Dé Luain, Feabhra 07, 2011

M2011.02.05

Cá bhfuil an fhearg i measc na nÉireannach? An cheist a chuireann Michael Lewis san "alt" an-fhada dá chuid i Vanity Fair.

Is fiú go mór é a léamh.

5 comments:

aonghus said...

"An ceist a chuireann" atá i gceist agat, nach ea? Ceist mhaith. Éadóchas in áit na feirge cuid de; cuid eile de an drogall forleathan an rud a rinne muid féin a cheistiú. (FF a thoghadh, praghsanna thar fóir a íoc, 7rl)

Dubhaltach said...

ceart agat, réitithe.

Caithfidh aineolas a bheith i gceist leis? Níl aon chiall leis an chaoi ar ghlac na hÉireannaigh le NAMA, tarrtháil leanúnach na mbanc, agus airgead an phobail á chaitheamh ar shealbhóirí bannaí eachtrannacha!

Ní luíonn sé le ciall ach an oiread go mbeidh Fine Gael i gceannas ar an chéad rialtas eile agus an pobal feargach le Fianna Fáil!
Aineolas arís ar cá seasann na páirtithe ar cheisteanna bunúsacha.

aonghus said...

Sea, ach meas tú an aineolas d'aon ghnó é? Níl an t-eolas á cheilt.

Dubhaltach said...

B'fhéidir é, b'fhéidir é!

Ach tá an tír chun FG a thoghadh, le móramh b'fhéidir.
Tá níos mó ná easpa foinn chuig féin-cheistiú ann.

Dennis King said...

A thiarcais!

“Bainigí an t-airgead ón mbord i gcónaí,” a dúirt an billiúnaí Dermot Desmond leo, ach níor bhain. Chreid na baincéirí agus na nouveaux riches sa scéim Ponzi a chruthaigh siad.