Dé hAoine, Feabhra 18, 2011

M2011.02.17

N'fheadar fúibhse, ach uaireanta braithim go bhfuil mé ag maireachtáil i mbrionglóid. Tá sé níos measa fós do thuairimí a bhreacadh síos as Gaeilge bhriste. Cuireann sé go mór leis an mothú brionglóide; d'fhéadfá a bheith ag béicíl i mbrionglóid ach gan gíog nó míog ag teacht as do ghob. Braitheann sé mar an gcéanna ag scríobh i dteanga nach léitear agus nach labhraítear go forleathan. Sílim gur beag scríbhneoir Gaeilge nár tháinig ar an mothú céanna ag am éigin ina saol. Ach An Ghaeilge ar leataobh, tá sé mar an gcéanna le cúrsaí polaitíochta, is cuma cén teanga. Is í polaitíocht Éireannach an tromluí is measa.

Ní thógann sé mórán dua na samhlaíochta ár muintir a shamhlú le linn an Ghorta Mhóir. Daoine ag fáil bháis ó ocras, córas an chaipitil á chur i bhfeidhm go tréan ar son brabúsaíochta, neamhionannas rábach, an-chuid bia/caipitil á easpórtáil chuile lá agus gan féar agus Gaeilge bhlasta líofa i mbéal na ndaoine is ocraí.
"An Ciúnas mór" a chuala mé duine ag tabhairt air tráth; ná habair aon ní faoin anró; sáigh do chloigeann sa phuiteach; feabhsóidh cúrsaí arís má leantar a dtreoracha.
An tAthrú saibhris mór. An Gorta Caipitlíoch. An Gorta Coimeádach; dá mbeadh ceannairí seasmhacha againn; chomh fada agus atá mo chuid ar an mbord táim sásta. Téir ar imirce. Téir gan filleadh. Níl aon rogha eile againn. Tá muid san áit a bhfuil muid.

Tá na tréithe céanna ionann inniu agus bhí iontu fadó.

Casfaidh muid thart do chíbe máistir a bhfuil cos ar bholg aige orainn. Impireacht na Breataine agus luath-chaipitleachas buirgéiseach ansin, caipitleachas nua-liobrálach agus impireacht lucht caipitil inniu ; an IMF, na bainc Eorpacha, caipitlithe móra ilnáisiúnta etc.

Spreag alt san Indo an racht seo. An ceann seo faoin IMF ag príobháidiú acmhainní, seirbhísí: gás, leictreachas, uisce agus comhlachtaí sa Ghréig.
Tá an t-alt scríofa amhail is gur chóir go mbeadh sé ina ábhar iontais dúinn go ndéanfadh an IMF amhlaidh; an t-eagras a bhfuil sé mar phríomh-sprioc acu príobháidiú a dhéanamh ar an méid caipitil agus is féidir timpeall an domhain.
Beidh na Gréagaigh ag díol a mháthar chun íoc as fiacha na mbanc Eorpacha sa Fhrainc agus sa Ghéarmáin. Sin é é. Níl aon chúis eile leis!

Tá cloigne Éireannacha sa phuiteach arís, ná habair faic faoin anró. Tá daoine ag súil go gcuirfeadh na léinte gorma; na coimeádaigh nua-liobrálach caipitlíoch, cúrsaí i gceart arís!
Is é Michael focain Noonan féin a chuir an cheist don IMF anuraidh ar mhiste leo dá ndéanfaidís príobháidiú ar acmhainní na tíre chun íoc as cúrsaí (cúrsaí baincéireachta)! "Ó, fadhb ar bith a Mhichíl a mhic, fadhb ar bith a chroí dhílis!"

An dtuigeann daoine é seo? An dtuigeann daoine go mbeidh Fine Gael agus an IMF/Maorlathaigh frithdhaonlathach an AE ina "stoirm fhoirfe" le haghaidh scrios nua-liobrálach don tír?

2 comments:

Dennis King said...

Rogha an dá dhíogha, an é sin é?

Dubhaltach said...

Ní hea.
Tá roghanna againn, is féidir linn rud radacach a dhéanamh. Ach b'fhearr linn neamhaird a dhéanamh de cad atá ag tarlú.
B'fhéidir nár mhínigh mé i gceart cad a bhí i gceist agam; tá míniú níos fearr san alt sa bhlagmhír thuas. An ceann le nasc chuig alt san IT.