Dé Máirt, Feabhra 15, 2011

M2011.02.15

Míníonn Hossam, ina alt anseo, faoin ghá le stailc leanúnach an lucht oibre, anois go bhfuil na léirsithe críochnaithe ach go háirithe, chun spriocanna daonlathas na réabhlóide san Éigipt a bhaint amach.
"Caithfidh muid Tahrir a thógáil go dtí na monarchana anois. Tarlóidh deighilt aicmeach dosheachanta de réir mar a leanann an réabhlóid ar aghaidh. Caithfidh muid a bheith airdeallach. Tá eochracha saoirse don réigiún ina iomláine inár seilbh, ní don Éigipt amháin. Ar aghaidh linn, le réabhlóid bhuan a thabharfaidh cumhacht do mhuintir na tíre le daonlathas díreach ón bhun aníos."
Tá grianghraif agus físeáin ó roinnt de na stailceanna le feiceáil ar a bhlag.

Cuireann Slavoj cúpla ceist spéisiúil, agus roinneann sé léargas suimiúil, faoi chúrsaí thall ina alt féin sa nuachtán céanna, ón tseachtain seo caite.
Published with Blogger-droid v1.6.7

8 comments:

Fearn said...

Ach cad chuige na stailceanna anois? Tá Mubarrac ar shiúil. Beidh toghchán i gceann sé mhí!

Monuar go bhfuil muintir óg na Tuinéise agus na hÉigipte ag vótáil lena gcosa ag léimt isteach i mbáid is ag tabhairt na hEorpa orthu fhéin.

Athrú réimis, ní fhágann sé arán ar an mbord

Dubhaltach said...

"Ach cad chuige na stailceanna anois?"

Ar léigh tú an t-alt?

Tá an iomarca cumhachta ag an arm ar chúrsaí eacnamaíochta agus mar sin polaitíochta agus daonlathais chomh maith.
Is cuma faoi imeacht Mubarrac mura n-athraíonn an córas thall.

http://www.npr.org/blogs/money/2011/02/10/133501837/why-egypts-military-cares-about-home-appliances

Fearn said...

"Tá an iomarca cumhachta ag an arm ar chúrsaí eacnamaíochta agus mar sin polaitíochta agus daonlathais chomh maith."
Bhal, sin go díreach é, nach ea? Is an t-arm a bhí agus atá i gcumhacht. "D'éirigh" leis an éirí amach cionn is go raibh an t-arm ag séideadh ar thaobh an tslua, agus nach bhogfadh méar ar son Mhubarrac.
Tá cuntaisí bainc ag an arm freisin san Éilbhéis. Is leo tionscal, tithíocht, 7rl.
Dá raibh fhios ag an arm, go raibh "fíordhaonlathas" ón phobal, ní bheadh a ngunnaí gan scaoileadh.
Ach an síltear anois dá mbrisfí gnóthas go n-imeodh an t-arm as radharc agus poblacht an phobail a thógáil?
Tá daoine ag iarraidh filleadh na dturasóirí. Ní mé cad is tabhachtaí dóibh, fíordhaonlathas nó arán ar an mbord!

"Is cuma faoi imeacht Mubarrac mura n-athraíonn an córas thall."
Sin a mheas mé riamh, ach ní sin a bhí á éileamh ach imeacht Mhubarrac amháin.

Dubhaltach said...

@ Fearn:
"Ní mé cad is tabhachtaí dóibh, fíordhaonlathas nó arán ar an mbord!" agus "Sin a mheas mé riamh, ach ní sin a bhí á éileamh ach imeacht Mhubarrac amháin."

Ní hea. Ní rabhadar ag cur an dallamullóg orthu féin go gcothódh imeacht Mhubarra iad. Ní raibh ann ach céim. Céim amháin chun an córas a athrú.
Ní ndearna na meáin tuairisciú ar na héilimh shóisialacha agus eacnamaíochta a bhú uathu. Chuile sheans gur chaill tú iad mar sin! Ní dhearnadh tuairisc orthu toisc go rabhadar radacach agus sóisialach ina gcruth.

Cuireann Zizek an cheist: "This is what people demand in Egypt, so why are the neocons uneasy? Is it because the protesters in Egypt mention freedom and dignity in the same breath as social and economic justice?"

Seo an t-éileamh a chur na ceardchumainn Éigipteach agus grúpaí an lucht oibre eile amach:

"Ba mhaith linn náisiúnú a dhéanamh ar na comhlachtaí, talamh agus na meáin táirgeachta a ghoid an dream seo. Chomh fada agus atá ár n-acmhainní i seilbh s'acusan ní bheidh muid in ann fáil réidh leis an gcóras seo i gceart. Is sclábhaíocht eacnamaíochta an taobh eile de thíorántacht pholaitíochta. Ní bheidh muid in ann déileáil le dífhostaíocht agus gnáthphá cothrom le haghaidh slí bheatha chóir a bhaint amach gan saibhreas na ndaoine a bhaint ón drong seo."

Níl aon chumhacht ag an arm gan cumas oibre an lucht oibre.

Fearn said...

Tuigim atá tú a rá, a dhubhaltach, ach níor chuala mé faic i dtaobh náisiúnú fhad a bhí Cearnóg na Saoirse ina neart.
Ina dhiaidh a thuigtear gach rud, cinnte!
Maím gur éirigh leis an ruaig a chur ar an Uachtarán, cionn is nach raibh "ceannairí" ag an pobal a d'fhéadfadh na poilíní á dtógáil mar cibé eagrú a bhí ann is trí féisbúc, tuitear agus an idirlíon a rinneadh é. Bhí na poilíní i bponc cheal aithne acu ar an lucht eagraithe.
Dar ndóigh, bhí "uair an achainí" sroiste fosta, agus spionnadh ag an pobal nár chaill misneach.
Ach maím nach raibh aidhm chruinn ag an pobal. Ligint amach frustreachais a bhí ann.
Cinnte tá an fhirinne ag Slovaj, ach níl aige ach buille den fhírinne. Sin uile atá mé a rá. Ba mhaith liom go ndéanfadh an tÉigipteach a leas anois, ach tá bóthar fada roimhe má shocraíonn sé an treo sin. Beidh luíochán roimhe, dris cosáin, cuir ar gcúl, 7rl.
Ní rud furasta muirthéacht ach rud pianmhar, fadfhulaingeach.
Sonas tompu, muis!

Dubhaltach said...

"Ba mhaith liom go ndéanfadh an tÉigipteach a leas anois, ach tá bóthar fada roimhe má shocraíonn sé an treo sin. Beidh luíochán roimhe, dris cosáin, cuir ar gcúl, 7rl.
Ní rud furasta muirthéacht ach rud pianmhar, fadfhulaingeach."

Abair amach é!

Táid ag súil le milliúin duine inniu arís ag léirsiú i ndiaidh na bpaidreacha Leanann na stailceanna ar aghaidh go tréan.

"ach níor chuala mé faic i dtaobh náisiúnú fhad a bhí Cearnóg na Saoirse ina neart."

Ní nach ionadh. Rinneadh neamhaird iomlán den chúlra aicmeach laistiar den ghluaisteacht. Gluaiseacht na haicme oibre atá ann.
Ní réitíonn gluaiseachtaí dá leithéid leis an idé-eolaíocht ina maireann muid, agus mar sin rinneadh neamhaird den chúlra.

Mholfainn an t-alt seo a leanas a bhí i gCounterpunch inné.
http://www.counterpunch.org/whitney02172011.html

Fearn said...

Bhí mé ag féachaint ar fhoinsí ioncaim na nÉigipteach:
1) An Turasóireacht
2) Airgead ó eisimircigh
3) An chanáil Suais agus an Píblíne lena chois.

Tá an Chanáil náisiúnaithe cheana. An nglacfaidh na Rialtas greim ar na hóstáin agus na hIonaid turasóireachta, ní mé.
Léighfidh mé an t-alt agus an deis agam.

Maith thú as an eolas!

Fearn said...

Deireadh léite agam.

Dea-alt!