cén costas don domhan nó don cine daonna féin is ea na maistrí s'acusan i gcónaí agus go deo.
Agus taispeánann sé sin an ról níos tábhachtaí ná riamh atá ag an eite chlé radacach sa lá atá inniu ann chun fíormhalairt slí a mholadh, go háirithe le grúpaí caipitlíocha amhail an IMF ag goid éadaí "na heite clé sa lár".

Dé Máirt, Feabhra 08, 2011

M2011.02.08

Gan amhras gheobhaidh siad ábhar éigin a bheith ag argóint faoi, ach lasmuigh den fhíric go mbeidh sé trí mheán na Gaeilge is beag fiúntas i ndíospóireacht idir triúr atá ar aon intinn.
Cinnte beidh sé "stairiúil". Ina áiféis!