Dé Domhnaigh, Feabhra 06, 2011

M2011.02.04

Seo aistriúchán tapaidh Gaeilge ar ráiteas in Araibis ó Réabhlóidithe Sóisialacha na hÉigipte: (ní chloisfidh tú fúthusan ar an nuacht!, cén fáth sin an gceapann tú?)

Is éard atá ag tarlú inniu ná an réabhlóid is mó i stair na tíre seo agus sa domhan Arabach ar fad. D'ardaigh íobairt ár mairtírigh an réabhlóid agus bhriseamar trí na constaicí eagla. Ní sheasfaidh muid síos go dtí go bhfuil na 'ceannairí' coiriúil agus a gcóras coiriúil scriosta.

Is é imeacht Mhubarak an chéad chéim, ní céim dheireanach na réabhlóide.


Is ionann aistriú cumhachta chuig deachtóireacht faoi Omar Suleimam, Ahmed Shafilk agus gaimbíní eile Mhubarack agus leanúint leis an gcóras céanna. Is cara Omar Suleiman d'Iosrael agus Meiriceá, caitheann sé formhór a chuid ama idir Washington agus Tel Aviv agus is giolla é atá dílis dá suimeanna. Is dlúthchara Ahmed Shafilk le Mubrack agus a chomhghleacaithe sa tíorántacht, le cos ar bholg agus foghail á gcur ar mhuintir na hÉigipte

Leis na daoine is ea maoin na tíre agus ní mór é a thabhairt ar ais.


Le tríocha bliain anuas d'aistrigh an réimeas truaillithe maoin thábhachtach na tíre chuig mionlach de lucht gnó agus chuig comhlachtaí móra ilnáisiúnta. Is le 100 teaghlach atá níos mó ná 90% de shaibhreas na tíre. Déanann siad monaplú ar shaibhreas na nÉigipteach trí pholasaithe príobháidiú, goideadh cumhachta agus comhaontas le lucht caipitil. D'athraigh siad formhór mhuintir na hÉigipte ina mbochtán, gan talamh agus gan fostaíocht.

Caithfidh na monarchana a scriosadh agus a díoladh go han-saor a thabhairt ar ais chuig na daoine.

Ba mhaith linn náisiúnú a dhéanamh ar na comhlachtaí, talamh agus na meáin táirgeachta a ghoid an dream seo. Chomh fada agus atá ár n-acmhainní i seilbh s'acusan ní bheidh muid in ann fáil réidh leis an gcóras seo i gceart. Is sclábhaíocht eacnamaíochta an taobh eile de thíorántacht pholaitíochta. Ní bheidh muid in ann déileáil le dífhostaíocht agus gnáthphá cothrom le haghaidh slí bheatha chóir a bhaint amach gan saibhreas na ndaoine a bhaint ón drong seo.

Ní ghlacfaidh muid le madraí garda Mheiriceá agus Iosrael

Ní sheasann an córas seo ar a aonar. Ba ghiolla Mubarak, mar deachtóir agus cliant, ag feidhmiú ar son mianta Mheiriceá agus Iosrael. Bhí An Éigipt ina coilíneacht Mheiriceánach, ag tógáil páirte díreach in imshuí mhuintir na Palaistíne, ag déanamh saor-cheantair den Chanáil Suez agus aerspás na hÉigipte le haghaidh long cogadh agus scairdtrodairí a rinne slad ar mhuintir na hIaráice, ag díol gáis le hIosrael, go han-saor, ach ag an am céanna ag múchadh muintir na hÉigipte le praghsanna ard. Caithfidh an réabhlóid neamhspleáchas, dínit agus ceannasaíocht na hÉigipte sa réigiún a athbhunú.

Tá aghaidh na ndaoine ar an réabhlóid.


Ní réabhlóid é seo de na éilítí, páirtithe polaitíochta nó dreamanna creidimh. Is le hógánaigh, mic léinn, oibrithe agus bochtáin na hÉigipte an réabhlóid seo. Le déanaí tá a lán scothaicmí, páirtithe agus daoine atá in ainm is a bheith ina siombailí ag iarraidh léim ar ghluaiseacht na réabhlóide agus é a ghoid ó na húinéirí cearta. Is iad mairtírigh dár réabhlóide agus na daoine óga atá seasmhach ar na sráideanna ár siombailí.
Ní ligfidh muid dóibh smacht ár réabhlóide a bhaint dínn agus éileamh a dhéanamh go seasann siad ar ár son. Déanfaidh muid ionadaíocht orainn féin agus ionadaíocht ar na mairtírigh a maraíodh agus a íoc lena bhfuil chun an córas a thréigean.

Is é arm na ndaoine an t-arm a chosnaíonn an réabhlóid.

Ceistíonn cách: "An bhfuil an t-arm leis na daoine nó ina n-aghaidh?". Ní bloc amháin an t-arm. Is ionann leas na saighdiúirí agus oifigigh shóisearacha agus leas an mhóraimh. Ach is le Mubarack na oifigigh shinsearacha, roghnaithe go cúramach aige chun a réimeas lofa, saibhreas agus tíorántacht, a chosaint. Is cuid lárnach den chóras é.

Ní arm na ndaoine an t-arm seo a thuilleadh. Ní ionann an t-arm seo agus an ceann a bhris an namhaid Síónach le linn Deireadh Fómhair 73. Tá gaol díreach ag an arm le Meiriceá agus Iosrael anois. Is é cosaint Iosrael a chion feidhme, ní cosaint na ndaoine. Cinnte ba mhaith linn na saighdiúirí a fháil ar son na réabhlóide. Ach, níor chóir dúinn an dallamullóg a chur orainne féin le sluaghairmeacha go bhfuil "an t-arm ar ár son". Cuirfidh an t-arm na léirsithe seo faoi chois go díreach, nó déanfaidh athstruchtúrú ar na póilíní chun an ról sin a chomhlíonadh.

Cruthaígí comhairlí réabhlóideacha anois.

Chuaigh an réabhlóid seo thar a rabhamar ag súil leis. Ní raibh éinne ag tnúth le huimhreacha mar seo a fheiceáil. Ní raibh éinne ag tnúth go mbeadh na hÉigiptigh chomh cróga sin in aghaidh na bpéas. Ní féidir le héinne a mhaíomh nár chuir muid an deachtóir ar chúl. Ní féidir le héinne a mhaíomh nár tharla athrú i gCearnóg na Saoirse.
Is é atá ag teastáil anois ná gluaiseacht le haghaidh éileamh socheacnamaíocha mar chuid dár mianta, ionas go mbeadh a fhios ag an té ina shuí sa bhaile cén fáth go bhfuil muid ag troid ar son a chearta. Caithfidh muid muide féin a eagrú i gcomhairlí na ndaoine a thoghann a n-ardchomhairlí go daonlathach, agus ón bhun aníos.
Caithfidh na comhairlí seo ardchomhairle a bhunú a bhfuil toscairí ó gach claonadh san áireamh ann. Caithfidh muid ardchomhairle a thoghadh le daoine a dhéanfaidh ionadaíocht ar ár son, agus a bhfuil muinín againn astu. Glaoimid comhairlí na ndaoine a bhunú i gCearnóg na Saoirse, agus in achan cathair eile san Éigipt

Glaoch ar oibrithe na hÉigipte páirt a ghlacadh sa réabhlóid.

Rinne agóidí agus léirsithe ról an-thábhachtach i leanúint agus lasadh na réabhlóide. Anois tá an lucht oibre ag teastáil. Tá cinniúint an réimis acu. Ní amháin i bpáirt a ghlacadh sna léirsithe, ach le stailc náisiúnta a eagrú in achan tionscadal tábhachtach agus comhlacht mór.
Is féidir leis an réimeas léirsithe agus agóidí a sheasamh go ceann i bhfad, ach ní féidir leis thar cúpla uair a sheasamh má théann an lucht oibre ar stailc. Déan stailc ar na hiarnróid, ar iompar poiblí, sna haerfoirt agus i gcomhlachtaí móra ilnáisiúnta.
A lucht oibre na hÉigipte! Ar son na n-ógánach réabhlóidigh, agus ar son fuil na mairtíreach, glac páirt sa réabhlóid, bain úsáid as bhur gcumhacht agus beidh an bua linn!

22 comments:

aonghus said...

Píosa fiúntach oibre. An bhfuil aon eolas ann faoi cé mhéid den bpobal atá taobh thiar den grúpa seo? An raibh ionadaíocht acu sna cainteanna?

aonghus said...

Dála an scéil, an bhfuil arabais agat?

Fearn said...

maith an fear as an tiontú seo a chur ar fáil dúinn!

Dennis King said...

Cén seasamh atá acu ar shéanadh creidimh agus/nó athrú creidimh?

aonghus said...

Ceist ana mhaith.

Go háirithe agus dreamanna eile ar son pionóis an bháis i gcásanna dá leithéid.

Tharlódh áfach nach bhfuil cloiste againn faoin dream seo cionn is gur beag a dtionchar. Is cosúil nach bhfuil dream ar leith "i gceannas" ar éirí amach na nÉigipteach

Fearn said...

"Tharlódh áfach nach bhfuil cloiste againn faoin dream seo cionn is gur beag a dtionchar."

Is annamh cead aighnis ag guthanna nach leis an deachtóir iad i dtír ar bith.

aonghus said...

Is fíor sin. Ach táimid ag clos faoi Baradei agus an Bráithreachas Moslamach.

Dubhaltach said...

@ Aonghus: "An bhfuil aon eolas ann faoi cé mhéid den bpobal atá taobh thiar den grúpa seo? An raibh ionadaíocht acu sna cainteanna?"

Tá baill acu sna cheardchumainn agus in achan dream sóisialach eile sa tír. (Tá ceardchumainn measartha radacach acu thall fós!)
D'eagraigh siad, le grúpa eile ("Is muide go léir Khaled Said"), an chéad agóid san Éigipt, agus go bhfios dom bhíodar lárnach sa ceann sa Túinéis freisin.
Ach táid beag ina líon, déarfainn.

@ Dennis:
"Cén seasamh atá acu ar shéanadh creidimh agus/nó athrú creidimh?"

Tá an dream seo an-shaolta. Mar an gcéanna leis na grúpaí sóisialacha eile .i. lucht Kifaya, lucht HASHD agus dreamanna eile nach iad, san Éigipt.

@ Aonghus: "is cosúil nach bhfuil dream ar leith "i gceannas" ar éirí amach na nÉigipteach"

Níl, is iad na daoine atá i gceannas, agus is rud maith sin mar ní bheadh sé ina réabhlóid sóisialach dá mbeadh dream ar leith i gceannas lena sprioc cumhachta féin.
Ní réabhlóid páirtithe polaitíochta nó creidimh é, mar atá na daoine ag maíomh le fada anois!

Ach seo an fáth a bhfuil na sóisialaithe ag lorg comhairlí réabhlóideacha na ndaoine a bhunú chun cruth éigin a chur ar ghluaiseacht seo na ndaoine
Agus chun tionchar "éilítí, páirtithe polaitíochta nó dreamanna creidimh" a laghdú .i. féach na cainteanna inné!

Maidir leis na cainteanna níl tuairim dá laghad agam cé go díreach a bhí páirteach, lasmuigh den Bhráithreachas Moslamach a bhfuil na meáin chumarsáide chomh ghafa leo!

Dubhaltach said...

"Dála an scéil, an bhfuil arabais agat?"
Níl ach tá Google Translate agam ;)

Dubhaltach said...

"Is fíor sin. Ach táimid ag clos faoi Baradei agus an Bráithreachas Moslamach."

Táid eagraithe, cloíonn siad leis an gcruth a thaitníonn leis an meon buirgéiseach .i. ceannaire, leascheannaire, giollaí etc.

Níl an cruth céanna ar na daoine atá ar na sráideanna, na réabhlóidí. Sin an fáth arís go bhfuilid ag iarraidh: "..muide féin a eagrú i gcomhairlí na ndaoine a thoghann a n-ardchomhairlí go daonlathach, agus ón bhun aníos.
Caithfidh na comhairlí seo ardchomhairle a bhunú a bhfuil toscairí ó gach claonadh san áireamh ann. Caithfidh muid ardchomhairle a thoghadh le daoine a dhéanfaidh ionadaíocht ar ár son, agus a bhfuil muinín againn astu. Glaoimid comhairlí na ndaoine a bhunú i gCearnóg na Saoirse, agus in achan cathair eile san Éigipt"

Sin an ghné is tábhachtaí den ráiteas thuas, gan aon agó. Tá todhchaí na hÉigipte ag brath ar cumas na ndaoine iad féin a eagrú.

aonghus said...

Räterepublik na hÉigipte? Súil agam go mbíonn toradh air - níos fearr na Weimar! Ach sílim go bhfaighidh dream eagraithe an cumhacht. An Airm, nó an Bráithreachas.

Dubhaltach said...

DAS tá an-mhuinín agam as a gcumas é sin a dhéanamh. Táid eagraithe cheana, ag glanadh na sráideanna, ag cruthú ospidéil, ionaid bhia, ionaid leapa, arm na ndaoine etc.

Dubhaltach said...

Cén fáth an eagla roimhe an Bráithreachas!?
Táid an-bheag, gan tionchar ar na ndaoine ar na sráideanna, agus, níl siad ag cur duine chun tosaigh san olltoghchán.

Tá seans níos fearr cinnte go dtógfaidh an t-arm an cumhacht. Tá $2 Billiúin de chuid lucht oibre SAM in aghaidh na bliana le cailliúint acu mura dtógann siad.
Agus mar is léir ón ráiteas, tá a fhios acu go maith nach bhfuil an t-arm ar a dtaobh!

aonghus said...

Toisc go bhfuilid eagraithe, struchtúr ordaithe acu, áit ag an mbord acu.

Agus toisc nach mian liom dialathas eile a fheiceáil - Críostaí ná Moslamach. Ní oibríonn siad don Stát ná don gCreideamh!

Dubhaltach said...

"Toisc go bhfuilid eagraithe, struchtúr ordaithe acu, áit ag an mbord acu.
Agus toisc nach mian liom dialathas eile a fheiceáil - Críostaí ná Moslamach. Ní oibríonn siad don Stát ná don gCreideamh!"

An bhfaca tú aon rud óna hÉigiptigh a chuirfeadh sé in iúl duit go mbeadh dialathas uathu?
Táid tinn tuirseach ag rá nach réabhlóid creidimh atá uathu.

Ba chóir go mbeimis buartha faoi SAM, Iosrael agus na ginearáil. Is leosan an chumhacht i gcónaí.

Tá púcaí á chruthú leis an gcaint seo go léir faoin BM chun coimeádaigh an Iarthair a scanradh!

aonghus said...

Ní fhaca. An t-imní atá orm ná go ngoidfear an réabhlóid, mar a tharla go minic cheana. (An Rúis, Weimar, Éire, ...)

aonghus said...

DAS tá chomh himníoch ceanna faoin dá dream a d'fheadfadh an réabhlóid a ghoid.

Ní chuirfinn as an áireamh go gcuirfeadh an airm gothaí "Ioslamacha" mar dhea orthu féin.

Dubhaltach said...

Tá na hÉigiptigh sóisialacha ag roinnt d'ábhar buartha.

Dubhaltach said...

An bhfaca tú an dlúthpháirtíocht idir Chríostaithe agus Mhoslamaigh inné?

http://www.youtube.com/watch?v=HoqwlmGww9Y

aonghus said...

Chuala faoi. Bhí a leathbhreac dé hAoine ann.

Fearn said...

"Is fíor sin. Ach táimid ag clos faoi Baradei agus an Bráithreachas Moslamach."

Ní ansa:

Baradei: Pearsa mór idirnáisiúnta: duais Nobel. 7rl, a bhfuil an Poncán geanúil air.

BM: Eagras a bhfuil fuath ag an Poncán air.


.i. Aigne an Phoncáin a bhfaighimid seachas aigne an Éigiptigh.

Dubhaltach said...

Sin agat é a Fhirn