Dé Sathairn, Feabhra 26, 2011

M2011.02.22

Níl ach breacadh síos smaointeoireacht díreach a leanas:

I ndiaidh na vótála inniu; thiar i dTír Fhiachrach, bhuail mé le cairde maithe sa phub áitiúil; fíorchairde: an saghas daoine sin a bhfuil meas agus grá agam dóibh; an saghas daoine, fir is mná, a bhí aithne mhaith agam orthu ó bhí mé i mo gharsún óg.
Agus b'aisteach an rud é: óir bhí an sean-deighilt céanna ann a mhair ann ó bhí muid go léir sa bhunscoil: is mise Fianna Fáileach agus is tusa Fine Gaelach, agus vise versa.
An sean-deighilt polaitiúil; tá sé beo beathach.

Nílim ag magadh tá sé fréamhaithe, go daingean, go dian, in aigní na ndaoine.

Ar aon nós. D'éist mé.
D'aontaigh agus d'easaontaigh mé de réir mo mheas. Is fearr gob ciúin le linn cur is cúiteamh polaitiúil, le cairde maithe sa phub ach go háirithe, an dtuigeann tú.

Seachas na fírice: gur Cumannach mé. Agus an cumannachas sin bunaithe ar mo mheas agus ghrá don dá taobh a bhí ag argóint go dian le chéile.
An grá agus meas sin bunaithe ar a gcumas comhoibrithe agus a gcumas comhréitigh.

Cén fáth an t-easaontas suarach sin idir Éireannaigh den lucht oibre nuair is den aicme amháin muid?

Tá sé ag éirí ródhéanach san oíche blagmhír cheart a scríobh agus an cheist thuas a fhreagairt, mar sin, críochnóidh mé le sliocht as alt Fraincise a léigh mé inné, ón fhealsamh Fhrancach Alain Badiou i Le Monde faoi chúrsaí sa Mheánoirthear:
Ag réiteach fadhbanna neamh-réitithe, gan cabhair an stáit, sin cinniúint an ghnímh. Agus is é sin a chinntíonn cine, go tobann, agus ar feadh tréimhse ghearr, chun maireachtáil.
Ní féidir cumannachas gan gluaiseacht chumannach. Tá éirí amach na ndaoine a bhfuil muid ag caint faoi gan pháirtí, gan chomheagrú ceannasach, gan ceannaire aitheanta. Ba chóir go mbeadh sé aontaithe. An bhfuil an tréith coitianta seo ina láidreacht nó a laige?
Gan amhras, is é an cás áirithe seo a chinntíonn gurb é an cumannachas is foirfe é, an cumannachas is foirfe ó Chomún Pháras. Tá na tréithe is fearr aige chun labhairt faoi ghluaiseacht chumannacha.
Published with Blogger-droid v1.6.7

3 comments:

Dennis King said...

Caithfidh go bhfuil na torthaí istigh faoin am seo. An bhfuil anailís agat orthu?

aonghus said...

Beidh sé lá nó dhó sula mbíonn an toradh críochnúil againn.

An cuma ar an scéal áfach go bhfuil an ghaoth i seaolt FG agus an Lucht Oibre, agus íde níos measa ná bhí a thuar ar FF.

Fearn said...

Maith thú, a Dhubhaltach.

Sin alt eile agam le ithe