Dé Máirt, Feabhra 22, 2011

M2011.02.19

Mothaím féin an t-iontas agus díomá chéanna atá ag cur as do Fintan inniu.
...mura bhfuil na pobalbhreitheanna go léir as riocht, beidh mandáid na ndaoine do tharrtháil na mbanc (agus NAMA: tarrtháil na bhforbróirí móra), an margadh IMF-AE agus na ciorruithe...An bhfuil aon daonlathas eile ann ina vótálfadh 55 faoi gcéad den toghlacht le haghaidh clár déine de €15 billiún mar aon le aistriú saibhris de €100 billiún ón phobal go dtí na bainc?
Is drong amadán ar leith muid!

7 comments:

Fearn said...

Sílim nach bhfuil smaointeoireacht sa bhfaisin in Éirinn na linne seo.

Proinsias Mac a' Bhaird said...

Nó, b'fhéidir go bhfuil lochtanna an daonlathais á nochtadh féin!

Dubhaltach said...

@ Fearn:
Ceart agat.

Dá mbeadh aon smaointeoireacht déanta ní bheadh Fine Gael chomh fada chun tosaigh. Óir is beag duine a aontaíonn -sílim- leis an pholasaí leanúint ar aghaidh ag caitheamh airgid mhaith isteach sa pholl dubh atá sna bainc.
Agus conas is féidir le daoine aontú le beart an IMF-AE?
Conas is féidir le daoine aontú le polasaithe Fhine Gael faoi phoist?
Tá sé i gceist acu fáil réidh le 30,000 post chun poist a chruthú! Dochreidte.
Conas is féidir daoine aontú le níos mó polasaithe nua-liobrálach i ndiaidh 10 mbliana de pholasaithe nua-liobrálach agus na hiarmhairtí a fháisceann as?

Faigheann daoine a gcuid tuairimí faoi cé dó a dtabharfaidh siad vóta dó ó na meáin chumarsáide; coinníonn sé slán ó smaointeoireacht dóibh.

Dubhaltach said...

@ Proinsias:
D'fhéadfá argóint a dhéanamh go cinnte go bhfuil lochtanna daonlathais ann, ach bheadh an argóint sin bunaithe ar do thuairim faoi cad is daonlathas ceart ann.

Nochtann sé lochtanna dhaonlathais bhuirgéisigh gan aon amhras .i. uirlis bhainistíochta a chruthaíonn patuaire agus meon is-cuma-liom sa toghlacht, toisc nach bhfuil ról le imirt acu ina mbainistíocht féin.

Mise Áine said...

@ 'Faigheann daoine a gcuid tuairimí faoi cé dó a dtabharfaidh siad vóta dó ó na meáin chumarsáide; coinníonn sé slán ó smaointeoireacht dóibh.'

An é go bhfuil tú ag rá, a Dhubhaltaigh, nach bhfuil daoine ag 'smaointeoireacht' mura n-aontaíonn siad le do thuairimí féin?

Sí an cheist a bheadh agamsa ná cén fáth nach bhfuil daoine, más fíor na pobalbhreitheanna, ag iarraidh vóta a tabhairt don eite clé...

Dubhaltach said...

@ Áine:
"An é go bhfuil tú ag rá, a Dhubhaltaigh, nach bhfuil daoine ag 'smaointeoireacht' mura n-aontaíonn siad le do thuairimí féin?"

Ní hea ar chor ar bith. (Is rud maith liom easaontú, ar eagla na míthuisceana)
Is éard atá a rá agam ná taispeánann na pobalbhreitheanna nach n-aontaíonn an pobal le beart an IMF-AE ó thaobh sábháil na sealbhóirí bannaí etc, ach, táid ar aon intinn gur mhaith leo rialtas Fine Gaelach; páirtí atá ar son bheart an IMF-AE.
Thaispeáin torthaí na pobalbhreithe ó Paddypower inné go bhfuil tionchar díreach ag clúdach na meán ar pháirtithe agus a bpolasaithe ar dhearcadh na ndaoine .i. tá easaontas idir mian na ndaoine agus rún na ndaoine, dá bharr.

Dubhaltach said...

"cén fáth nach bhfuil daoine, más fíor na pobalbhreitheanna, ag iarraidh vóta a tabhairt don eite clé"

Sin ceist do pháirtithe na heite clé, agus an easpa maoiniúchán airgeadais a bhíonn acu!
Ní daonlathas buirgéiseach go dtí tacadóirí airgeadais buirgéiseach.
(féach: http://www.irishtimes.com/newspaper/ireland/2011/0219/1224290286853.html)

Leis an fhírinne a rá táim sásta leis sin, mar más mian linn athrú radacach tiocfaidh sé ón phobal .i. cách .i. ón móramh gan ceannaire, ní ó pháirtí atá ag iarraidh suíochán dála a fháil sa chóras gaimbín.