Dé hAoine, Feabhra 11, 2011

M2011.02.12

Bhí sampla iontach aréir ar an "Late Debate" den chomhaontú láidir sin idir eacnamaithe, -go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta (buaiteoirí duaiseanna Nobel san áireamh)- agus polaiteoirí de gach claonadh idé-eolaíochta faoi cad ba chóir dúinn a dhéanamh le fiacha na sealbhóirí bannaí Gearmánacha, Francacha, Sasanacha etc sna bainc dhócmhainneacha.

Tá roinnt de le feiceáil ag 33 nóiméad 56 soicind ar aghaidh sa nasc thuas ina molann Doherty na cearrbhaigh idirnáisiúnta a "dhó".

Ní fhágann sé sin ach giollaí na maorlathach gaimbíneach sa Bhanc Ceannais Eorpach .i. Fáinne Fill, Fianna Gall agus Páirtí an Lucht Caipitil, ag rá anois nach féidir agus nár chóir amhlaidh a dhéanamh.
Ní raibh seans ar domhan ariamh go gcuirfinn mo vóta amú ar Fhianna Gael sa chéad dul síos, ag malartú tuídildom do tuídildí, agus thaispeáin Páirtí an Lucht Caipitil gur cuma leo faoi aon ní seachas mianta lucht caipitil san Eoraip.

Mar sin fágann sé sin Sinn Féin mar an t-aon pháirtí a dhéanfaidh athstruchtúrú "ar fhiachais bhainc, agus dófar na sealbhóirí bannaí sna bainc siúd atá dócmhainneach, lena n-áirítear Banc Angla-Éireannach. Cinnteoidh sé seo go gcaitear an cháin a bhailítear ar sheirbhísí poiblí Éireannacha – ní ar sheirbhísiú ná íoc an fhiachais a tabhaíodh trí na bainc a tharrtháil."

Tá mo ghuth-sa gnóthaithe acu ar aon chaoi.

4 comments:

Fearn said...

"Fáinne Fill, Fianna Gall agus Páirtí an Lucht Caipitil"

maith an baisteadh orthu!

Dubhaltach said...

Fuair mé "Fáinne Fill" ó Titley inné. Seancheann is ea Fianna Gall a deireann gach rud faoin pháirtí. Agus léigh mé ar áit éigin ar an idirlíon le déanaí an leasainm "Capital" le haghaidh Labour.

Dennis King said...

Éire: chomh saor leis an Éigipt?

Dubhaltach said...

Níl na hÉigiptigh ach ag tús a réabhlóide.