Dé hAoine, Feabhra 04, 2011

M2011.02.02

Shuigh muid ar ár lámha, agus leanann muid ag suí ar ár lámha, ag ligean do dheachtóireacht agus a mhaistíní slad a dhéanamh ar na daoine ag léirsiú go cróga ar son daonlathais ina dtír.

Ach thar éinne eile ar domhan leis an tionchar díreach polaitíochta agus eacnamaíochta chun stop a chur leis an deachtóireacht -atá a rialtas ag maoiniú- is é Barack Obama an cladhaire is measa acu ar fad. Gan aon agó ar bith.

Tá sé an-shoiléir le an-fhada nach raibh daonlathas sa Mheánoirthear an chloch is mór ar phaidrín lucht caipitil san AE nó i SAM.
Mura raibh sé sin soiléir duit roimhe tá Wikileaks ag déanamh sár-oibre ag tabhairt an eolais agus a ghníomhaíochtaí frithdhaonlathacha thall chun solais.

Clibeanna Twitter le haghaidh na réabhlóidí atá ag cur as do phleananna eacnamaíochta agus polaitíochta an Iarthair sa réigiúin.

Aguisín:
Tá na milliúin daoine ag léirsiú go síochánta ar na sráideanna, ag canadh agus ag béicíl.
Tá an tuairisciú is fearr le feiceáil ar AlJazerra Beo

3 comments:

aonghus said...

Cad ba cheart dúinne a dhéanamh, dar leat?

Táim féin in amhras go dtig linn mórán a dhéanamh seachas tacaíocht (gan chostas) a léiriú.

Cuireann sé lagmhisneach orm an chuí go níonn muid san Iarthar na botúin céanna arís is arís eile fiú le sampla an chuidithe don Ghearmáin Thiar agus don Seapáin tar éis an chogadh os comhair ár súile.

Sa bhfad théarma, is chun ár leas é daonlathas - fíor daonlathas, a fhásann as ithir na tíre - a spreagadh.

Dubhaltach said...

Is dóigh nuair scríobh mé "muid" thuas, bhíos ag scríobh faoin "muid" sin a chlúdaíonn an té is lú cumhachta .i. an t-oibrí, suas go dtí an té is cumhachtaí .i. an polaiteoir agus an maorlathach sa Bhruiséil. Mar an gcéanna le rialtas i SAM.

Le pobal gníomhach tuisceanach idéalach, abair, bheadh an lucht oibre i SAM agus san Eoraip amuigh ar na sráideanna ina gcéadta míle, agus ina milliúin ag taispeáint dlúthpháirtíochta leis an lucht oibre san Éigipt.
Ar nós na nÉigipteach, le cur in iúl dá maistrí féin nach nglacfaidh siad leis an tacaíocht airgeadais atá siad ag tabhairt don deachtóireacht. Ag rá go neamhbhalbh nach beidh luach a saothar á chaitheamh chun cos ar bholg a dhéanamh ar éinne eile.

Ar ndóigh d'fhreastail mé ar mo dhóthain léirsithe go bhfuil a fhios agam nach dtarlódh sé sin go deo.
Mar sin luíonn muid ar ár lámha.

"an chuí go níonn muid san Iarthar na botúin céanna arís is arís"

Bheinn den tuairim nach botúin iad. Ar chor ar bith.

aonghus said...

Ó thaobh a n-éifeacht, is ea.